Programme: ComhaltasLive Clár #359
-
- ComhaltasLive #359 (Clár Iomlán)
-
- ComhaltasLive #359-9: Dylan Foley
Agus ag an seisiún céanna chas Dylan Foley (Nua Eabhrach) dhá ríl an-deas – “St. Ruth’s Bush” agus “Ríl Connie O’Connell”.
-
- ComhaltasLive #359-8: Caitlín Nic Gabhann, Dan Gurney agus Dylan Foley
Seo seisiún neamhfhoirmeálta a dtáinig muid treasna ar in Óstán an Cavan Crystal ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2011. Is iad na ceoltóirí atá páirteach ann ná Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí, Dan Gurney (cairdín), Hasbrouck Hts., New Jersey, S.A.M., agus Dylan Foley (Nua Eabhrach) ar an bhfidil. Casann siad rogha deas jigeannaí.
-
- ComhaltasLive #359-7: Banna Céilí An Burning River
I gcomórtas na mbannaí ceoil (Ó-18) ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán, Lúnasa 2011 bhí Banna Céilí “An Burning River” as Cleveland, Ohio i Meiriceá agus chas siad dhá ríl – leagan de “Rogha Learaí” (Paddy Ó Briain a chum) agus “Fiuchaigh an bricfeasta go luath”.
-
- ComhaltasLive #359-6: Banna Céilí Shannonvale
Seaimpíní na hÉireann – Banna Céilí Shannonvale ón mBaile Dubh, Co. Chiarraí – seo iad ag casadh “Cornphíopa P.J. McMahon”.
-
- ComhaltasLive #359-5: Clár Áine Ní Chiaráin
B’é Clár Áine Ní Chiaráin, CCÉ Cill Achaidh i gCo. Uíbh Fháilí agus leagan Gaillimheach Thoir den ríl “An Colúr ar an nGeata” á casadh aici.
-
- ComhaltasLive #359-4: Jack Bogard
Sa chomórtas céanna (fidil faoi 18) seo é Jack Bogard as Cinncinnati, Ohio sna Stáit Aontaithe agus ríl á chasadh aige.
-
- ComhaltasLive #359-3: Claire Bohan
Seo í Claire Bohan as Droim ar Snámh, Co. Liatroma agus port á casadh aici nuair a ghnóthaigh sí an tríú áit sa chomórtas fidle (faoi 18).
-
- ComhaltasLive #359-2: Bhanna Céilí St Roch
Roinnt ríleanna ó Bhanna Céilí St Roch as Glaschú na hAlban – “An Bailitheoir as Longphort” agus “Na Céimeanna Clochach”.
-
- ComhaltasLive #359-1: Banna Céilí Awbeg
Ag baint amach an dara áit i gcomórtas na mbannaí céilí (O-18) seo é Banna Céilí Awbeg, CCÉ Chraobh Chrónáin, Corcaigh, ag casadh dreas poirt – “An Tobar Dúile” agus “Buachaillí an Bhaile”.
