Sample Scéalta for Cómhrá Gaeilge

Scéalta samples for the Cómhrá Gaeilge competitions held at Fleadhanna Ceoil.

An Bheach agus an Puch

Bhí beach ag eitilt timpeall is é ag dordán go suairc meidhreach di féin lá breá brothallach samhraidh nuair a bhuail puch leí.

“A bheichín, a chara,” arsa an puch, “is dream de aon chinneadh sinn agus is gaolmhar sinn le chéile. Ach tá a fhios agam go maith gur mó é i bhfad meas na ndaoine ortsa ná ormsa, agus sin rud atá ag dul thar mo thuiscint. Tá cion agus grá ortsa agus gan ach mí-mheas agus gráin ormsa cé gur máisiúla mise. Féach an com deas seang uasal atá orm! Féach an droim órga atá orm. Ach mar sin féin níl aon mheas ag éinne orm. An bhféadfá a mhíniú dom cad na thaobh sin?”

“A phuich, a chroí, is maith a thuigim do chás. Is fíor go bhfuil tú cumtha go néata is an droim agus na sciatháin ar dheiseacht agat. Admhaíonn cách gur créatúirín álainn i gcrut is i scéimh tú. Ach tá aon rud amháin ag baint leat nach dtaitníonn leis na daoine. Is é sin go bhfuil tú ró-chrosta agus bíonn an iomarca fuadair fút do chealg a chur i ndaoine ar bheagán cúise.”

Is mar sin atá an saol. Daoine a bhíonn crosta, cealgach, mí-nádúrtha ní bhíonn aon mheas orthu pé máisiúlacht a bhíonn iontu.

Back To Top

An Madra Meallta

Bhí madra ag dul thar siopa búistéara lá amháin. Chonaic sé píosa breá bagúin crochta ar chrúca taobh amuigh. Chuir sé a bholadh air agus thaitin sé go mór leis. Ansin, rug sé ar an mbágún agus as go brách leis abhaile ar chosa in airde.

Ar an mbealach abhaile bhí ar an madra dul thar droichead adhmaid. Dhearc sé síos ins an uisce agus chonaic sé madra eile thíos faoi agus píosa breá feola ina bhéal aige. Tháinig éad an domhain air. Sheas sé agus chuir sé colg air féin. Rinne an madra a bhí ins an uisce an cleas céanna. Chuir sin ar buile ar fad é agus céard a dhéanfadh sé ach an feoil a ligean uaidh agus léim san uisce ag ionsaí an mhadra eile, mar shíl sé.

Mo léan! Ní raibh aon mhadra eile ann agus nuair a tháinig sé amach as an uisce bhí sé fuar fliuch, feargach agus, rud ba mheasa ná sin ar fad, bhi an spóla breá feola caillte aige – scuabtha le fána ag an sruth. Mar a deir an seanfhocal “An té nach múinfidh Dia é ní mhúinfidh an saol é.”

Back To Top

Ró-ghlic don Cheannaitheoir

Bhí feirmeoir ar an aonach lá ag díol capaill. Níorbh fhada gur bhuail ceannaitheoir chuige agus tar éis féachaint go géar ar an gcapall d’fhiafraigh sé den bhfeirmeoir an mó a bhí á lorg aige. “Dhá chéad punt,” arsa an feirmeoir. “An bhfuil aon locht air?” arsa an ceannaitheoir. “Beidh mé go macánta leat,” arsa an feirmeoir. “Tá dhá locht air agus neosfaidh mé an chéad locht duit anois. Neosfaidh mé an dara locht duit nuair a bheidh an capall ceannaithe agat.” “Go maith agus go macánta,” arsa an ceannaitheoir. “Cad é an chéad locht ata air?” “Nuair a bhíonn sé sa pháirc, is deacair breith air,” arsa an feirmeoir. “Tut tut! Ní fiú biorán é sin!” arsa an ceannaitheoir. Cheannaigh sé an capall agus dhíol sé as. “Anois a dhuine mhuinteartha,” arsa an ceannaitheoir, “cad é an dara locht atá ar an gcapall?” “Nuair a bheidh greim agat air ní bheidh aon mhaith ann!” arsa an feirmeoir agus d’imigh sé leis. Is dá bharr sin a chumadh an seanfhocal, “Is mairg a rachadh ar iontaoibh le rógaire.”

Back To Top

An Coilichín Dána

Bhí cearc agus a h-ál ag soláthar dóibh féin i bpáirc lá amháin. Tar éis tamaill, tháinig siad go cúinne na páirce, áit a raibh tobar doimhin fíor uisce. “Cluc, cluc,” arsa an chearc, “Seachain an tobar sin! Tá contúirt ann! Fan amach uaim a deirim libh!”

Theith na sicíní go léir ach amháin coilichín óg a bhí ina measc. Stad seisin agus é go mórálach as féin. “Níl sé chómh furasta sin eagla a chur orm,” ar seisean. “Is ró-fhurasta scanradh a chur ar mo mháthair. Rachaidh mé anonn agus féachfaidh mé síos sa tobar. Dhera cén díobháil féachaint síos?”

