Seisiún an Chomhaltais 2019

8 July 2019, 8:07 AM GMT

Seisiún an Chomhaltais 2019

Join in the authentic Comhaltas Irish traditional experience in over 49 venues throughout Ireland this summer.

One of the longest running summer shows of its kind – close to 40 years in existence – Seisiún attracts increasing numbers of visitors from overseas and nearer home with a show that captivates its audience and welcomes participation. After the show of authentic Irish traditional music, song, dance and storytelling, light refreshments are served during the short interval. The second part of the evening’s entertainment unfolds and guests are invited to join in the Comhaltas Seisiún experience, taking to the floor as they wish with a step, tune, song or story.

Join in the Comhaltas Seisiún experience this Summer.


Faoi chlár Sheisiún Náisiúnta an Chomhaltais 2019, beidh siamsaíocht thraidisiúnta fhíor- Ghaelach ár gcultúir féin ar siúl an Samhradh seo i 49 ionad ar fud na hÉireann. Imeacht seanbhunaithe is ea Seisiún – beagnach 40 bliain ó bunaíodh é – agus is mó gach bliain an líon cuairteoirí a mhealltar ó chian is ó chóngar chuig seó a chuireann an lucht féachana faoi gheasa agus a mheallann chun siamsaíochta iad. Nuair a bhíonn deireadh leis an gcéad chuid, ina mbíonn saibhreas cultúir Ghaelaigh á chur i láthair, idir cheol, amhránaíocht, damhsa agus scéalta traidisiúnta na hÉireann, cuirtear sólaistí éadroma ar fáil le linn an tsosa ghearr.

Is ansin a chuirtear tús leis an dara cuid de shiamsaíocht na hoíche agus tugtar cuireadh do na haíonna páirt a ghlacadh sa tSeisiún, teacht ar an urlár lena rogha rince, fonn, amhrán nó scéal.

Bí linn ag Seisiún an Chomhaltais an Samhradh seo.

Seisiún 2019 DL

Posted By Eolas

[Leave A Comment]

RSS Feed (What is this?)

Keywords

Seisiún 2019