Aislingí Fánacha Cuid 2
24 Eanáir 2009, 4:01 PM GMT
Craobh Carraig Mhachaire Rois – Sna sála ar Chuid a hAon d’Aislingí Fánacha a rabh rath mór uirthi, tá Cuid a Dó ar fáil anois. Leanann Aislingí Fánacha 2 stíl agus cur chuige Aislingí Fánacha 1 agus naoi gcinn déag de scéalta taitneamhacha suimiúla inti a mhaireann 2½ uair a’ chloig. Dhá dhlúthdhiosca atá sa phacáiste chomh maith le sé leathanach de ghrianghrafanna.
Is nasc tábhachtach é Aislingí Fánacha idir an ré a chuaigh thart agus an ré i láthair.
De bhunadh na mBard é an t-údar agus eisean atá ag labhairt.
Taitneoidh Aislingí Fánacha leo siúd a bhfuil fuil na nGael iontu (agus fiú leofa siúd nach bhfuil!), le daoine ag athchuimhniú ar a n-óige agus iad ag éisteacht lena dtuistí, lena seantuistí agus leis na seanchomharsana.
B’fhéidir gur doiligh do roinnt mhaith daoine Éire a shamhlú gan an Tíogar Ceilteach ach osclóidh na dioscaí seo fuinneog shoiléir ar shaol eile, saol nach bhfuil ach glúin nó dhó imithe uainn.
Is iar-mhúinteoir meánscoile é Brian Mac a’ Bhaird agus tá cónaí air i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin lena chéile, Síle. Triúr clainne atá acu, iad fásta.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an údar ag bsward@eircom.net
Táthar ag dréim le Cuid 3 a bheith ar fáil Meán Fómhair 2009.
Póstáilte ag Monaghan