Bhí go maith. Dhruid sé anonn go mall reidh cúramach. Nuair a tháinig sé go bruach an tobair chuir sé scrugall air féin is d’fhéach sé síos ann. Chonaic sé, dar leis, coileach óg mar é féin síos is bhí scrugall air siúd leis. Tháinig fearg agus fonn troda air. D’éirigh a chochall agus leath a dhá sciathán. Rinne an coileach sa tobar thíos an rud céanna. D’eitil sé síos ach má d’eitil níor eitil sé aníos. Níorbh fhada go raibh sé ag dul go tóin poill.

“Mo chreach go dóite,” ar seisean, “nar ghlac mé cómhairle mo mháthar !” Bhí sé óg, bhí sé dúr agus bhí sé meanmach. Níor chreid sé a mháthair a thug cómhairle a leasa dó. Bhí a rian air agus dhíol sé as go daor. Is mairg nach nglacann cómhairle a mháthar.

Back To Top

Cnó a tharraing Clampar

Bhí beirt bhuachaill, Seán agus Séamus ag dul ar scoil lá nuair a fuair siad cnó ar an gcasán rompu.

“Ó, féach an cnó,” arsa Seán. Chrom Séamus air agus thóg sé é. “Is liomsa é!,” arsa Seán, “mar go bhfaca mise ar dtús é.” “Ní leatsa é ach liomsa,” arsa Séamus, “mar gur mise a thóg é!.”

Bhíodar ag argóint, gach duine acu á rá go mba leis féin an cnó, nó go bhfacadar fear ag déanamh orthu. Shocraigh siad ansin go bhfágfadh siad an scéal ar ráite an fhir a bhí ag teacht.

Nuair a bhuail an fear leo, d’inis siad an scéal dó. D’éist sé leo go h-aireach. Ansin rug sé ar an gcnó ina láimh agus bhris sé é. Chuir sé an eithne ina bhéal agus ar seisean, “Táim ag tabhairt leath na blaoisce duitse a Sheáin, mar gur tusa a chonaic ar dtús é agus táim ag tabhairt na leithe eile do Shéamus mar gurb eisean a thóg é. Tá mise ag coinneáil na h-eithne ar son mo thrioblóide ag déanamh breithiúnais eadraibh.

Mar a deir an seanfhocal “I ngan fhios don dlí is fearr a bheith ann.”

Back To Top

Uibheacha Óir

Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí gé bhreá bhreac aige a raibh bród an domhain air aisti. Ní h-é amháin go raibh sí ina ghé bhreá ach bhí sí ina ghé luachmhar mar nach raibh lá dar éirigh an fear nach mbéarfadh an ghé iontach ubh óir dó. Cheapfá go raibh ceart aige bheith sásta go maith leis an scéal mar a bhí ach ní raibh – b’fhada uaidh é.

Lá amháin bhuail smaoineamh é agus cad a rinne sé ach an ghé a mharú. Shíl sé, ach a mharú, go mbeadh sé saibhir go brách mar bhí sé lán-chinnte go raibh an ghé líonta le h-uibheacha óir. Ach mo léan agus mo chrá nuair d’oscail sé an ghé ba chosúil le h-aon ghé eile í, agus ní raibh ór ná airgead inti.

Bhuail aithmhéala an domhain an fear ansin ach ní raibh aon mhaith dhó ann mar nach ndéanfadh dochtúirí na cruinne an ghé beo arís. B’éigin dó cur suas leis an scéal mar a bhí.

Mar a deir an seanfhocal “Is mairg nach ndéanann duine macnamh roimh ghníomh.”

Back To Top

Éinín Glic

Lá dá raibh fear ag siúl trí choill, chonaic sé nead beag i ngabhal crainn. Shleamhnaigh sé anonn go deas ciúin is chuir sé a lámh isteach sa nead. Fuair sé greim ar an éinín gleoite a bhí istigh sa nead. Is dócha nar airigh sí an fear ag teacht nó gur rug sé uirthi. Bhí an t-éinín ina dhorn aige agus í go crith-eaglach.

Labhair an t-éinín leis an bhfear is dúirt “A fhir mhóir mhacánta scaoil liom agus inseoidh mé duit cá bhfuil próca óir i bhfolach sa choill. Chomh maith le sin tabharfaidh mé cómhairle mhaith duit a bheidh úsáideach go brách.”
“Táim lán-tsásta cead do chos a thabhairt duit má dhéanann tú mar a gheallann tú,” arsa an fear agus scaoil sé saor í.

Sheas an t-éinín os a chomhair amach ar ghéag chrainn agus do labhair go neamhspleach leis mar seo: “A fhír mhóir mhaith mhacánta, ná creid gach ní a chloiseann tú. Bíonn an-chuid bréaga ar síul.

Cuimhnigh i gcónaí gur fearr éan id dhorn ná dhá éan ar chraobh.

