Accordion
-
- ComhaltasLive #363-5: Vanessa Millar
- 3 November 2011
Ba í Vanessa Millar, Kilmihill, Co. an Chláir, a bhuaidh craobh na hÉireann sa chomórtas do bhoscadóirí O-18. Casann sí ríl anseo.
-
- ComhaltasLive #362 (Clár Iomlán)
- 29 October 2011
Gach mír ó Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán 2011.
-
- ComhaltasLive #362-7: Máirtín Ó Donnchú
- 25 October 2011
Ceann de uas-eagraitheoirí Fleadh Cheoil na hÉireann – Máirtín Ó Donnchú ag casadh ríl sa chomórtas do bhoscadóirí O-18. Tráthúil go leor ba Cabhánach eile – Ed. Reavy (nach maireann) – a chum an ríl “An Lána go dtí an Gleann”.
-
- ComhaltasLive #362-4: Ronán Ó Ceannabháin
- 22 October 2011
Sa chomórtas céanna bhí Rónán Ó Ceannabháin, CCÉ Carna, Co. na Gaillimhe agus chas sé cornphíopa – “Droichead Tuamhumhan”.
-
- ComhaltasLive #362-3: Máirtín Ó Conaill
- 21 October 2011
Seo Máirtín Ó Conaill, CCÉ Cúil an tSúdaire, Co. Laoise, sa chomórtas bhosca ceoil (O-18) ag casadh jig. Ghnóthaigh sé an tríú háit.
-
- ComhaltasLive #362-2: Dylan Foley, Dan Gurney agus Caitlín Nic Gabhann
- 20 October 2011
Ag seisiún neamhfhoirmeálta in Ostán an Cavan Crystal chas an bheirt cheoltóir as Nua Eabhrach – Dylan Foley agus Dan Gurney (Fidil agus Bosca Ceoil fá seach) agus Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí dreas deas ríleanna – “Ríl Josie Mc Dermott” agus “Aistear go hAonach” (Seán Ó Riain {nach maireann} a chum).
-
- ComhaltasLive #361 (Clár Iomlán)
- 16 October 2011
Baineann gach mír le Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán sa bhliain 2011.
-
- ComhaltasLive #361-11: Michael Curran
- 15 October 2011
Do rug Mícheál Ó Curraoin, CCÉ Ghleann an Chlochair, Co. Thír Eoghain, an dara áit leis sa chomórtas do bhoscadóirí sinsir agus anseo casann sé cornphíopa.
-
- ComhaltasLive #361-7: Vanessa Millar
- 11 October 2011
Bhuaidh Vanessa Millar as Kilmihill, Co. an Chláir an chéad áit I gcomórtas an bhosca cheoil (sinsir) – anseo casann sí “Cornphíopa an Leibhéal Áird”. Sa lucht féachana tá an dá bhoscadóir aitheanta – Bobby Gardiner agus Seán Norman.
-
- ComhaltasLive #359 (Clár Iomlán)
- 19 September 2011
-
- ComhaltasLive #359-8: Caitlín Nic Gabhann, Dan Gurney agus Dylan Foley
- 17 September 2011
Seo seisiún neamhfhoirmeálta a dtáinig muid treasna ar in Óstán an Cavan Crystal ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2011. Is iad na ceoltóirí atá páirteach ann ná Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí, Dan Gurney (cairdín), Hasbrouck Hts., New Jersey, S.A.M., agus Dylan Foley (Nua Eabhrach) ar an bhfidil. Casann siad rogha deas jigeannaí.
-
- ComhaltasLive #358 (Clár Iomlán)
- 9 September 2011
Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa 2011.
-
- ComhaltasLive #358-4: Mhúinteoirí Scoil Éigse
- 2 September 2011
D’fhreastail os cionn 800 daoine óga as Éirinn agus ó thíortha thar lear ar an Scoil Éigse sa Chabhán. Bhí os cionn 70 saoi-mhúínteoirí i bhfeidhil na ranganna. Casann ceathrar den bhfoireann – Pádraig agus Sabina Mc Govern, Erin Finn agus Aileen Geoghegan dreas ríleanna ag tosú leis an “Fisherman’s Lilt” (Ed. Reevy a chum). q Download Audio
-
- ComhaltasLive #356 (Clár Iomlán)
- 28 August 2011
ComhaltasLive Clár #357
-
- ComhaltasLive #357-13: Shane Furlong
- 26 August 2011
Ar tí craobh na hÉireann a bhuachaint i gcomórtas an bhosca ceoil faoi-12 ag an bhFleadh Cheoil I Lios Tuathail sa bhliain 2002 seo é Shane Furlong as Móinteach Mílic, Co. Laoise ag casadh ríl.
-
- ComhaltasLive #357-5: Martin Connolly
- 18 August 2011
Ag ceolchoirm iar-seaimpíní ar an mbosca ceoil sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fháilí ar an 29ú Aibreán, 2011 thaifead muid Martin Connolly as Inis, Co.an Chláir ag casadh an dá ríl – “Bonnie Kate” agus “Jenny’s Chickens”. ‘Sé Frank Kelly atá i mbun an tionlacain.
-
- ComhaltasLive #356-7: Daniel O’Regan
- 11 August 2011
Dublin accordion player Daniel O’Regan plays a reel recorded at Fleadh Cheoil na hÉireann 1999, when he won the All-Ireland Under-18 title.
-
- ComhaltasLive #356-4: Four Young Musicians
- 8 August 2011
Four young musicians recorded at the Munster Fleadh in Ballincollig, Co. Cork (left to right): Gearóid (banjo) and Darragh Curtin (fiddle), Brian O’Leary (accordion) and Suzanne Curtin (concert flute). The Curtin family are from Templeglantine CCÉ, Limerick and Brian O’Leary is from Gneevenaguilla, Co. Kerry. Incidentally, Brian is grandson of the legendary accordion player the late Johnny O’Leary. They play a selection of reels: “The Honeymoon Reel” and “O’Dwyer’s Reel”.
-
- ComhaltasLive #354 (Clár Iomlán)
- 21 July 2011
ComhaltasLive Clár #354
-
- ComhaltasLive #354-8: Darren Breslin
- 20 July 2011
Seo é Darren Breslin, boscadóir críochnaithe, ag casadh dreas phoirt ag seisiún sráide ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Leitir Cheanainn sa bhliain 2005.
