From the [“Echoes of Erin 2008” Comhaltas Tour CD](http://comhaltas.ie/shop/detail/tour_2008/ “CD – Echoes of Erin 2008”), Eimear Arkins sings “Na Páipéir á Saighneáil”. D’fhoghlaim Eimear an amhrán seo ó Nan Tom Teamín De Búrca. Eimear Arkins learned this song from the singing of Nan Tom Teamín De Búrca. Na Páipéir á Saighneáil is a very old west of Ireland song, which has passed down primarily through oral transmission in the Connemara Gaeltacht region. The song is believed to date from the time Wild Geese, at time when Irish soldiers and chieftain families left their country following the English settlers plantations. The song depicts the anguish and heartbreak of a woman for her lover who has opted to sail across the ocean to take part in another war. In addition to leaving her heartbroken and desolate it appears that the lover also leaves her penniless. _Na Páipéir á Saighneáil_ Tá na páipéir dá saighneáil Is tá na saighdiúir(í) ag dul anonn. Ta an drumadóirín aoibhinn aerach Clanna Gael ag dul go tír na long Dá mbeadh agam is duitse a bhéarfainn Céad is dhá mhíle bó, Ar chuntar tú bheith i d’fhéirín liom Go Contae Maigh Eo. I mo luí dom ar mo leaba Is í m’osna a bhíonn mór. Is ar m’éirí dom ar maidin Is í mo phaidir mo dheoir. Tá gruaig mo chinn ag titim Agus ag imeach mar an gceo, ‘S le cumha i do dhiaidh, a stóirín, Ní bheidh mé i bhfad beo. Nuair a éirím amach go huaigneach Sea bhreatnaím ar an gcnoc úd thall Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach A d’fhág an chrua-arraing trí mo lár. Tá mo chroí istigh ina leaca gualdubh Is fear mo thrua níl ach Rí na nGrást, Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim tú Go síntear suas í i gcónra chláir. Tá mo stocaí uilig stróicthe Is tá mo phócaí gan pingin. Tá mo nuachulaith phósta Is é mo léan géar fós gan sníomh. Tá fiacha i dteach an óil orm Is níor ól mé riamh braon, Ach is é mo lean gear, a mhíle stóirín, Gan mé’s tú óg seal arís. Is nach aoibhinn do na héiníní A éiríonn go hard, Is a bhíonn ag ceiliúradh lena chéile Ar aon chraoibhín lena chéile Ar aon chraoibhín amháin. Ní mar sin dom féin Agus mo chéad mhíle grá, Mar is fada fairsing óna chéile A bhíonn ár n-éirí gach lá.