Music Schools
Más dóigh leat go dtaitneodh an dúshlán leat cúig lá a chaitheamh sáite go hiomlán sa cheol traidisiúnta, b’fhéidir gur clár scoil cheoil an rud atá uait. Ar na dianchúrsaí seo, chífidh tú diminsean nua le traidisiún na hÉireann agus foghlaimeoidh ó na máistrí. Beidh seans agat tuilleadh a fhoghlaim faoi d’uirlis nó tabhairt faoin amhránaíocht le dearcadh úr, bheith i gcomhluadar le ceoltóirí eile agus ceol a sheinm nó amhrán a rá os comhair lucht éisteachta léirthuisceanach. Arbh fhéidir leis a bheith níos fearr?