ComhaltasLive #309 (Full Programme)

Time Segment
00:00 Seo an fhidléir, John Daly, (lonnaithe i Chicago) ag casadh dhá phort dá chuid féin - “An Currach” agus “Jack Allen’s”. Deineadh an taifead seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2003 i Lios Tuathail agus is é Eddie Whelan as Biorra, Co.Uíbh Fhailí atá á thionlacan ar an ngiotár.
02:23 Banna Céilí Dartry as Sligeach mar ar chas siad agus craobh na hÉireann á bhuachaint acu ag Fleadh 2009 sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí. Is é Séamus Mac Cormaic, Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann atá ag bronnadh an corn ar Philip Duffy, ceannasaí an bhanna. Is iad “Down the Broom” agus “Creggs Pipes” na ríleanna.
05:16 Trí ghlúin fhidléirí ag Fleadh na hÉireann 2009 ar an Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí - ó chlé - John Hamilton (Co.Mhuineacháin), Austin Dawe agus Tadhg Mulligan (as Dún Dealgan beirt). Casann siad an port “The Butchers’ March” agus an ríl “Miss Monaghan”. Cuirimid ár ndea-ghuí chuig Austin go mbiseoidh sé go luath de bharr thimpiste le déanaí.
08:38 Seo Ned Kelly, An tAonach, Co.Thiobraid Árainn ar an gcairdín (buaiteoir 1ú áit 1992) agus Michael Harrison, fidléir agus buaiteoir 1ú áit sa bhliain 2005 agus iad ag casadh dreas ríleanna ag tosú le “Trim the Velvet”. Deineadh an taifead seo sa bhliain 2003.
11:22 Ag comórtas na bhfidléirí (sinsir) ag Fleadh na hÉireann 2009 ar an dTulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí - Mairéad Ní Mhocháin as Baile an Choiligh, Co.Chorcaí ag casadh ceann de ríleanna Ed Reavy - “Leddy from Cavan”.
13:45 Seo Enda McGreevy, CCÉ Elphin, Co.Ros Comáin agus leagan dhá-pháirte den port “Tell Her I Am” i gcomórtas na bhfidléirí sinsir ar an Tulach Mhór i 2009.
14:22 Seo sár-fhidléir, Kathleen Sheerin, CCÉ an Mhóta, Co.na hIarmhí ag casadh chornphíopa sa chomórtas do fidléirí sinsir ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí sa bhliain 2009.
16:27 Seo Johnny Canning, (1ú áit), fidléir as Glascú na hAlban, agus ríl “Black Pat’s” á chasadh aige sa comórtas do na fidléirí sinsir ar an Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí 2009. Is iad na moltóirí, Geraldine Smith agus John McHugh, atá ag bronnadh an trófaí ar Johnny.

Download Audio

Date
6 March 2010
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
John Daly Fiddle
Eddie Whelan Guitar
Dartry Céilí Band
John Hamilton Fiddle
Austin Dawe Fiddle
Tadhg Mulligan Fiddle
Ned Kelly Button Accordion
Michael Harrison Fiddle
Mairéad Ní Mhocháin Fiddle
Enda McGreevy Fiddle
Kathleen Sheerin Fiddle
Johnny Canning Fiddle

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Programme #309

Share Content

Leave a Comment

RSS Feed (What is this?)