Fiddle
-
- ComhaltasLive #362-5: Rebecca Nic Chárthaigh
- 22 October 2011
Seo í curadh na hÉireann sa chomórtas do fidléirí (15 – 18), Rebecca Nic Chárthaigh, CCÉ, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge, tar éis athghlaoch. Casann sí an sár-ríl “Fáilte Abhaile Shinéad roimh Charlie”.
-
- ComhaltasLive #362-2: Dylan Foley, Dan Gurney agus Caitlín Nic Gabhann
- 19 October 2011
Ag seisiún neamhfhoirmeálta in Ostán an Cavan Crystal chas an bheirt cheoltóir as Nua Eabhrach – Dylan Foley agus Dan Gurney (Fidil agus Bosca Ceoil fá seach) agus Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí dreas deas ríleanna – “Ríl Josie Mc Dermott” agus “Aistear go hAonach” (Seán Ó Riain {nach maireann} a chum).
-
- ComhaltasLive #361 (Clár Iomlán)
- 15 October 2011
Baineann gach mír le Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán sa bhliain 2011.
-
- ComhaltasLive #361-10: Brian Conway
- 13 October 2011
Do chas an veidhleadóir Nua Eabhrach – Brian Conway – dreas ríleanna ag críochnú le “Ríl Bhaile Átha Cliath”.
-
- ComhaltasLive #361-5: Mairéad Holt
- 8 October 2011
09.49 – 11.46 Mairéad Holt as Pearl River, Nua Eabhrach – ag casadh chornphíopa i gcomórtas na fidle faoi-18.
-
- ComhaltasLive #361-4: Claire Bohan
- 7 October 2011
Chas Claire Bohan, CCÉ Droim ar Snámh, Co Liatroma an ríl “An Fear Neirbhíseach” (Paidí Ó Briain a chum).
-
- ComhaltasLive #360 (Clár Iomlán)
- 29 September 2011
-
- ComhaltasLive #360-10: The Mac Gabhann Family
- 28 September 2011
Mar is dual dóibh, chas Clann Mhic Gabhainn as Co. na Mí ag seisiún sráide sa Chabhán ag an bhFleadh i mí Lúnasa 2011. ‘Sí Caitlín a chasann an consairtín agus is iad Antón agus Bernadette a chasann na veidhlíní. Thug said dhá ríl uathu – “Ríl Chaitlín” (cumtha ag Caitlín í féin) agus “An Cailín Rinnce ón gClár” (cumtha ag Antón é féin!).
-
- ComhaltasLive #360-8: Margaret Dudasik
- 26 September 2011
Seo í Máiréad Dudasik as Pearl River, Nua Eabhrach ag casadh an ríl íontach sin – “Fáilte Shinéad chuig Charlie”.
-
- ComhaltasLive #360-7: Rosie Nic Fhearghusa
- 25 September 2011
Seo í Rosie Nic Fhearghusa, CCÉ Rinn Mhic Ghiolla Rua, Co. an Dúin, agus port á casadh aici.
-
- ComhaltasLive #360-6: Samantha Suplee
- 24 September 2011
10.45 – 12.44 Sa chomórtas ceannann céanna chas Samantha Suplee as Silversprings, Maryland, Meiriceá Cornphíopa ‘Kit O’Mahony’.
-
- ComhaltasLive #360-5: Shane Meehan
- 23 September 2011
Sa chomórtas sinsir céanna chas Shane Meehan, CCÉ Aill Finn, Co. Ros Comáin, ríl breá.
-
- ComhaltasLive #360-4: Tara Breen
- 22 September 2011
‘Sí Tara Breen, CCÉ Dubhghlas, Co. Chorcaí curadh sinsir uile-Éireann 2011 agus seo í ag casadh jig sa chomórtas féin.
-
- ComhaltasLive #359 (Clár Iomlán)
- 18 September 2011
-
- ComhaltasLive #359-9: Dylan Foley
- 17 September 2011
Agus ag an seisiún céanna chas Dylan Foley (Nua Eabhrach) dhá ríl an-deas – “St. Ruth’s Bush” agus “Ríl Connie O’Connell”.
-
- ComhaltasLive #359-8: Caitlín Nic Gabhann, Dan Gurney agus Dylan Foley
- 16 September 2011
Seo seisiún neamhfhoirmeálta a dtáinig muid treasna ar in Óstán an Cavan Crystal ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2011. Is iad na ceoltóirí atá páirteach ann ná Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí, Dan Gurney (cairdín), Hasbrouck Hts., New Jersey, S.A.M., agus Dylan Foley (Nua Eabhrach) ar an bhfidil. Casann siad rogha deas jigeannaí.
-
- ComhaltasLive #359-5: Clár Áine Ní Chiaráin
- 13 September 2011
B’é Clár Áine Ní Chiaráin, CCÉ Cill Achaidh i gCo. Uíbh Fháilí agus leagan Gaillimheach Thoir den ríl “An Colúr ar an nGeata” á casadh aici.
-
- ComhaltasLive #359-4: Jack Bogard
- 12 September 2011
Sa chomórtas céanna (fidil faoi 18) seo é Jack Bogard as Cinncinnati, Ohio sna Stáit Aontaithe agus ríl á chasadh aige.
-
- ComhaltasLive #359-3: Claire Bohan
- 11 September 2011
Seo í Claire Bohan as Droim ar Snámh, Co. Liatroma agus port á casadh aici nuair a ghnóthaigh sí an tríú áit sa chomórtas fidle (faoi 18).
-
- ComhaltasLive #358 (Clár Iomlán)
- 8 September 2011
Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa 2011.
