ComhaltasLive #280 (Full Programme)
An tseachtain seo tá ceol ó bhFleadh Cheoil na hÉireann Lúnasa 2008, An Tulach Mhór againn arís. Is iad na ceoltóirí atá le feiceáil ná Darren McGee (fidil), Rosie Ferguson (Fidil) Declan McGee (fidil) Louise Mulcahy (feadóg mhór) Mairéad Mc Manus (feadóg mhór), Aoife Granville ar an bhfeadóg mhór agus Deirdre Granville ar an gcruit.
| Time | Segment |
|---|---|
| 00:00 | Dreas ríleanna á sheinnt ag fidléirí Darren McGee agus Rosie Ferguson le tionlacan ó Declan McGee. Is as Contae an Dúin iad go léir. Ta baint leis an céad ríl ( Gléas C Mór) leis an bhfidléir Larry Redican agus le Andy McGann. ‘Sé teideal an dara ríl ( Gléas F Mór) ná ‘The Humours of Westport’ agus is ‘Roaring Mary’ atá á chasadh ag a deireadh. Rinneadh an taifeadán seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí, Lúnasa 2008. |
| 04:03 | Is ríl anseo a chum Liz Carroll (The Wrong Roll) atá le cloisteáil leis an ríl eile ‘Put Me in the Big Chest’. Is iad an trúir atá ag casadh feagóga ná Louise Mulcahy (Co. Luimnigh) Mairéad McManus (Glaschú) agus Aoife Granville. Is deirfiúir í le Aoife Deirdre Granville atá ag casadh an cruit. |
| 06:58 | Rinneadh an taifeadán seo i rith comórtais na mBannaí Ceoil Sinsear ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá ‘Breffni Céilí Band’ as Co an Chabháin ag casadh rogha portanna dúbalta. |
| 09:16 | Bhuaigh an Banna Ceoil as Chontae an Chláir - Ceoltóirí na Mainistreach an triú áit i gcomórtas ’ Bannaí Ceoil Sinsear’. Sé teideal an chéad ríl atá le cloisteáil anseo ná Rhattigans. |
| 11:55 | Ghlac Eilís Nic Aogáin páirt sa chomórtas ‘Fidil Sinsear’ ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana. Chas sí an port - ceithre pháirt - The Humours of Ballyloughlin. |
| 14:29 | Is an ríl ‘Lord Gordon’s’ atá á chasadh ag an bhfidléir ó Ghaschú, Alban, Johnny Canning a bhuaigh an dara duais sa chomórtas. |
| 18:15 | Is í seo Ciara Brennan (Cumann na bPiobairí Uilleann CCÉ Baile Átha Cliath) agus í ag casadh sa chomórtas ‘Fidil Sinsear’ ag Fleadh Cheoil na hÉireann, An Tulach Mhór, Lúnasa 2008. |
- Date
- 27 Nov, 2008
- Created By
- Willie Fogarty
- Source
- ComhaltasLive
| Performers/Subjects | Instruments |
|---|---|
| Darren McGee | Fiddle |
| Rosie Ferguson | Fiddle |
| Rosie Ferguson | Fiddle |
| Declan McGee | Guitar |
| Louise Mulcahy | Flute |
| Mairéad McManus | Flute |
| Deirdre Granville | Flute |
| Aoife Granville | Harp |
| Breffni Céilí Band | |
| Ceoltóirí na Mainistreach | |
| Eilís Nic Aogáin | |
| Johnny Canning | Fiddle |
| Ciara Brennan | Fiddle |
This
work is licensed under a Creative Commons
Attribution-Noncommercial 2.5 License.
Programme: ComhaltasLive Programme #280
- ComhaltasLive #280-7: Ciara Brennan at the All-Ireland
- ComhaltasLive #280-6: Johnny Canning on Fiddle
- ComhaltasLive #280-5: Eilís Nic Aogáin in the Senior Fiddle
- ComhaltasLive #280-4: Ceoltóirí na Mainistreach Reels
- ComhaltasLive #280-3: Breffni Céilí Band Jigs
- ComhaltasLive #280-2: Flute Trio at Scoil Éigse
- ComhaltasLive #280-1: Darren McGee and Rosie Ferguson
