Cé muid féin

Cé muid féin

Is é Comhaltas Ceoltóirí Éireann an grúpa is mó a dhéanann cúram de chaomhnú agus de chur chun cinn cheol traidisiúnta na hÉireann. Gluaiseacht chultúrtha neamhbhrabúis atá ionainn agus tá na céadta craobhacha againn ar fud an domhain. Mar a léifidh tú i stair na gluaiseachta, táimid ar an bhfód, ag obair chun leasa cheol na hÉireann, le 50 bliain agus le cois. Tá borradh nua faoin ngluaiseacht agus muid sna blianta luatha d’aois nua.

image

Back To Top

Cad é a dhéanaimid

De bhrí go gciallaíonn Comhaltas an oiread sin rudaí difriúla do dhaoine difriúla, is deacair uaireanta súil a choimeád ar gach ceann dár n-imeachtaí! B’fhéidir go raibh baint agat le hócáid a reachtáil Comhaltas roimhe seo agus nárbh eol duit é!

Back To Top

Cá háit a bhfuilimid

Eagraíocht idirnáisiúnta atá ionainn agus tá ceannáras againn i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá fáilte romhat bualadh isteach chugainn sa bhaile ag Cultúrlann na hÉireann nó i gcraobh de Chomhaltas atá in aice baile.

Ionaid Réigiúnacha ag Comhaltas, leis, chun teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla ar fud na hÉireann.

Back To Top

Déan teagmháil linn!

Ar ndóigh ba bhreá linn scéala a fháil uait má tá ceist ar bith agat faoina bhfuil ar bun againn. Ná bíodh leisce ort glao a chur orainn agus cabhróimid leat oiread agus is féidir linn. Más ball den phreas tú, b’fhéidir go mba chabhair duit an Seomra Preasa.

Back To Top