Spriocanna

Gluaiseacht chultúrtha is ea Comhaltas a bunaíodh chun ceol agus damhsa na hÉireann agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. De réir mar a théann an domhan i gcastacht, is dóigh linn go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh traidisiún tíre beo a chaomhnú.

Tá spriocanna na heagraíochta leagtha amach sa Bhunreacht seo againne:

Ní obair aon oíche í, nó obair saolré amháin fiú, na spriocanna sin a shroicheadh. Ná ní duine amháin nó scata daoine a bhainfidh amach iad, ach na mílte saorálaithe agus múinteoirí a shaothraíonn ar son na spriocanna seo, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, bliain i ndiaidh bliana. Táímid go mór faoi chomaoin acu.

Tá níos mó tóir ar chultúr traidisiúnta na hÉireann le cúpla bliain anuas ná mar a bhíodh agus nílimid imníoch a thuilleadh gur gar dúinn éag na píbe uilleann agus na cruite. Tá líonra na gcraobhacha ag dul ó neart go neart agus tá dlúthcheangal idir muide agus eagraíochtaí eile a chothaíonn cultúr na hÉireann. Is a bhuí dár saorálaithe, múinteoirí agus ceannairí, sa ghluaiseacht agus lasmuigh de, gur bhaineamar amach méid áirithe de na spriocanna seo in imeacht na mblianta, Ach nílimid in aon amhras faoi mhéid na hoibre atá romhainn agus geallaimid gurb iad na spriocanna seo a bheidh romhainn i gcónaí agus muid ag tabhairt aghaidh ar thalamh bán an aonú aois is fichead.

Gheofar achoimre i ráiteas bunchuspóra Chlár Forbartha nua Chomhaltas ar ár n-uaillmhianacha don todhchaí:

Ba cheart go saibhreodh na traidisiúin chultúrtha saol mhuintir na hÉireann gach áit dá mbíonn siad, go háirithe saol an ógra; ba cheart go mbeidís beo, sofheicthe agus mar chuid riachtanach dár sochaí; ba cheart go mbeadh teacht furasta ag an uile dhuine orthu; agus ba cheart go mbeadh tuiscint ar a dtairbhe as cuimse don tsochaí, don chultúr agus don gheilleagar ag pobail agus ag daoine aonair ar fud na tíre agus i bpobail na hÉireann thar lear.