Cúrsa an Teastais Teagaisc Cheol Tíre do Mhúinteoirí
An Teastas Teagaisc Cheol Tíre
Ní mór múinteoirí den scoth a bheith againn le go mbeidh an ceol ar an gcaighdeán is airde. Agus ní ón spéir ghorm anuas a thagann sármhúinteoirí — ach ó thraidisiún teagaisc ina dtugtar scileanna ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus ina ndéantar forbairt agus leathnú ar na scileanna sin. Is é an Teastas Teagaisc Cheol Tíre do Mhúinteoirí an bealach s’againne chun an taithí agus an t-eolas a sholáthar do mhúinteoirí ceoil thraidisiúnta a dhéanfaidh múinteoirí den scoth díobh.
Is é an cúrsa seo an bealach s’againne chun ardchaighdeán leanúnach a theistiú i measc oidí ceoil. Le cois an dioplóma, tuilleann múinteoirí, a n-éiríonn leo sa dianchúrsa seo, an ceart na ceannlitreacha “TTCT” a chur lena n-ainm. Níos tábhachtaí fós, bíonn tuiscint nua ag múinteoirí ar theoiric, stair, stíleanna agus oideolaíocht na n-ealaíon traidisiúnta i ndiaidh an chúrsa seo.
An Cúrsa Féin
Tá Cúrsa an Teastais Teagaisc Cheol Tíre do Mhúinteoirí ar fáil mar dhianchúrsa teagaisc agus meastóireachta seachtaine a chlúdaíonn gach gné de theagasc cheol traidisiúnta na hÉireann.
Tosaíonn an cúrsa tráthnóna Domhnaigh le seisiún eolais agus cur in aithne ginearálta. Gach maidin ina dhiaidh sin tugann Teagascóirí TTCT (saineolaithe aitheanta ina réimse féin) sraith léachtaí a chlúdaíonn na huirlisí éagsúla, stíleanna ceoil agus gnéithe de theoiric an cheoil. San iarnóin is ea an bhíonn an cleachtadh múinteoireachta, nuair a shuíonn múinteoirí faoi oiliúint síos le fíor-ranganna ceoltóirí ag leibhéil éagsúla.
Breathnaíonn na Teagascóirí TTCT na ranganna seo an tseachtain ar fad chun scileanna múinteoireachta na n-iarrthóirí a mheas i dteagasc duine le duine agus i rangmhúineadh, idir rang mór agus rang beag. Um thráthnóna tugann na teagascóirí a thuilleadh ranganna teagaisc. Ar ndóigh, agus an oiread sin ceoltóirí den scoth sa teach, ní haon ionadh go dtagann siad le chéile timpeall na tine le haghaidh seisiúin ó am go chéile!
Ar an Satharn, téann na hiarrthóirí faoin scrúdú deiridh, a chlúdaíonn teoiric an cheoil, aithint fonn agus stíleanna, ornáidiú agus topaicí nach iad. Baintear úsáid as torthaí an scrúdaithe, in éineacht le meastóireachtaí na dTeagascóirí, chun a shocrú an mbronnfar an Teastas Teagaisc Cheol Tíre.
Ag tabhairt faoin gCúrsa/Scrúdú TTCT
Reachtáltar an TTCT an chéad tseachtain de mhí Iúil gach bliain. Chun cáiliú don chúrsa, ní mór d’iarrthóirí
- bheith 18 bliain d’aois ar a laghad
- trí bliana taithí múinteoireachta a bheith acu
- pas a fháil i dtriail éisteachta.
Clárú
Is féidir foirm iarratais TTCT a íoslódáil ónár láithreán Gréasáin. Iarrtar ort an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig:
TTCT
Comhaltas Ceoltóirí Éireann
32 Cearnóg Belgrave
Baile na Manach
Co. Bhaile Átha Cliath
Éire
nó í a chur i ríomhphost chuig eolas@comhaltas.ie
