Video
Cartlann Físeán Chomhaltas
Foirm ealaíne chorraitheach is ea ceol traidisiúnta na hÉireann. Is deacair uaireanta tuiscint a fháil ar fhuinneamh an cheoil damhsa agus ar thruamhéala agus ar ghreann na n-amhrán traidisiúnta ach nuair a bhíonn seans agat a bheith i láthair. Ach munar féidir sin, tabharfaidh cláir físeáin ComhaltasLive an chorraíl chugat!
Chuireamar tús le tionscadal cúpla bliain ó shin chun cuid de na léirithe ab fhearr ar an gceol traidisiúnta a thaifeadadh. Chuir ComhaltasLive roimhe cuid de ‘mhórsheinnteoirí’ cheol traidisiúnta na linne seo agus cuid de na daoine ardtallainne a bhí ag teacht chun cinn a ghabháil, agus an ceol a shuíomh sa stair trí chlosáin agus físeáin ón am atá caite a thabhairt isteach. Rinneadh comhar leis an Irish International Webcasting Company chuige seo.
Tá tóir mhór ar na cláir seachtainiúla ComhaltasLive a thugann deis do na mílte cuid den cheol iontach seo a fheiceáil ar an gcéad lámh, nach mór. Tá clár na seachtaine seo ar fáil duit nó tig leat súil a chaitheamh ar ghiotaí ó chláir go dtí seo.
Seó a mholadh
Má bhíonn ócáid nó deis á beartú a gceapann tú a bheadh inspéise dár léitheoirí, cuir nóta chugainn agus féachfaimid an féidir linn é a ghabháil. Agus munar féidir linn a bheith i láthair, b’fhéidir gur mhaith leat tuairisc a scríobh ar an ócáid d’iris Chomhaltas, Treoir. Ná dearmad grianghraif a chur leis agus giota físeáin nó dhó ar DVD más féidir, ionas gur féidir linn iad a uaslódáil go dtí an láithreán.
-
- ComhaltasLive #310-7: Aoife Ní Argáin
- 13 March 2010
- Seaimpín (fé 15) na hÉireann 2007 ar an gconsairtín - Aoife Ní Argáin (CCÉ, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath) agus an ríl “Jenny Picking Cockles” á chasadh aici.
Download Audio
-
- ComhaltasLive #310-6: Sadhbh Peat agus James Doolan
- 12 March 2010
- Seo ceoltóirí as Bhaile Átha Cliath - Sadhbh Peat (Artane) ar an gconsairtín agus James Doolan ar an mbodhrán - agus iad ag casadh trí ríl - “The College Groves”, The Lads of Laois” agus “Barr na Sléibhe” ag seisiún neamhfhoirmeálta ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009.
Download Audio
-
- ComhaltasLive #310-5: Scoil Éigse Tutors
- 11 March 2010
- Dhá phort - “The Fairhaired Boy” agus “Anthony Frawley’s” á gcasadh ag seachtar theagascóir Scoil Éigse ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009 sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí.
Download Audio
-
- ComhaltasLive #310-4: Etain Roe
- 10 March 2010
- Seo Etain Roe, CCÉ North London, Sasana, ag portaireacht agus Ríl Iníon Mhic Leoid ar siúl aici.
Download Audio
-
- Triúr fhidléir as Pearl River
- 9 March 2010
- Triúr fhidléir as Pearl River, Nua Eabhrach, Na Stáit Aontaithe - Erin Loughran, Maeve Flanagan, agus Deirdre Brennan ag casadh chornphíopa “Jim Irwin” (Ed Reavy a chum) agus dhá ríl “The Godfather” agus “The Atlantic Wave”.
Download Audio
-
- ComhaltasLive #310-2: Kathleen Nesbitt agus Martin Power
- 8 March 2010
- Kathleen Nesbitt (fidléir) as Loughmore, Co.Thiobraid Árann in éineacht le Martin Power (cairdín pianó) as Baile an Choiligh, Co.Chorcaí ag casadh dhá phort - an chéád ceann - “Port James Murray” agus an dara ceann - “Slán le Ballinamunna” (luaite leis an sár-fhidléir Chiarraí - Paddy Cronin). Deineadh an taifead seo sa Chultúrlann i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2003.
Download Audio
-
- ComhaltasLive #310-1: Conor McEvoy
- 7 March 2010
- Seo seaimpín na hEireann 2003 (Fidil fé 18), Conor McEvoy, ón Uaimh, Co.na Mí agus an ríl “Jenny’s Welcome to Charlie” á casadh aige díreach i ndiaidh an comórtas a bhuacaint.
Download Audio
-
- ComhaltasLive #309 (Full Programme)
- 6 March 2010
- This programme contains some of the winning performances from Fleadh Cheoil na hÉireann 2009, which was held in Tullamore, Co. Offaly.
Download Audio