Fógra Báis agus Comhbhróin: the late Mícheal Ó hEidhin

30 January 2012, 11:01 AM GMT

Dé Domhnaigh, in aois a 73 bliain. D’éag faoi shiocháin i measc a mhuintire, tar éis dó tinneas a fhulaingt go misniúil faoi chaoinchúram fhoireann Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Céile ionúin Mháire agus athair Niamh, Rónán, Séamus, Fionnuala, Meadhbh agus Dara. Seanathair mórtasach Rónán, Iarla, Ruby, Aimée, Léo, Pepé agus Sarah. An-dea-chuimhne air ag a leasmháthair Angela, ag a dheartháir Séamus agus a dheirfiúracha Marie, Ann agus a gcéilí, ag a chliamhaineacha, a ghaolta agus a chairde uile.

Beidh sé á thórramh ina theach cónaí, i mBaile Ard, An Spidéal, Dé Luain 30 Eanáir, ó 5.00 – 9.00 i.n. Tabharfar an corp chuig Séipéal Chill Éinne, Dé Máirt le haghaidh Aifreann 12.00 agus cuirfear i Reilig an Choiligh é tar éis an Aifrinn.

Peacefully, surrounded by his loving family and in the care of the staff at University College Hospital Galway, having borne his illness with great courage. Beloved husband of Máire and dear father of Niamh, Rónán, Séamus, Fionnuala, Meadhbh and Dara. Proud grandfather of Rónán, Iarla, Ruby, Aimée, Léo, Pepé and Sarah. Also leaving with wonderful memories, his stepmother Angela, brother Séamus and sisters Marie and Ann and their spouses, sons and daughters in law, relatives and a wide circle of friends.

Reposing at his home on Monday 30 January, from 5 – 9 p.m. Removal to Cill Éinne Church, Spiddal, Tuesday arriving for Requiem Mass at 12 noon followed by burial at Coileach Cemetery.

Mícheal Ó hEidhin was the highly respected director of both the TTCT and the SCT. Comhaltas extends its sincere sympathy to the Ó hEidhin family on their untimely loss.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis

Posted By Eolas

[Leave A Comment]

RSS Feed (What is this?)