An Struchtúr
- Struchtúr Foriomlán
- Craobhacha
- Boird Contae/Réigiúnacha
- Comhairlí Cúige
- An Ardchomhairle
- Ionaid Acmhainne Réigiúnacha
Struchtúr Foriomlán
Gluaiseacht dhomhanda is ea Comhaltas a bhfuil na mílte agus na mílte daoine páirteach inti. Rialaítear an ghluaiseacht go daonlachach. Eagraíonn saorálaithe iad féin ag gach leibhéal den eagraíocht ina gcoistí chun ionadaithe a chur ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile den eagraíocht.
Tá foireann bheag gairmiúil ag Comhaltas inár gceannáras i mBaile Átha Cliath agus inár nIonaid Acmhainne Réigiúnacha. Más dóigh leat gur mhaith leat a bheith mar dhuine de phobal Chomhaltas, úsáid an Aimsitheoir Craoibhe chun an craobh is gaire duit a aimsiú. Bí cinnte go gcuirfear fáilte ó chroí romhat.
Craobhacha
Is é an craobh an t-aonad is bunúsaí agus is tábhachtaí sa ghluaiseacht. Is sna craobhacha a thugtar ar aghaidh agus a neartaítear cultúr na bpobal dúchais. Tagann comhaltaí de chraobh le cheile chun seisiúin, ranganna, coirmeacha, féilte, taispeántais, fleadhanna ceoil agus imeachtaí eile a eagrú ar a son féin agus ar son an phobail ar fad.
Cabhraíonn na gníomhaíochtaí seo mar aon leis an gclár oideachais chun aidhmeanna na gluaiseachta a bhaint amach. Ag an am céanna cothaíonn siad scileanna agus buanna na n-ealaíontóirí. Glacann na craobhacha páirt i ngníomhaíochtaí de gach sórt, agus is saorálaithe áitiúla a eagraíonn gach ceann díobh.
Tá craobhacha de Chomhaltas ann:
- a théann i gcomhar le grupaí pobail agus le carthanachtaí chun imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a eagrú chun airgead a bhailiú;
- a théann ar thurais bhliantúla chuig féilte ceoil idirnáisiúnta;
- a chuireann “Seisiúin” ar stáitse le linn mhíonna an tsamhraidh;
- a fhoilsíonn a gcuid leabhar agus CDanna féin den cheol traidisiúnta.
- a ullmhaíonn grúpaí ceoil do na babhtaí éagsúla de “Fleadh”;
- a oibríonn ar chláir malartaithe idir dhaoine óga in Éirinn agus thar lear;
- a oibríonn chun gaol níos fearr a chothú idir Thuaisceart agus Deisceart Éireann trí thionscnaimh chultúrtha trasteorann a eagrú;
- a eagraíonn léachtaí, ranganna, coirmeacha agus seónna raidió ina gceantar féin.
Níl teora leis an cumas atá i saorálaithe Chomhaltas agus is í samhlaíocht agus fuinneamh na gcraobhacha áitiúla seo a dhéanann gluaiseacht bheo bríomhar de Chomhaltas.
Boird Contae/Réigiúnacha
Tá na craobhacha eagraithe ina réigiúin. In Éirinn is contae é gach réigiún ach in áiteanna eile ar domhain tá na réigiúin i bhfad níos mó. Is féidir Bord Contae, nó Bord Réigiúnach sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh, a chur le chéile in aon chontae nó réigiún nuair a bhíonn trí chraobh nó níos mó ann. Bíonn cúram ar an mbord as craobhacha nua a bhunú agus as aidhmeanna na gluaiseachta a chur chun cinn. Toscairí ó gach craobh a bhíonn ar an mbord contae nó réigiúnach.
Comhairlí Cúige
Tá Comhairlí Cúige i ngach ceann de chúigí na hÉireann, sa Bhreatain, agus i Meiriceá Thuaidh. Rialaíonn agus treoraíonn na comhairlí seo gníomhaíochtaí Chomhaltas sa chúige, ach amháin Fleadh Cheoil na hÉireann, a eagraíonn an tArdchomhairle. Toscairí ó Bhoird Conte/Réigiúnacha a bhíonn ar na comhairlí.
An Ardchomhairle
Tá an tArdchomhairle, bord rialaithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, comhdhéanta de Ard-Uachtarán, Ard-Stiúrthóir, Ard-Rúnaí, Ard-Chisteoir agus Ard-Chláraitheoir.
Ina theannta sin, ceaptar Oifigeach Ceoil, Oifigeach Comórtas, agus Oifigeach Caidreamh Poiblí ó laistigh den Ardchomhairle. Bíonn Cathaoirleach gach comhairle cúige ina leas-chathaoirleach ar an Ardchomhairle, gan aon toghchán, agus beirt toscairí ó gach comhairle cúige atá sna comhaltaí eile.
Ionaid Acmhainne Réigiúnacha
An fhís atá againn do Chomhaltas sa todhchaí ná go mbeimis ag obair mar chuid de phobail áitiúla. Mar chuid lárnach de “Meitheal” táimid chun líonra d’Ionaid Acmhainne Réigiúnacha a bhunú chun eolas níos fearr a thabhairt do phobail áitiúla ar na sócmhainní cultúrtha atá againn, ionas go mbeidh na healaíona traidisiúnta mar chuid bheo de gach pobal agus go mbeidh teacht ag an bpobal orthu.
Tugann na hIonaid Acmhainne Réigiúnacha deis duit páirt níos mó a ghlacadh i gComhaltas agus sa chultúr traidisiúnta, is cuma cá gcónaíonn tú. Gheobhaidh tú liosta de na hIonaid Acmhainne Réigiúnacha ar leathanach Suímh den láithreán seo.