ComhaltasLive
-
- ComhaltasLive #310-7: Aoife Ní Argáin
- 13 March 2010
Seaimpín (fé 15) na hÉireann 2007 ar an gconsairtín - Aoife Ní Argáin (CCÉ, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath) agus an ríl “Jenny Picking Cockles” á chasadh aici.
-
- ComhaltasLive #310-6: Sadhbh Peat agus James Doolan
- 12 March 2010
Seo ceoltóirí as Bhaile Átha Cliath - Sadhbh Peat (Artane) ar an gconsairtín agus James Doolan ar an mbodhrán - agus iad ag casadh trí ríl - “The College Groves”, The Lads of Laois” agus “Barr na Sléibhe” ag seisiún neamhfhoirmeálta ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009.
-
- ComhaltasLive #310-5: Scoil Éigse Tutors
- 11 March 2010
Dhá phort - “The Fairhaired Boy” agus “Anthony Frawley’s” á gcasadh ag seachtar theagascóir Scoil Éigse ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009 sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí.
-
- ComhaltasLive #310-4: Etain Roe
- 10 March 2010
Seo Etain Roe, CCÉ North London, Sasana, ag portaireacht agus Ríl Iníon Mhic Leoid ar siúl aici.
-
- Triúr fhidléir as Pearl River
- 9 March 2010
Triúr fhidléir as Pearl River, Nua Eabhrach, Na Stáit Aontaithe - Erin Loughran, Maeve Flanagan, agus Deirdre Brennan ag casadh chornphíopa “Jim Irwin” (Ed Reavy a chum) agus dhá ríl “The Godfather” agus “The Atlantic Wave”.
-
- ComhaltasLive #310-2: Kathleen Nesbitt agus Martin Power
- 8 March 2010
Kathleen Nesbitt (fidléir) as Loughmore, Co.Thiobraid Árann in éineacht le Martin Power (cairdín pianó) as Baile an Choiligh, Co.Chorcaí ag casadh dhá phort - an chéád ceann - “Port James Murray” agus an dara ceann - “Slán le Ballinamunna” (luaite leis an sár-fhidléir Chiarraí - Paddy Cronin). Deineadh an taifead seo sa Chultúrlann i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2003.
-
- ComhaltasLive #310-1: Conor McEvoy
- 7 March 2010
Seo seaimpín na hEireann 2003 (Fidil fé 18), Conor McEvoy, ón Uaimh, Co.na Mí agus an ríl “Jenny’s Welcome to Charlie” á casadh aige díreach i ndiaidh an comórtas a bhuacaint.
-
- ComhaltasLive #309 (Full Programme)
- 6 March 2010
This programme contains some of the winning performances from Fleadh Cheoil na hÉireann 2009, which was held in Tullamore, Co. Offaly.
-
- ComhaltasLive #309-8: Johnny Canning wins at Fleadh 2009
- 5 March 2010
Seo Johnny Canning, (1ú áit), fidléir as Glascú na hAlban, agus ríl “Black Pat’s” á chasadh aige sa comórtas do na fidléirí sinsir ar an Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí 2009. Is iad na moltóirí, Geraldine Smith agus John McHugh, atá ag bronnadh an trófaí ar Johnny.
-
- ComhaltasLive #309-7: Kathleen Sheerin at Fleadh 2009
- 4 March 2010
Seo sár-fhidléir, Kathleen Sheerin, CCÉ an Mhóta, Co.na hIarmhí ag casadh chornphíopa sa chomórtas do fidléirí sinsir ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí sa bhliain 2009.
-
- ComhaltasLive #309-6: Enda McGreevy at Fleadh 2009
- 3 March 2010
Seo Enda McGreevy, CCÉ Elphin, Co.Ros Comáin agus leagan dhá-pháirte den port “Tell Her I Am” i gcomórtas na bhfidléirí sinsir ar an Tulach Mhór i 2009.
