Competitions

Fleadh Cheoil

Ritheann Comhaltas féilte éagsúla bliantúla de cheol, damhsa, amhránaíocht traidisiúnta agus Gaeilge ar a dtugtar an Fleadh Cheoil - “Féile (nó féasta) ceoil”. Clúdaíonn an Fleadh féilte a tharlaíonn ag leibhéil áitiúla, cúigeacha agus uile-Éireann.

Fógraítear an t-ionad don bhFleadh Uile-Éireann bliantúil i Meán Fómhair na bliana roimhe. Meallann an Fhleadh na mílte de lucht ceoil gach bliain. Is deacair fuinneamh na hócáide seo a chur i bhfocail; níor mhór duit a bheith i láthair go bhfeicfeá seisiúin cheoil faoi lánseoil i ngach pub agus óstán agus fiú ar chúinní sráide!

Glacann suas le 12,000 ceoltóir agus oirfeadach páirt sa bhFleadh agus bíonn tuairim is 200,000 de lucht éisteachta ann. Bíonn an-tóir ar dhuaiseanna na Fleadh ach thairis sin is cineál fuinneog í an Fhleadh a thaispeánann cultúr na hÉireann don domhan mór.

Eagar na gComórtas

Bíonn iomaitheoirí de gach aois i láthair ag an bhFleadh ó gach cearn den domhan. Eagraítear na comórtais i gceithre cinn d’aoisghrúpaí (Faoi 12, 12-15, 15-18 agus Sinsearach) agus áirítear orthu formhór na n-uirlisí traidisiúnta (an fidil, an fhliúit, an phíb uillinn, an bainseo, an bosca ceoil, etc.). Bíonn comórtais amhránaíochta ann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, agus comórtais do ghrúpaí ceoil (bannaí píbe agus céilí, díséid agus tríréid, etc.)

Bíonn ar iomaitheoirí ó réigiúin a mbíonn babhtaí cáiliúcháin acu cáiliú ag leibhéal réigiúnach sula sroicheann siad an babhta uile Éireann. In Éirinn, mar shampla, caithfidh ceoltóirí bua a fháil i bhFleadh an Chontae agus i bhFleadh an chúige chun dul ar aghaidh chuig an babhta deireadh ag an bhFleadh Uile-Éireann.

Seinneann na hiomaitheoirí os comhair moltóir nó moltóirí i ngach babhta. Sárcheoltóirí agus saineolaithe sa cheol traidisiúnta atá sna moltóirí. Glacann na moltóirí nótaí cúramacha i dtaobh gach iomaitheora a chuirtear ar fáil dó nó di i ndiaidh an bhabhta. Bíonn an seomra lán go béal le cairde, teaghlach agus lucht tacaíochta. Fógraíonn an moltóir na torthaí ag deireadh an chomórtais agus is minic a thugann siad leid nó dhó i dtaobh an rud a bhí á lorg acu ón iomaitheoir.

Márta 2024
S M T W T F S
25 26 27 28 29 1 2
3 4 5 6 7 8 9
10 11 12 13 14 15 16
17 18 19 20 21 22 23
24 25 26 27 28 29 30
31 1 2 3 4 5 6