Sample Dánta for Cómhrá Gaeilge

Dánta samples for the Cómhrá Gaeilge competitions held at Fleadhanna Ceoil.

An Sneachta

Thit sneachta bog bán
Anuas ón spéir,
Nuair a bhí mé i mo luí
Ar mo leaba aréir.

Tá an sneachta bog bán
Anois i ngach áit,
Ar gach teach agus crann,
Gach sráid agus páirc.

Beidh spórt agus scléip
Agam féin agus Seán
Ag súgradh inniu
Sa sneachta bog bán.

Back To Top

An Coinín

“Thíos faoin talamh
Istigh i bpoll
Tá leaba agamsa,”
Arsa an coinín donn.

“Ní scríobhaim ceacht
Le cailc ná peann
Is ní théim ar scoil,”
Arsa an coinín donn.

“Ach bím ag imirt
Luath is mall,
Amuigh sa pháirc,”
Arsa an coinín donn.

Back To Top

An Bóthar Chun Na Trá

Tá an ghrian gheal sa spéir
Is tá na páistí go léir
Ar an mbóthar chun na trá.

Beidh spórt acu is scléip
Ag rith agus ag léim
San fharraige cois trá.

Is orthu a bheidh ríméad
Ag líonadh na mbuicéad
Is ag déanamh na gcaisleán

Tá an ghrian gheal sa spéir
Is nach aoibhinn dóibh go léir
Ar an mbóthar chun na trá.

Back To Top

Codail A Pháiste

Codail, a pháiste,
Codail go sásta.
Codail go maidin
Go dtiocfaidh an lá ort.

Codail, a pháiste,
Beidh Íosagán lámh leat,
Muire i d’aice,
Is na haingil ag gáire.

Codail, a pháiste,
Codail go sásta.
Codail go maidin
Go dtiocfaidh an lá ort.

Back To Top

An Fómhar

Níl séasúr is aoibhne
Liom féin ná an fómhar –
An t-arbhar ag luascadh
Ina lomraí óir.

Úlla ar na géaga
Is cnó ar gach craobh,
Ar na sceacha na sméara
Is caora sa choill.

Suairceas san aer
Is na spéartha gan cheo;
I bhfómhar buí na gréine
Is aoibhinn bheith beo.

Back To Top

An Nead

Bhí seanchiteal briste
Ag bun an ghairdín,
Ina luí san fhéar ann
Gan ghob, gan chláirín.

D’fhéach mé isteach ann
Is cad a bhí romham
Ach nead bheag chruinn chluthar
A rinne spideog!

Bhí trí ghearrcach óga
Ansin ag bíogaíl
Sa seanchiteal briste
Ag bun an ghairdín.
An tSiúr Colmcille

Back To Top

Firín Beag Cam

Tá firín beag cam ina chónaí
I dteachín beag cam ar an sliabh;
In aice an tí tá cruach mhóna
Is an uile fhód cam ann arís.

Ó, firín beag cam agus casta,
Ó. firín beag caoch agus dall;
Ó, firín beag cam agus casta,
Nach ait é an firín beag cam!

Tá hata beag cam ar a chloigeann
Is casadh beag cam ina shrón,
Is casta iad a lámha is a chosa
Ná adharc chasta reithe nó bó.

Ó, firín beag cam agus casta,
Ó. firín beag caoch agus dall;
Ó, firín beag cam agus casta,
Nach ait é an firín beag cam!

An tSiúr Colmcille

Back To Top

A Mhuire na nGrás

A Mhuire na ngrás
A Mháthair Mhic Dé,
Go gcuire tú
Ar mo leas mé.

Go sábhála tú mé
Ar gach uile olc;
Go sábhála tú mé
Idir anam is chorp.

Go sábhála tú mé
Ar muir is ar tír;
Go sábhála tú mé
Ar leac na bpian.

Garda na n-aingeal
Os mo chionn,
Dia romham
Agus Dia liom.

Back To Top

An t-Eitleán

“Nach deas an t-eitleán é,”
Arsa Micilín leis féin,
“Ag eitilt ar nós spideoige
Thar na séibhte i gcéin!

Feiceann sé gach uile ní
Is é ag eitilt sa spéir,
Nach aoibhinn don phíolóta
Mar éinín thuas san aer!

Ach beidh mé mór amárach
In eitleán liom féin,
Is feicfidh mé na sléibhte
Is na tíortha i bhfad i gcéin.”

Back To Top

Séan Agus An Dall

Bhí an seanfhear dall
Ar thaobh cosáin
Ag seinm ceoil
Ar a fheadóg stáin.

Cé tháinig anuas
An tsráid ach Seán
Agus réal ina láimh
Le haghaidh milseán

Chonaic Seán an dall
Ansin os a chomhair
Agus ghlac sé trua
Don seancheoltóir.