-
- ComhaltasLive #309-5: Mairéad Ní Mhocháin at Fleadh 2009
- 2 March 2010
Ag comórtas na bhfidléirí (sinsir) ag Fleadh na hÉireann 2009 ar an dTulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí - Mairéad Ní Mhocháin as Baile an Choiligh, Co.Chorcaí ag casadh ceann de ríleanna Ed Reavy - “Leddy from Cavan”.
-
- ComhaltasLive #309-4: Ned Kelly & Michael Harrison
- 1 March 2010
Seo Ned Kelly, An tAonach, Co.Thiobraid Árainn ar an gcairdín (buaiteoir 1ú áit 1992) agus Michael Harrison, fidléir agus buaiteoir 1ú áit sa bhliain 2005 agus iad ag casadh dreas ríleanna ag tosú le “Trim the Velvet”. Deineadh an taifead seo sa bhliain 2003.
-
- ComhaltasLive #309-3: Three Generations of Fiddlers at Fleadh 2009
- 28 February 2010
Trí ghlúin fhidléirí ag Fleadh na hÉireann 2009 ar an Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí - ó chlé - John Hamilton (Co.Mhuineacháin), Austin Dawe agus Tadhg Mulligan (as Dún Dealgan beirt). Casann siad an port “The Butchers’ March” agus an ríl “Miss Monaghan”. Cuirimid ár ndea-ghuí chuig Austin go mbiseoidh sé go luath de bharr thimpiste le déanaí.
-
- ComhaltasLive #309-2: The Dartry Céilí Band win at Fleadh 2009
- 27 February 2010
Banna Céilí Dartry as Sligeach mar ar chas siad agus craobh na hÉireann á bhuachaint acu ag Fleadh 2009 sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí. Is é Séamus Mac Cormaic, Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann atá ag bronnadh an corn ar Philip Duffy, ceannasaí an bhanna. Is iad “Down the Broom” agus “Creggs Pipes” na ríleanna.
-
- ComhaltasLive #309-1: John Daly at Fleadh 2003
- 26 February 2010
Seo an fhidléir, John Daly, (lonnaithe i Chicago) ag casadh dhá phort dá chuid féin - “An Currach” agus “Jack Allen’s”. Deineadh an taifead seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2003 i Lios Tuathail agus is é Eddie Whelan as Biorra, Co.Uíbh Fhailí atá á thionlacan ar an ngiotár.
-
- ComhaltasLive #308 (Full Programme)
- 25 February 2010
More highlights from Fleadh Cheoil na hÉireann 2009 in Tullamore, Co. Offaly, including some footage from the Senior Fiddle Competition.
-
- ComhaltasLive #308-9: Ceolus Céilí Band Reels
- 24 February 2010
Banna Céilí Ceolus as Gortletteragh, Co.Liatroma ag casadh roinnt ríleanna sa Tulach Mhór i mbliain 2009. Is minic a chasann siad leaganacha seanda nó neamhghnáthacha de tiúnanna. Freisin baineann siad úsáid as sean mhodh tiúnála ar na fidil. Féach clár 304 chun teacht ar ainmneacha na gceoltóirí.
-
- ComhaltasLive #308-8: The Old Bay Céilí Band Jigs
- 23 February 2010
Seo é Banna Céilí an Old Bay as New Jersey i Meiriceá ag casadh dhá phort - “The Lark on the Strand” agus “Port Dan Collins” ag Fleadh na hÉireann sa Tulach Mhór sa bhliain 2009.
-
- ComhaltasLive #308-7: The Triogue Céilí Band Hornpipe
- 22 February 2010
Banna Céilí an Triogue ó Phortlaoise, Co.Laoise ag casadh cornphíopa “Bantry Bay” nuair a ghnóthaigh siad an 3ú háit i gcomórtas na mBannaí Céilí (sinsir) ag an bhFleadh sa Tulach Mhór i 2009.
