Oideachas

Ár gCláir Oideachais

An cultúr Gaelach á thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile, sin atá idir lámha againn. Más spéis leat ceol traidisiúnta na hÉireann nó más mian leat cur leis na scileanna atá agat ann, seans maith go bhfuil clár againn a d’oirfeadh duit.

Ar ndóigh, cosúil le gach cineál foghlama eile, dá mhéad a dhéanann tú iarracht sa rang nó sa scoil shamhraidh, is ea is mó tairbhe a bhainfidh tú as. Bíonn gá againn ar fad le cleachtadh, tuilleadh cleachtaidh, agus tuilleadh cleachtaidh ina dhiaidh sin!

Ach is mór is fiú é. Traidisiún iontach é an traidisiún Gaelach don té a ghlacann páirt ann — is beag caitheamh aimsire eile a thabharfaidh an oiread céanna taitnimh duit ar feadh do shaoil.

Back To Top

Cláir Ghaeilge

Tá cláir againn mar “Focal ar Fhocal” i gCraobh Chualann chun an Ghaeilge a thabhairt isteach i ngnáthshaol an Chomhaltais. Is maith linn go mbeadh Béarla agus Gaeilge á labhairt ag imeachtaí Comhaltais agus táimid ar aon intinn lenár gcairde i bhForas na Gaeilge gur cuid lárnach agus saibhir í an Ghaeilge dár n-oidhreacht náisiúnta. Is féidir an láithreán Gréasáin seo a léamh i nGaeilge amháin ach brú ar an nasc Gaeilge ar bharr gach leathanaigh. Déanaimid comhar le heagraíochtaí eile Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Acmhainní don chomórtas ‘Comhrá Gaeilge’.

Back To Top

Ranganna

Bíonn na céadta rang ar siúl chuile sheachtain in uirlisí éagsúla, san amhránaíocht agus sa damhsa Gaelach. Eagraíonn craobhacha áitiúla de Chomhaltas na ranganna seo ó théarma go téarma — b’fhéidir gur mhaith leat a fháil amach cá bhfuil do chraobh áitiúil. Is iomaí brainse inar féidir leat uirlis a fháil ar cíos nó ar iasacht má tá tú díreach ag tosú, go háirithe más mian leat uirlis chostasach mar an phíb uilleann nó an chruit a fhoghlaim.

Back To Top

Scoileanna Samhraidh

Má ghlacann tú páirt i gclár samhraidh (mar Scoil Éigse agus Scoil Shamhraidh Chónaithe Mheitheal an Cheoil beidh seans agat tréimhse leanúnach a chaitheamh ag cur feabhais ar do sheinm, d’amhránaíocht nó do dhamhsa féin i gceardlanna, ag léachtaí, i máistir-ranganna agus i gceachtanna. Is féidir leis an obair a bheith tuirsiúil ach bliain i ndiaidh bliana tagann mic léinn ar ais chugainn ó tugann na cláir shamhraidh seans do chách foghlaim ó na daoine is mó le rá sa cheol Gaelach.

Back To Top

Seisiúin

Bíonn seisiúin cheoil ar siúl go rialta i gcuid dár gcraobhacha. Is minic a bhíonn na seisiúin seo “mall” nó “measartha tapa” chun seans a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus is bealach iontach é chun an ceol a chlos i gcomhluadar, mar a bhí i gceist ag na daoine a chum é. Bíonn an-spraoi ag gach duine agus tiocfaidh feabhas mór ar do chluas nuair a thosaíonn tú ag seinm go rialta i seisiúin. I ngan fhios duit féin, fiú! Ar an leathanach Súimh ar an láithreán feicfidh tú cá háit a bhfuil an craobh Comhaltais is gaire duit — beidh mórchuid de na craobhacha ábalta a rá leat cá háit a mbailíonn ceoltóirí le chéile i do cheantar.

Back To Top

Foilseacháin

Uaireanta is fearr rud a scríobh síos. Tá cuid de na foinn thraidisiúnta is mó a thaitníonn le daoine ar fáil in ár leabhair Foinn Seisiúin agus ar na CDanna a ghabhann leo, agus tugann siad ábhar seisiúin duit in aon leabhar amháin. Chomh maith leis sin, tá leabhair ann a mhúineann ceol uirliseduit, leabhair fonn ó bhrainsí ar leith agus [leabhair cheoil eile] (#) a chuirfidh ag seinm thú gan mhoill. Ar ndóigh, is fearr múinteoir maith ná leabhar ar bith ach tabharfaidh na leabhair agus na taifeadtaí foinn nua duit agus cabhróidh chun na foinn atá foghlamtha agat a dhaingniú i do cheann.

Back To Top

Scrúduithe

Más dóigh leat go bhfuil tú ullamh faoi choinne scrúdaithe, is féidir leat tabhairt faoin Scrúdú Ceolta Tíre. Córas measúnaithe 12 leibhéal é seo. Déanfaidh tú scrúdú ní amháin i seinm an cheoil ach chomh maith leis sin sa teoiric, sa stair agus san ornáidiú a ghabhann le ceol traidisiúnta na hÉireann. Foghlaimíonn tú rogha ceoil atá oiriúnach don ghrád ag a bhfuil tú (ó shiollabas SCT agus tugann moltóir breithmheas ar do chumas seanma agus ar an eolas a léiríonn tú. Beidh aiste le scríobh agat le cois sna gráid is airde.

Back To Top

Oiliúint Múinteoirí

Má tá cuid mhaith taithí agat cheana féin mar mhúinteoir ceoil, seans go mba spéis leat an Cúrsa Teastas Teagaisc Ceolta Tíre do Mhúinteoirí. Neartóidh an cúrsa/scrúdú seachtaine seo d’eolas uirlise le grinnstaidéar ar theoiric agus ar stair an cheoil, ar theicnící teagaisc agus ar an oideolaíocht. Déanfar measúnú ar do chumas múinteoireachta i bhfíorsheomra ranga agus ar aiste a scríobhfaidh tú. Bronntar an Dioplóma TTCT ar mhúinteoirí a n-éiríonn leo sa chúrsa agus tabharfaidh sin le fios go bhfuil tú i measc na múinteoirí ceol traidisiúnta is fearr dá bhfuil againn.

Back To Top

Teastas Taibhithe

Tá cúrsa curtha le chéile againn i scileanna taibhithe sa cheol, san amhránaíocht agus sa damhsa traidisiúnta i gcomhar le FÁS agus FETAC. Teistiú fiúntach é seo a aithnítear go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Reachtáiltear an clár seo ag Ionad Cultúrtha Bhrú Ború i gCaiseal, Co. Thiobraid Árann.

Back To Top

Imeachtaí

Eagraímid clár iomlán imeachtaí oideachais, cosúil leis an ócáid bhliantúil, Tionól. Cuirimid léachtaí, taispeántais, ceardlanna agus ceolchoirmeacha ar fáil, uaireanta mar chuid de Fhleadh Cheoil na hÉireann.

Back To Top

Ónár mblog: Oideachas Scéalta

SCT Exams 2013
Foinn Seisiún 3

We launched Foinn Seisiún Book 3 the third in the popular Foinn Seisiún set of tunebooks at the Fleadh Cheoil na hÉireann in Tullamore. Brian Prior has collected another 108 great session tunes and arranged them in 38 session-ready sets for your use. Hope you find them helpful!

Tuilleadh le léamh Oideachas Scéalta »