Ní dhearna sé stad
Ach shiúil sé anonn
Agus thug sé an réal
Don seanfhear dall.

Back To Top

Mo Mhaidrín

An bhfaca tú mo mhaidrín
Mo mhaidrín beag donn?
D’imigh sé ar strae uaim
Thíos cois na habhann.

Chuardaigh mé mo mhaidrín
Go moch is go mall
Ach ní raibh aon fháil agam
Ar mo pheata beag donn.

Cén fáth, a mhaidrín,
Ar imigh tú uaim?
Ní bheidh leigheas ar mo bhrón agam
Go bhfillfidh tú chugam.

Back To Top

Bábóg Shíle

Tá bábóg ag Síle
Is í gléasta go deas
Faoi ghúna breá síoda
Agus cóta beag glas.

Is aoibhinn le Síle
Í a chur ina suí
Is a gruaig geal a chíoradh
Sula dtéann sí a luí.

Tá cion mór ag Síle
Ar a bábóigín féin;
Codlaíonn siad le chéile
Gach oíche den bhliain.

Back To Top

Mo Sheanathair

Tá mo sheanathair lag,
Tá mo sheanathair aosta,
Ní féidir leis seasamh
Ná siúl ina aonar.

Is maith leis na crainn,
Is maith leis na bánta.
Is maith leis go mór
Bheith ag caint leis na páistí.

Suíonn sé sa chúinne
Is sinn ina aice
Is é ag cur síos
Ar an saol atá caite.

Séamus Ó Céilleachair

Back To Top

Éirígí, A Pháistí

Éirígí, a pháistí!
Amach linn faoin aer;
Tá an ghrian gheal ag taitneamh,
Níl scamall sa spéir.

Tá gaoth bhog ag séideadh
Thar cnoc agus gleann,
Tá duilleoga ag damhsa
Ar sceach is ar chrann.

Tá úlla is sméara
Go tiubh ar gach craobh,
Tá bláthanna geala
Ag fás ar gach taobh.

Éirígí, a pháistí!
Amach linn faoin aer
Chun aoibhneas a bhaint
As an áilleacht go léir.

Back To Top

Seán Agus Pádraig

Ní maith le Seán ná Pádraig
Dul a chodladh ar a naoi.
Deir siad lena máthair
Gur fearr leo bheith ina suí.

Ní éiríonn Seán ná Pádraig
I gcónaí ar a naoi.
Deir siad lena máthair
Gur fearr leo bheith ina luí.

Nach ait iad Seán is Pádraig?
Nuair a bhuaileann sé a naoi,
Ní maith leo dul a chodladh
Is ní maith leo fós éirí.

Back To Top

An Púca

“Púca! Púca! Is mise an púca!
Púca! Púca! Aon-dó-trí!
Seo í an oíche, Oíche Shamhna
A théim ar cuairt chun do thí,
Chun do thí!”

“Púca! Púca! Ní tusa an púca!
Tusa Seáinín Beag Ó Laoi!
Seo í an oíche, Oíche Shamhna
A bhíonn tú ag súgradh aon, dó, trí,
Aon, dó, trí.”

“Púca! Púca! Is mise an púca!
Ní mise in aochor Seán Ó Laoi!
Féach ar m’fhiacla! Féach im ’shúile
Béarfaidh mé anocht ort, anocht a chroí,
Béarfaidh mé anocht ort, anocht a chroí,
Anocht a chroí!”

Back To Top

Tá An Sorcas Ag Teacht

Seo chugainn an sorcas! Tá an sorcas ag teacht!
Seo chugainn na capaill ag damhsa!
Féach ar an madra ag seinm veidhlín!
Féach ar an gcat is a threabhsar!

Féach ar an leon is an t-éan ar a shrón!
Seo moncaí is é gléasta mar gharda!
Féach ar an luch ag marcaíocht ar mhuc
Is an t-asal ag canadh amhráin dó.

Seo chugainn an sorcas! Tá an sorcas ag teacht!
Seo chugainn an spórt is an gáire!
Tá an eilifint liath chomh mór leis an sliabh
Is fear grinn is léine chabáiste air.

Back To Top

Sneachta

Áthas ar na páistí
Spórt ina gcroí,
Calóga boga bána
Ag damhsa sa ghaoth.

Liathróidí sneachta
Ag eitilt san aer;
Gáir agus glaoch
Ó na páistí go léir.

Nach deas í an tuath
Lena cóta bog bán,
Ina codladh go sámh
Sa sneachta geal glan.

Máire Nic a’Bhaird

Back To Top

Gaoth An Fhómhair

Cé bhí ag búiríl timpeall an tí?
Cé bhí ag bualadh fuinneog?
Cé bhí faoin doras aréir ag feadaíl?
Gaoth an fhómhair.

