ComhaltasLive #312 (Full Programme)
| Time |
Segment |
| 00:00 |
Dreas ríleanna ó thriúr fidléir - na deirfiúracha Keane, Liz agus Yvonne, Co.na Gaillimhe in éineacht Breda Smith, ball de chlann cheolmhar eile i gCo. Mhaigh Eó ag casadh ag seisiún sráide ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Lios Tuathail sa bhliain 2001. |
| 02:23 |
Seo John Regan, sár-bhoscadóir, ag casadh dhá ríl ag coirm cheoil mór na féile Cooley/Collins 25 Deireadh Fomhair 2009. Críochníonn sé leis an ríl “An Néal faoi Shiúl” (The Moving Cloud) agus is í Patsy Broderick ón nGaillimh atá á thionlacan ar an bpianó. As Condae Shligigh do John ó thús. |
| 05:34 |
Roinnt teagascóirí as Scoil Éigse ag casadh dhá phort - “The Mill Pond” a thaifead an Lough Gill Quartet siar sa bhliain 1941 agus port a ghlaoitear “The North Clare Jig” air go minic. I measc na gceoltóirí - chun tosaigh, ón gclé tá na fidléirí Paddy Ryan, Nicky McAuliffe, Kathleen Nesbitt agus Connie O Connell; taobh thiar: ón gclé - Anne McAuliffe (Fliút), Mary Tisdall O Sullivan (Consairtín), Nóirín Ní Shúileabháin (Feadóg); Mary Crowley (Cáirdín Pianó) agus Maria Lynn McHugh. |
| 07:52 |
Seo beirt theagascóir Scoil Éigse ag Fleadh na hÉireann 2009 sa Tulach Mhór - Brian McNamara (Píob Uilleann) as Co.Liatroma agus Gráinne Hambly (Cláirseach) as Co.Mhaigh Eó. Casann siad fonn mall fíor shean agus a bailíodh thart ar 1700 - “The Clergy’s Lamentation”. Leantar sin le port luascadh a luaitear go hiondúil leis an fidléir as Nua Eabhrach - Larry Redican. |
| 11:12 |
Seo triúr cheoltóir den scoth ag casadh ceoil ag seisiún sráide ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Lios Tuathail sa bhliain 2001 - trí ríleanna ón bhfidléir Oisín Mac Diarmada, Brian Fitzgerald (Bainseó) agus Seán McElwaine (Bazouki). |
| 13:35 |
Seo í Zoe Conway, CCÉ Dún Dealgan, Co.Lughaidh ag casadh an ríl iolpháirteach “Jenny’s Welcome to Charlie” agus an chéad áit á buachaint aici sa chomórtas do fidléirí os cionn 18 (sinsir) ag Fleadh na hÉireann i Lios Tuathail sa bhliain 2001. Iniata sa físeán seo tá Joan Burke ag bronnadh an corn ar Zoe, maraon leis na moltóirí eile - John McEvoy agus Dónal O Connor. |
| 18:23 |
Seo dreas ríleanna ag críochnú le “Bean a’ Tí” á chasadh ag beirt fhidléir as Co. Chill Dara - Eithne Ní Chatháin agus Afrik Boylan. Is ag seisiún sráide a taifeadadh an ceol seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Lios Tuathail sa bhliain 2001. |
Download Audio
- Date
- 1 April 2010
- Created By
- Willie Fogarty
- Source
- ComhaltasLive
| Performers/Subjects |
Instruments |
| Liz Keane, Yvonne Keane, Breda Smyth |
Fiddle |
| John Regan |
Button Accordion |
| Patsy Broderick |
Piano |
| Paddy Ryan, Nicky McAuliffe, Kathleen Nesbitt and Connie O'Connell |
Fiddle |
| Anne McAuliffe |
Flute |
| Mary Tisdall O'Sullivan |
Concertina |
| Nóirín Ní Shúileabháin |
Tin Whistle |
| Mary Crowley |
Accordion |
| Maria Lynn McHugh |
Piano |
| Brian McNamare |
Uilleann Pipes |
| Gráinne Hambly |
Harp |
| Oisín Mac Diarmada |
Fiddle |
| Brian Fitzgerald |
Banjo |
| Seán McElwaine |
Bazouki |
| Zoe Conway |
Fiddle |
| Eithne Ní Catháin and Afrik Boylan |
Fiddle |
This
work is licensed under a Creative Commons
Attribution-Noncommercial 2.5 License.
Keywords for This Entry
Fleadh, Competition, Session, ComhaltasLive, Concert, Trio, Duet, Solo, Reel, Jig, Air, Slip Jig