Stair

Réamhrá

Ní shílfeá go raibh ceol traidisiúnta na hÉireann in aon bhaol. Siúil isteach leat i bpub Gaelach ar bith ar fud an domhain agus seans maith go mbeidh seisiún neamhfhoirmeáilte faoi lánseoil — ceoltóirí i mbun ceoil ar a son féin agus ar son a n-éisteoirí. D’fhéadfadh sé go dtarraingeodh fidléir fidil amach as seanchás. Ansin thógfadh duine éigin bosca ceoil aníos ón áit a raibh sé faoi bhun cathaoireach. Bheadh fliúit ag duine eile i mála agus ar aghaidh leis an gceol draíochtúil a bhíodh le cloisteáil uair amháin i gcistiní na tuaithe. Ach ní mar sin a bhí i gcónaí.

Back To Top

Blianta Tosaigh

Bhí an t-am ann nuair nach raibh daoine cinnte ar chor ar bith go dtiocfadh ceol traidisiúnta na hÉireann slán.

Mí Eanáir 1951, chuaigh ionadaithe ó Chlub Píobairí Shráid Thomáis (Baile Átha Cliath) go dtí an Muileann gCearr le haghaidh cruinnithe le lucht an cheoil thraidisiúnta i gContae na hIarmhí. Pléadh dhá smaoineamh ag an gcruinniú: an chéad cheann ná eagraíocht a bhunú chun ceol traidisiúnta na hÉireann a chur chun cinn agus an dara ceann ná féile mhór bhliantúil ceoil, amhránaíochta agus damhsa a eagrú. Bhí cruinniú eile acu i mí Feabhra agus ag an gcruinniú seo socraíodh go n-eagrófaí Fleadh Cheoil ar an mbaile sin ag deireadh seachtaine Cincíse i gcomhar le Feis Lár na hÉireann a bhí á reáchtáil sa Mhuileann gCearr ag Conradh na Gaeilge le blianta fada.

Sna blianta roimh theacht an Fhleadh, cé go raibh meas riamh ag líon mór de mhuintir na hÉireann ar an gceol traidisiúnta, bhí daoine ann, go háirithe sna haicmí ba léannta, nár thug aitheantas ar bith do cheoltóirí traidisiúnta. Chuir bunaitheoirí na Fleadh rompu an ceol traidisiúnta a chur chun cinn ionas nach rachadh sé i léig tuilleadh. Chabhraigh sé ar ndóigh go raibh rogha agus togha ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann i láthair ag an bhFleadh.

Ardán a bhí sna Fleadhanna Cheoil a thug deis do cheoltóirí traidisiúnta ceol a sheinm do lucht éisteachta léirthuisceanach agus mar arbh í an stíl thraidisiúnta an critéar. Mheall an chéad Fhleadh Cheoil sa bhliain 1951 cúpla céad de lucht éisteachta - slua beag ach ba mhór an taitneamh a bhain siad as. In imeacht cúig bliana, más ea, bhí an tionóil bhliantúil seo ina Fhéile Náisiúnta a mheall ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí ó gach cearn den tír agus ó thíortha thar lear.

An 14ú Deireadh Fómhair, 1951, ag Árus Ceannt, Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath, toghadh an chéad bhuanchoiste de Chumann Ceoltóirí na hÉireann. Ag cruinniú i Halla Mhuire, An Muileann gCearr ar an 6ú Eanáir, 1952 athraíodh teideal na heagraíochta ó Chumann Ceoltóirí na hÉireann go Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Back To Top

Comhaltas Inniu

Tá Comhaltas tar éis fás leis na blianta, agus inniu is mór againn a rá gur muid an phríomhghluaiseacht caomhnaithe agus tionscnaimh do cheol traidisiúnta na hÉireann. Is grá linn an obair atá idir lámha againn.

Tá craobhacha de Chomhaltas i ngach contae in Éirinn agus tuilleadh thar lear. Eagraíonn siad ranganna, ceolchoirmeacha agus seisiúin i bpobail áitiúla. Tá Fleadhanna Contae agus Cúigeacha againn mar aon leis an bhFleadh Nua, Tionól Leo Rowsome, Seisiúin agus an Scoil Éigse. Tá craobhacha i mbun oibre sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain, i gCeanada, sa tSeapáin agus in áiteanna eile nach iad. Tá craobhacha againn i gcúig thír déag ar cheithre cinn de mhór-ranna.

Mar a dúirt Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa:

Ach Comhaltas a thógáil as an áireamh, an clog a chur siar agus smaoineamh ar Éirinn gan Chomhaltas, agus nochtaítear an éacht as cuimse atá déanta agaibh.

Back To Top

As seo?

Nílimid ag glacadh sosa ná baol air. D’fhógair Comhaltas plean uaillmhianach sa bhliain 2001 chun comhar níos dlúithe a dhéanamh le pobail áitiúla trí thionscnamh ‘Meitheal’. Is mór againn a thuairisciú sa bhliain 2006 go bhfuilimid go maith chun cinn ar an sceideal a bhí againn agus go bhfuil breis is 50 tionscadal gníomhach i mbun oibre a bhuí ar ár líonra de choistí réigiúnacha Meithil.

Ionaid Réigiúnacha agus Ionaid For-rochtana á n-oscailt againn de réir an Chláir Forbartha agus lena chois sin táimid ag tabhairt faoi thionscadail spreagúla nua san oideachas, táimid ag cur lenár gcartlanna, agus ag léiriú an chláir sheachtainiúil físeáin ar a dtugtar ComhaltasLive.

Ár saorálaithe áitiúla is ea a thugann faoin obair spreagúil seo ar fad. Más mian leat lámh chúnta a thabhairt, gabh leat go dtí do chraobh áitiúil agus gheobhaidh tú amach tuilleadh fúinn!

Back To Top