Cé lúb na crainn a fhásann sa choill?
Cé bhí ag carnadh duilleog?
Cé chuir ag rince iad siar is aniar?
Gaoth an fhómhair.

Cé scuab na néalta roimhe sa spéir?
Cé d’ardaigh deannach ar ród?
Cé chuir an cúr geal bán ar an linn?
Gaoth an fhómhair.

An tSiúr Colmcille

Back To Top

Cailín Béasach

Ní phlabann cailín béasach
An doras riamh;
Ní bhéiceann cailín béasach
Gan fáth, gan chiall;
Ní shleamhnaíonn cailín béasach
An staighre síos-
Nó sin é deir mo Mhamaí
Ar aon nós.

Ní fheictear cailín béasach
Gan a haghaidh a bheith glan;
Ní dhreapann cailín béasach
In airde ar chrann;
Ní luascann sí ar gheataí,
Nó sin é deir mo Mham-
An ndéanann cailín béasach
AON RUD?

An tSiúr Colmcille

Back To Top

An Féasta

Scéala! Thug an Fómhar féasta
D’ainmhithe is d’éanlaith inné;
An préachán a d’fhógair an scéala
Ó bharr an chrainn darach go tréan.

Tháinig na haíonna go fuadrach-
An spideog, an dreoilín, an cág,
An ghráinneog, an coinín is an t-iora
Ag triall ar an gcóisir bhreá.

Bhí duillebhrat leata ar talamh
Is sóláis an t-séasúir ar bharr,
Bhí torthaí is caora ildathacha
Is cnónna go flúirseach ar fáil.

Bhain siad an-sult as an bhféasta
Is mhol siad an dáileadh go spéir;
Bhí ceol is rince ann go maidin,
Níor scoir siad go breacadh an lae.

An tSiúr Colmcille

Back To Top

Paitsín

Ó, tá mo chroí briste
Faoi scamall is brón
Mar chaill mé mo mhadra
Amuigh ar an ród.

Níor mhadra go dtí é,
É beag agus deas,
Ba chuma leis báisteach,
Nó sneachta nó teas.

Bhí cion aige ormsa
Is grá agam dó
Ní raibh madra chomh breá leis
Ag aon duine beo.

Ach, d’fhan sé sa tsráid, lá,
Nuair a rith mé isteach,
Is ní fhaca mé Paitsín
Ón lá sin amach.

Ó, thabharfainn aon airgead,
Idir gheal agus bhuí,
Don duine a gheobhadh dom
Paitsín mo chroí.

Lionard Ó hAnnaidh

Back To Top

Oíche Shamhna

Úlla móra, úlla deasa,
Úlla breátha buí,
An bord faoi ualach trom de chístí,
Nach breá an oíche í?

Níor tugadh aon cheacht baile dúinn,
Tá áthas ar ár gcroí,
Beidh cluichí agus spórt sa chistin,
Nach breá an oíche í?

Cnónna móra, cnónna beaga,
Cnónna ar fud an tí.
Dul ó theach go teach ag damhsa,
Nach breá an oíche í?

Oíche Shamhna, oíche álainn,
Oíche aoibhinn í.
Saoire againn ó chúram scoile,
Nach breá an oíche í?

Lionard Ó hAnnaidh

Back To Top

Codail Go Sámh

Codail go sámh
A ghrá gheal mo chroí.
Beidh an oíche chugainn láithreach
Is an ghrian ina luí.

Codail go lá,
Mo stóirín geal féin.
Tá an londubh gan cheol
Is níl spideog sa spéir.

Codail go ciúin,
Mo mhuirnín beag féin.
Tá na réaltóga bána
Go hard, geal sa spéir.

Codail go sámh,
A ghrá gheal mo chroí.
Beidh an oíche chugainn láithreach
Is an ghrian ina luí.

Back To Top

Cé Atá Láidir?

“Táim láidir,” arsa an bláth,
Nuair a shéid an ghaoth,
Ach tháinig bó
Agus d’ith sí é.

“Táim láidir,” arsa an bhó,
Is í sa pháirc ina luí,
Ach tháinig fear
Agus mharaigh sé í.

“Táim láidir,” arsa an fear
Lena mhac, Tomás,
Ach tháinig an lá
Agus fuair sé bás.

“Nílim láidir,” arsa an naomh,
“Níl ionam ach cré,
Níl aon duine láidir
Ach Críost, mac Dé.”

Lionard Ó hAnnaidh

Back To Top

Mise Raftairí

Mise Raftairí an File,
Lán dóchais is grá,
Le súile gan solas,
Le ciúnas gan chrá.

