Programme: ComhaltasLive Programme #280
-
- ComhaltasLive #280 (Full Programme)
An tseachtain seo tá ceol ó bhFleadh Cheoil na hÉireann Lúnasa 2008, An Tulach Mhór againn arís. Is iad na ceoltóirí atá le feiceáil ná Darren McGee (fidil), Rosie Ferguson (Fidil) Declan McGee (fidil) Louise Mulcahy (feadóg mhór) Mairéad Mc Manus (feadóg mhór), Aoife Granville ar an bhfeadóg mhór agus Deirdre Granville ar an gcruit.
-
- ComhaltasLive #280-7: Ciara Brennan at the All-Ireland
Is í seo Ciara Brennan (Cumann na bPiobairí Uilleann CCÉ Baile Átha Cliath) agus í ag casadh sa chomórtas ‘Fidil Sinsear’ ag Fleadh Cheoil na hÉireann, An Tulach Mhór, Lúnasa 2008.
-
- ComhaltasLive #280-6: Johnny Canning on Fiddle
Is an ríl ‘Lord Gordon’s’ atá á chasadh ag an bhfidléir ó Ghaschú, Alban, Johnny Canning a bhuaigh an dara duais sa chomórtas.
-
- ComhaltasLive #280-5: Eilís Nic Aogáin in the Senior Fiddle
Ghlac Eilís Nic Aogáin páirt sa chomórtas ‘Fidil Sinsear’ ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana. Chas sí an port - ceithre pháirt - The Humours of Ballyloughlin.
-
- ComhaltasLive #280-4: Ceoltóirí na Mainistreach Reels
Bhuaigh an Banna Ceoil as Chontae an Chláir - Ceoltóirí na Mainistreach an triú áit i gcomórtas ’ Bannaí Ceoil Sinsear’. Sé teideal an chéad ríl atá le cloisteáil anseo ná Rhattigans.
-
- ComhaltasLive #280-3: Breffni Céilí Band Jigs
Rinneadh an taifeadán seo i rith comórtais na mBannaí Ceoil Sinsear ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá ‘Breffni Céilí Band’ as Co an Chabháin ag casadh rogha portanna dúbalta.
-
- ComhaltasLive #280-2: Flute Trio at Scoil Éigse
Is ríl anseo a chum Liz Carroll (The Wrong Roll) atá le cloisteáil leis an ríl eile ‘Put Me in the Big Chest’. Is iad an trúir atá ag casadh feagóga ná Louise Mulcahy (Co. Luimnigh) Mairéad McManus (Glaschú) agus Aoife Granville. Is deirfiúir í le Aoife Deirdre Granville atá ag casadh an cruit.
The music was recorded at Scoil Éigse 2008 in Tullamore, Co. Offaly.
-
- ComhaltasLive #280-1: Darren McGee and Rosie Ferguson
Dreas ríleanna á sheinnt ag fidléirí Darren McGee agus Rosie Ferguson le tionlacan ó Declan McGee. Is as Contae an Dúin iad go léir. Ta baint leis an céad ríl ( Gléas C Mór) leis an bhfidléir Larry Redican agus le Andy McGann. ‘Sé teideal an dara ríl ( Gléas F Mór) ná ‘The Humours of Westport’ agus is ‘Roaring Mary’ atá á chasadh ag a deireadh.
Rinneadh an taifeadán seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí, Lúnasa 2008.
