From the current issue of our journal, [Treoir](/music/treoir/ “Treoir Journal”), this song is long associated with Seamus Ennis. Na Conneries ======== A Choimthin mhallaithe ghuídhim-se deachair ort agus gráin Mhic Dé ‘S ar an ghasr(a) úd ‘tá ceangailte go dlúth led’ thaobh ‘Síad do dhearbhaigh i láthair Coisdealbha ar an dtriúr fear séimh Is a chuir na Connerys thar na farraigí ‘dtís na New South Wales Don té bheadh na seasamh ann is a dhéanfhadh macnamh ar ár gcúis dá phlé Mar do sheasfhadh sí ón a seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi Chrith an talamh fúinn le linn na labhartha dá dtabhairt sna mbréag Mo ghreidhn-se an t-anam bocht, tá sí damanta más fíor do’n chléir Tá jaicéad gairid á dhéanamh ó mhaidin dúinn agus trúsar dá réir Culaith farraige nár thaithíomar i dtúis ár saol Marach feabhas ár gcarad dúinn bhí ár muinéil cnagaithe,sinn go doimhin san aol Ach gur casadh sinn chun téarma catheamh ins na New South Wales A Bhanríon bheannaithe ‘s a Rí na bhFlaitheas geal tabhair fuascailt orainn araon Is ar ár mbanaltra atá sa bhaile go dubhach ’nár ndhéidh Le linn an Aifrinn bígí ag achainí is ag ghuí chun Dé Ar na Connerys thabhairt saor abhaile cughainn dtí Botha’Dhún na gCraobh.