Dul siar ar m’aistear
Le solas mo chroí,
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlí.

Féach anois mé
Is mo chúl le balla
Ag seinm ceoil
Do phócaí folamh.

Back To Top

An Ghaoth Aduaidh

An ghaoth aduaidh
Bíonn sí crua
Agus cuireann sí fuacht
Ar dhaoine.

An ghaoth aneas
Bíonn sí tais
Agus cuireann sí rath
Ar shíolta.

An ghaoth anoir
Bíonn sí tirim
Agus cuireann sí brait
Ar chaorigh.

An ghaoth aniar
Bíonn sí fial
Agus cuireann sí iasc
I líonta.

Back To Top

An Spásaire

Ba mhaith liom dul don ghealach
Lá éigin, tar éis dinnéir.
Tiománfaidh mé mo spáslong
Suas amach faoin spéir.

Fuair mé culaith spásaire,
Um Nollaig ó m’aintín.
Beidh an chulaith nua sin ormsa,
Is mo chóta mór báistí.

Nuair a shroichfimid an ghealach
Beidh picnic againn ann.
Beimid ansin ag ithe linn
Is ag breathnú ar an domhan.

Ní rachaidh mé rófhada ón long,
Ar eagla dul ar strae,
Ach baileoidh mé roinnt clocha
Sula suífidh mé chun tae.

Fillfimid sa spáslong,
Go díreach tar éis an tae,
Mar ní mór dom bheith sa bhaile,
I mo leaba, roimh a naoi.

Bairtle Ó Brádaigh

Back To Top

Geimhreadh

Tá néalta ar na cnoic inniu,
Is fliuch gach sráid, gach bóthar,
Ghoil an spéir gan sos aréir,
Is dubh na crainn ’s is brónach.

A Gheimridh bhoicht, tuigim do ghol:
Ní thagann rós id’ theannta,
Ná crann ag péacadh san Aibreán,
Ná brothall aoibhinn Samraidh.

Ach éist lem’ rann is tóg do cheann:
Ná bíodh ort brón ná náire,
Istigh id’ lár a rugadh Críost;
Is crann, is teas, is bláth É.

Muiris Ó Ríordáin

Back To Top

An tEarrach

Léimeann na huain le háthas
Ar na páirceanna cois trá,
Léimeann mo chroí le gliondar
Go bhfuil sé ina lá.

Tagann an ghaoth ón muir
Is í ag siosarnach dom
Faoi thíortha i bhfad i gcéin,
A mbánta is a sléibhte lom’.

Tá suan an gheimhridh thart;
Nach aoibhinn dúinn a bheith beo?
An t-earrach linn,
An samhradh romhainn,
Is an ghile a gabhann leo.

Tomás P. Mac Anna

Back To Top

Cúl an Tí

Tá Tír na n-Óg ar chúl an tí,
Tír álainn trína chéile,
Lucht ceithre chos ag siúl na slí
Gan bróga orthu ná léine,
Gan Béarla acu ná Gaeilge.

Ach fásann clóca ar gach droim
Sa tír seo trína chéile,
Is labhartar teanga ar chúl an tí
Nár thuig aon fhear ach Aesop,
Is tá sé siúd sa chré anois.

Tá cearca ann is ál sicín,
Is lacha righin mhothaolach,
Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír
Ag drannadh le gach éinne,
Is cat ag crú na gréine.

Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl’
Is iontaisí an tsaoil ann,
Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí,
Is trumpa balbh néata,
Is citeal bán mar ghé ann.

Is ann a thagann tincéirí
Go naofa, trína chéile,
Tá gaol acu le cúl an tí,
Is bíd ag iarraidh déirce
Ar chúl gach tí in Éirinn.

Ba mhaith liom bheith ar chúl an tí
Sa doircheacht go déanach
Go bhfeicfinn ann ar chuairt gealaí
An t-ollaimhín sin Aesop
Is é ina phúca léannta.

Seán Ó Ríordáin

Back To Top

An Leipreachán

Maidin mhoch ag bun an phóirse
Chuala glóirín gleoite binn –
Glór mar a dhéanfadh cloigín órga,
Cloigín ceoil na slóite sí.

D’fhéach mé uaim faoi thor copóige,
Is romham ansiúd is ea a bhí ina shuí
Firín beag is cóitín crón air,
Bríste glún is bróga buí.

Dhruid mé leis go héadrom seolta,
Dúil san ór go mór im chroí;
Ach nuair a chrom mé chun é a thógáil,
Ní raibh romham ach sop beag tuí.

