Seisiún Amhránaíochta
4 Márta 2010, 12:03 PM GMT
Cultúrlann na hÉireann – Ta Seisiún Amhránaíochta á eagrú sa Chultúrlann (Baile na Manach) oíche an Luain 8 Mí na Marta 2010 ag tosú ag 8. i.n. Tá an seisiún seo á eagrú ag baill de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann go bhfuil suim faoi leith acu in amhránaíocht i nGaeilge. Tá sé beartaithe again sraith des na seisiún seo a eagrú i rith na míosa atá romhainn.
Ní ghlacfar ach le amhráin i nGaeilge ag an seisiún ach ceadófar Béarla agus Gaeilge i aon phlé a bheadh ar siúl.
I measc na n-amhráin a bhéas á gcasadh táimid ag siúil go mbeidh cuid des na hamhráin rithimiúla, agus an lucht éisteachta in ann teacht isteach leo, amhráin mar Cailleach an Airgid, Mise ‘gus Máire, Cailín Rua, Amhrán na Cuiginne, Máire Mhór, Oró Sé Do Bheatha ‘bhaile srl. Ar ndóigh beimid ag siúil go gcloisfear cuid des na hamhráin ‘mhóra’ freisin, ar nós Róisín Dubh, Bean Dubh A’ Ghleanna. Ní tharfar túsáite do aon stíl faoi leith.
Fáilte roimh cách. Táimid ag tosnú go luath (8.00 i.n.) chun freastal ar dhaoine óga.
Fear A’ Tí : Séamus Mac Mathúna (086 3532642) Facilitator: John Deaton
Póstáilte ag Brú Ború