Mícheál Ó Donnchú

Back To Top

An Gleann ’nar Tógadh Mé

Ó áit go háit ba bhreá mo shiúl,
Is dob ard mo léim ar bharr an tsléibh,’
I long ’s i mbád ba mhór mo dhúil,
’S ba bheo mo chroí i lár mo chléibh.
Mar chois an ghiorria a bhí mo chos,
Mar iarann gach alt is féith,
Bhí an sonas romham, thall is abhus
Sa ghleann ’nar tógadh mé.

Ba chuma liomsa fear ar bith,
Ba chuma liom an domhan iomlán;
Mar rith an fhia a bhí mo rith,
Mar shruthán sléibhe ag dul le fán;
Is ní raibh rud ar bith sa domhan
Nach ndéanfainn, dá mba mhaith liom é –
Léim an bád ’dul síos an abhainn
Sa ghleann ’nar tógadh mé.

Ní amhlaidh atá agam anois,
Bhí mé luath agus tá mé mall,
Níl ’fhios agam cad é a bhris
Sean-neart an chroí is lúth na mball;
Rinne mé mórán ’s fuair mé fios
Ar mhórán-Och! níor sásaíodh mé –
Mo léan, mo léan, gan mé arís óg
Sa ghleann ’nar tógadh mé!

Dúghlas de Híde

Back To Top

Ag Críost an Síol

Ag Críost an síol,
Ag Críost an fómhar;
In iothlainn Dé
Go dtugtar sinn.

Ag Críost an mhuir,
Ag Críost an t-iasc;
I líonta Dé
Go gcastar sinn.

Ó fhás go haois,
Is ó aois go bás,
Do dhá láimh, a Chríost,
Anall tharainn.

Ó bhás go críoch,
Ní críoch ach ath-fhás
I bParthas na ngrást
Go rabhaimid.

Back To Top

M’Aingeal Choimhdeachta

Ta aingeal geal de shíor im’ choimhdeacht,
Ó éirí dom go luí istoíche;
Is treoir dom é trí cham is díreach,
Is scáth dom é go ceann na scríbe.

I rith an lae is é tá i m’fhochair,
Ón uile bhaol chun mé a chosaint;
I mo chluas is séimh le clos a chogar
Do mo stiúradh féin más dom is dochar.

I mo leaba shámh nuair luím chun síneadh
A sciathán mhór mothaím im’ thimpeall;
Is cuma liom más fiáin an oíche.
Tá aingeal geal de shíor im’ choimhdeacht.

Seosamh Ó Conchubhair

Back To Top

Comhairle don Duine Óg

A dhuine atá i dtús do shaoil,
Mo theagasc go cruinn beir leat,
An té dá dtáinig ciall le haois
Cuir-se gach ní ’na chead.

Ná santaigh ráite baois’,
Ná an dream a mbíd acu;
Sula dtiocfaidh iomad de d’aois
Bíodh aithne ar Chríost agat.

Ná caith do shaol díomhaoin,
Is ná lig an tslí thar ceal;
Óir an tslat nuair a chruann le haois,
Is deacair a shníomh ’na gad.

I d’óige oscail do mheabhair,
Is bailigh an fhoghlaim leat;
Óir an glór nach dtuigeann an ceann,
Is cuma é ann nó as.

Bailigh glan-eolas go cruinn,
Is coinnigh gach ní ’na cheart,
An glór a bhogann an croí
’Sé a thaitníonn le Rí na bhFeart.

Back To Top

Beach na Scoile

Imigh, a bheach bheag,
Chun aoibhnis an aeir;
Ná fan anseo a thuilleadh,
Ní ionad duit é.

Ní dhéanfá léitheoireacht;
Níorbh fhéidir leat scríobh;
Ní bhfaighfeá aon cheol uainn
Ná eolas na slí.

Ná creidse an léarscáil
’S na bréaga ’tá ann,
Níl fraoch ar a arda
Ná bláthanna ina ngleann.

Is na flóis bheaga ’chíonn tú
I bpictiúir an tí
Níl brí ina gcuisle
Ná mil ina gcroí.

Imigh go rí-mhear
Chun aoibhnis an aeir.
Ná fan anseo a thuilleadh,
Ní ionad duit é.

Séamas Ó Céilleachair

Back To Top

Nach Iontach go Léir

’Sé Dia a chruthaigh gach ní beag,
’Sé a chruthaigh gach ní mór,
An t-aigéan leathan, luascach, lán,
An sciathán ar chuileog,
An choill thiubh ard, an sliabh fiáin
’S an bheach bheag lena céill;
Nach álainn iad, nach aoibhinn iad,
Nach álainn iad go léir!

Las Sé dúinn an ghealach bhuí
Is chroch í thuas sa spéir;
Chuir Sé grian ag soilsiú dúinn
Mar sholas geal an lae;
Chuir Sé barraí dúinn ag fás
Le greim a chur ’nár mbéal:
Chuir Sé blátha ag fás sa pháirc;
Mhúin Sé ceol don éan.

A Dhia mhóir ’tá os mo chionn,
Ó déan do nead im chroí;
Chum tú m’anam is mo chorp;
Mo bhuíochas leat de shíor;
Is d’fhág tú spás beag thuas le d’ais
Do pheacach mar mé féin;
Nach álainn é, nach aoibhinn é,
Nach iontach é go léir.

Seán Mac Fheorais

Back To Top

Abhainn ag Caint

Sruthán beag me, sruthán beag mé,
Ó thaobh an chnoic a thagaim;
Is bím ag léimneach is ag rith
Is am ar bith ní stádaim.

Tháinig fir is d’imigh fir
Is tiocfaidh fir is imeoidh;
Ach bhíos ag rith is táim ag rith
Is bead ag rith i gcónaí

Aoibhinn liomsa bheith ag rith
Ag gluaiseacht liom go sásta;
An t-uisce agam á thabhairt don mhuir
Le filleadh arís mar bháisteach.

Éistigí liom ag canadh poirt
Éistigí liom, a pháistí;
Éistigí liom ag canadh poirt
Is mé ag rith le fána.

Táimse óg is táimse sean,
Bead sean is óg i gcónaí;
Beadsa óg agus sibhse sean –
Táim sean le linn bhur n-óige.

Tháinig fir is d’imigh fir
Is tiocfaidh fir is imeoidh
Ach bhíos ag rith is táim ag rith
Is bead ag rith i gcónaí.

Back To Top

An Samhradh

Tugann teas an tSamhraidh
Sláinte, neart is brí;
Scaipeann solas gréine,
Aoibhneas fán na slí.

Anois an tráth is fearr linn,
Laetha geala breátha;
’S is aoibhinn linn-ne bheith
Ag imirt ins na páircibh.

Rachaimid amárach
Síos chun na trá;
Beidh an-spórt ar fad ann,
Má bhíonn sé go breá.

Snámhfaimid san uisce,
Tógfaimid caisleán,
Is gluaisfimid ar bharr na dtonn
Sa bhád, bheag, bhán.

Lionárd Ó hAnnaidh

Back To Top

Scéilín Brónach

Tá Micí an-bheag,
Is tá Séimí an-mhór,
Is tá úlla breátha deasa ar an gcrann;
Arsa Micí beag le Séimí,
“Beimid ocrasach ar scoil,
Is ní ceart na húlla deasa a fhágáil ann.”

Chuaigh Micí Beag in airde,
Fuair sé cabhair ó Shéimí Mhór;
Ach bhí máthair Mhicí Bhig taobh thiar den chrann!
Fuair sí bata athar Mhicí,
Thóg an bheirt acu isteach;
Is chloisfeá iad ag béiceadh thíos sa ghleann.

Tá Micí an-chiúin,
Is tá Séimí an-chiúin,
Is ní dhéanann siad aon gháire ná aon ghreann;
Tá an bheirt ar scoil arís,
Ach ní féidir leo suí síos –
Is tá úlla breátha deasa ar an gcrann,

Lionárd Ó hAnnaidh

Back To Top

An Damhánalla agu An Mhíoltóg

’Sé dúirt damhánalla le míoltóigín lá:
“Ó! tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá:
Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach,
Tá ithe ’gus ól ann-nach dtiocfá isteach?”

Dúirt an créatúr míchéillí ag féachaint isteach:
“Is tú croí na féile, is breá é do theach:
Ach deirtear go mbíonn tú ag ithe ’s ag ól
Míoltóigín mar mise, idir fhuil agus fheoil.”

Dúirt an damhánalla -is é a bhí glic,
“Is bréag mhór, dar m’anam, an scéal sin, a mhic;
Tá caoireoil, tá mairteoil, tá bainne anseo,
Is an té a bheadh marbh dhéanfaidís beo.”

Bhí an créatúirín meallta le comhrá mar sin,
Dúirt sé, “tá mé sásta, mar tá tú chomh binn;
Ach ní fhanfaidh mé fada.” Chuaigh sé isteach,
Is níor chuala mé fós gur tháinig amach.

Dubhghlas De hÍde

Back To Top

I dTosach an tSamhraidh

Tá an Samhradh ar ais ’s an duilliúir ag fás
Agus teas ag teacht sa ghrian;
Tá an fhuiseog ag eitilt sa spéir go hard
Is ag canadh tiúin don saol;

Tá an smólach ’s an lon go binn ar an bhfál
Cois nid’ i measc na gcraobh;
Is cloistear an chuach ó áit go háit
’S is álainn le cách a glaoch,

Tá an taoide ag briseadh le fuaim ar an trá
Agus ciúnas caoin san aer:
Tá sluaite ag dul san fharraige ag snámh
Is ag siúl thar ghaineamh ghlé;

’S is uaigneach atáim anseo sa tsráid
Go dtiocfaidh an Satharn saor,
Is rachad ar rothar le Liam ’s le Seán
Faoin tuaith go deireadh an lae.

Seán Mac Fheorais

Back To Top

Mo Mháthair

Cé éiríonn ar maidín
Is mise im luí
Ag lasadh na tine
Is ag glanadh an tí?
Cé thagann don leaba
Ag rá liom éirí? –
— Mo mháthair.

Cé chuireann an bricfeasta
Chugam ar an mbord?
Cé a fhaigheann dom mo mhála
Mo leabhair is mo lón?
Nuair a bhímse ag imeacht
Cé a thugann dom póg? –
— Mo mháthair.

Cé a chuireann romham fáilte
Nuair a thagaim isteach?
Cé a thógann mo mhála,
Mo hata is mo bhrat?
Is cé a bhíonn go sásta
Nuair a bhímse go maith? –
— Mo mháthair.

Cé a bhíonn ar a cosa
I gcaitheamh an lae?
Cé a thugann ón tobar
An t-uisce don tae?
Cé a dhéanann an obair
Dár muintir go léir? –
— Mo mháthair.

Back To Top

Bean Sléibhe ag Caoineadh a Mic

Brón ar an mbás, ’sé dhubh mo chroíse
D’fhuadaigh mo ghrá is d’fhág mé clóite,
Gan chara, gan chompánach faoi dhíon mo thíse
Ach an léan seo im lár, is mé ag caoineadh!

Ag gabháil an tsléibhe dom tráthnóna
Do labhair an éanlaith liom go brónach,
Labhair an naosc binn ’s an crotach glórach
Ag fáisnéis dom gur éag mo stórach.

Do ghlaoigh mé ort is do ghlór níor chualas,
Do ghlaoigh mé arís is freagra ní bhfuaireas,
Do phóg mé do bhéal is a Dhia narbh fhuar é!
Och! Is fuar í do leaba sa chillín uaigneach.

’S a uaigh fhódghlas ina bhfuil mo leanbh,
A uaigh chaoil bhig, ós tú a leaba,
Mo bheannacht ort ’s na mílte beannacht
Ar na fódaibh glasa atá os cionn mo pheata.

Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh;
Leagann sé úr agus críon le chéile;
’Sa mhaicín mhánla, isé mo chéasadh
Do cholainn chaomh bheith ag déanamh creafóig’.

Padraig Mac Piarais

Back To Top

Na Laetha Saoire

Nach álainn an t-am é an samhradh
Chun spóirt agus scléip’ agus grinn,
Ag déanamh caisleán ins an ngaineamh,
Ag tumadh sa mhuir nó sa linn.

Is breá liom an ghrian ag taithneamh
I spéir aoibhinn álainn, Mí Iúil,
’S mé ag spraoi is ag spórt tríd an tuath,
Nó cois mara i m’aonar ag siúl.

Is breá liom an trá is an gaineamh,
Is breá liom sa mhuir bheith ag snámh,
Is brea liom an oíche bheith fada,
Is saoire mo chroí ’gam gach lá.

Níl aon am chomh maith leis an Samhradh,
An Samhradh ’gam féin ar mo thoil.
Is cead agam imeacht is filleadh,
Im rí orm féin as an scoil.

Lionárd Ó hAnnaidh

Back To Top

Mo Mháthair is M’Athair

Tá mó mháthair is m’athair im ’theachsa,
Is tá siad go maith is go deas;
Mura mbeadh mo mháthair im ’theachsa,
Ní bheadh againn tine ná teas.

Agus m’athair – is fear mór ard é,
Is bíonn sé ag obair gach lá,
Is tagann isteach ar an Aoine
Is tugann dom’ mháthair a phá.

Ach is fearr liom mo mhathair ná eisean,
Nuair a dhéanaim aon rud as an tslí,
Mar bíonn sí deas agus cneasta –
Tá áit agam di i mo chroí.

Is bím ag guí ar mo ghlúine
Chun Dia na Glóire gach lá,
Go gcuirfidh Sé rath ar mo theachsa
Go bhfanfaidh an triúr againn slán.

Lionárd Ó hAnnaidh

Back To Top

An Canaerí

Bhí éanadán ag Seán Ó Riain,
Is cheannaigh sé canaerí
Ó ghasúr deas a bhí ’na rang,
Dárbh ainm Tadhg Ó Laoghaire.

Bhí áthas mór ar Sheán Ó Riain
Nuair a thug sé an t-éan abhaile,
Chuir sé é san éanadán
Is chroch é ar an mballa.

Fuair sé bosca beag den síol
A itheann gach canaerí,
Is chuir sé méisín uisce isteach
Mar a chomhairligh Tadhg Ó Laoghaire.

B’ionadh leis nár chan an t-éan,
Mar a chanann gach canaerí;
Níor tháinig uaidh ach “sea, sea, sea,”
Is d’ith sé síol go craosach.

Nigh an t-éan é féin ansin,
Is rith an dath go léir de;
Ní raibh san éan ach gealbhán donn –
Mí-ádh ar Thadhg Ó Laoghaire!

Seán Mac Fheorais

Back To Top

Cill Aodáin

Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh,
’S tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.

I gClár Chlainne Mhuiris bhéas mé an chéad oíche
’S i mBalla taobh thíos de thosós mé ag ól;
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth’ Mhóir.

Ó fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríos an ghaoth nó mar scaipeas an ceo,
Nuair smaoiním ar Chearra nó ar Ghaileang taobh thíos de,
Ar Sceathach a’ Mhile nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara ’s sú chraobh ann is meas ar gach sórt,
’S dá mbeinnse im’ sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D’imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

Antaine Rafterí

Back To Top

Trí Tréithe na Féinne

Ceist ag Pádraig, grá na nGael,
Lá ar laoch an liathfhoilt,
Caoilte Mac Rónáin na scéal
Tráth in Éirinn iathghlais.

“Inis dúinn, a scéalaí bhinn,
Céard a thug daoibhse an tiarnas?
Nó céard a choinnigh sibh gan mheath,
An oiread mhair na Fianna?”

“Trí tréithe a dhaingnigh sinn,”
D’fhreagair Caoilte ciallmhar,
“Glaine ár gcroí ’gus neart ár ngéag,
Is beart de réir ár mbriathar.”

Osborn Ó hAimheirgín

Back To Top

An Bháisteach

Siúd í an bháisteach
Anuas ón spéir,
Is beimid cráite
I rith an lae.

Lá geal gréine
Liom féin ab fhearr,
Lá chun scléipe
Faoin spéir sa pháirc.

Ach féach an bháisteach
Go dána trom,
Gan trua do pháistí
Atá gan ghreann.

Éist, a pháiste, is ná cráigh do chroí,
Beidh an lá amárach go breá arís.

Beidh and ghrian dár loscadh lá éigin fós
Agus sinn ag lorg braon le n-ól.

Gan chabhair ón mbáisteach ní bheadh bláth sa tír,
Ní bheadh plúr ná fata ann, ná aon sórt bídh.

Ná bí mí-shásta, a pháiste, a chroí,
Tagann maith le cairde agus grásta ó Dhia.

Peadar Ó hAnnracháin

Back To Top

Blátha

Féach na mílte bláth
I ngach aird den tír –
Nóiníní geala bána
Agus samhaircíní buí.

Blátha i lár na páirce,
Blátha ar scáth an chlaí,
Blátha ar thaobh an bhóthair,
Ag fáiltiú romhat sa tslí.

Chruthaigh Dia na blátha
Mar mhaise breá don saol,
Is mar sheoda do na páistí
A thugann grá Dhó féin.

Blátha i lár na páirce,
Blátha ar scáth an chlaí,
Blátha ar thaobh an bhóthair,
Ag fáiltiú romhat sa tslí.

Back To Top

Na Beanna Beola

Nach breá an radharc iad na Beanna Beola,
Maidin fhómhair le héirí an lae
Nuair a scallas an ghrian orthu a scáilí ómra
Mar chlóca ór-bhuí chun iad a ghléas.

Nach uasal uaibhreach ina seasamh ansiúd iad
Ag dearcadh anuas ar na bánta réidhe
Mar laochra dána is a gceann in airde
Ag coinneáil garda ar an tír go léir.

Is iomaí ard-chnoc in Inis Fódhla
Is do réir an eolais is álainn iad,
Ach is gile liom-sa na Beanna Beola
Maidin fhómhair le héirí and lae.

Máire Ní Ghuairim

Back To Top

Ceol na Tuaithe

Is binn é ceol na tuaithe tráthnóna gréine fómhair:
Ceiliúr caoin ag éanlaith, is srutháin ag déanamh ceoil,
Lag-chrónán na gaoithe ag bogadh na mbilleog:
Is binn é ceol na tuaithe tráthnóna gréine fómhair.

Tá deireadh leis an samhradh; ní labhrann cuach sa ló,
Ghluais i gcéin an fháinleog; ní cloistear an fhuiseog;
Ach tá ceol bó aoibhinn íseal ar gach taobh dínn go fóill:
Is binn é ceol na tuaithe tráthnóna gréine fómhair.

Back To Top