Back To Top

An Mada Rua agus an Préachan

Ghoid préachán píosa cáise lá agus d’eitil sé in airde ar chrann chun é a ithe ar a shuaimhneas. Bhí an madra rua ag gabháil thar bhráid is chonaic sé an préachán agus an píosa cáise ina bhéal aige. Bhuail saint chun na cáise é agus ar seisean leis féin, “Meallfaidh mé an cháis ón sean-amadán sin.” Cad a dhéanfadh an rógaire ach síneadh faoi bhun an chrainn is féachaint in airde ar an bpréachán. Thosaigh sé ag bladar.

“Ó is deas thú a éinín ghleoite. Nach álainn iad do chuid cleití. Nach néata an goibín atá ort. Deirtear go bhfuil guth gránna garbh agat, ach ná creid focal uatha. Is amhlaidh atá éad ar na h-éin eile leat. Creid uaimse a phréacháin gleoite gur binne do bhéilín ná ceolta sí. ’Sea! Tabhair amhráinín dúinn – suantraí a chuirfidh a chodladh mé.”

Cad a dhéanfadh an t-amadán préacháin ach tosnú ag canadh, ach má thosnaigh, thit an cháis as a bhéal agus sciob an madra rua é. Ag imeacht don mhadra rua bhí drann gháire air agus é ag caint leis feín: “Seachain lucht an bhladair, seachain lustairí cama.”

Back To Top

Luch ar Meisce

Bhi gasra fear ag ól i dteach tabhairne lá agus anois is arís thiteadh braoinín uisce beatha as na gloiní ar an urlár. Bhí luch istigh i bpoll sa bhalla ag féachaint amach agus eagla a croí uirthi go bhfeicfeadh an cat í. Faoi dheireadh ghlac sí misneach. Tháinig sí amach agus d’ól sí braoinín as loch beag a bhí ar an urlár. Rith sí isteach sa pholl arís. Thaitin an braoinín léi agus níorbh fhada gur tháinig sí amach arís ach bhí crith-eagla uirthi roimh an gcat.

D’ól an luch braoinín eile agus isteach sa pholl arís léi. Bhí sí súgach ansin. Tháinig sí amach an triú h-uair, d’ól sí braoinín eile agus isteach sa pholl arís léi. Níorbh fhada istigh di nuair a tháinig sí amach arís. Ní raibh scáth ná eagla roimh cat ná aon rud eile uirthi. Sheas sí ar a dá cois deiridh i lár an urláir agus lig sí cúpla liú aisti.

“Cá bhfuil na seanchait salacha sin anois?” arsa an luch. “Dar fia go n-íosfainn millíun des na rudaí gránna!” Ach bhí an cat ag faire uirthi i ngan fhios di. Thug sé léim as a chabhail is tháinig sé sa mhullach uirthi. Scuab sé chun siúl í agus d’ith sé ar a shuaimhneas í. Faraor nar chuimhnigh an luch ar an seanfhocal: “Ná bac leis an misneach baoth – nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh.”

Back To Top

An Fear Tuaithe agus an Luch

Bhí fear tuaithe ag obair sa ghort lá amháin. Bhí an lá an-te agus bhí tart as cuimse ar an bhfear bhocht. Níor mhaith leis aon am a chur amú ag dul chun an tí ar lorg dí dá mb’fhéidir leis ar domhan é. Ar deireadh b’éigin dó an teach a bhaint amach agus é i ndeireadh na péice.

Thug bean a’ tí deoch bhainne dó. Díreach agus é ag dul á n-ól chuir sé béic as. “Seo, seo, tóg uaim é seo go tapa,” ar seisean, “tá luch báite ann!” Rug an bhean ar an soitheach, thóg sí an luch as, agus thug sí an soitheach ar ais dó. “Dhera, céard atá ag teacht ort?” ar seisean léi. “An ag iarraidh orm deoch a raibh luch ann a ól atá tú? Is beag an baol orm go deimhin!”

Lig an bhean osna trom, “Muise, is tusa an fear is aistigh a chonaic mé riamh,” ar sise. “Ni ólfaidh tú bainne agus luch ann, agus ní ólfaidh tú é gan luch. Táim cráite agat!”

Mar a deir an seanfhocal “Is túisce deoch ná scéal.”

Back To Top

Déanfaidh Siad Mise

Fadó, fadó agus is fada fíorach an lá ó shin é bhíodh a fhios ag gach uile dhuine cén uair a gheobhadh sé bás.

Lá amháin, ar aon chaoi, bhí Dia ag déanamh cigireachta.

Scrúdaigh sé feirm amháin.

Ansin rinne Dia casaoid leis an bhfeirmeoir faoi chomh siléigeach sliobarnach is a bhí na claíocha tógtha aige.

“Á,” a deir an feirmeoir, “déanfaidh siad mise. Gheobhaidh mé bás amárach.”

“Caithfidh mé an domhan a athrú,” a deir Dia leis féin, “nó ní bheidh dada le rá ag an mbéal atá le teacht.”

Agus d’athraigh.

Uaidh sin go dtí an lá atá inniu ann, níl a fhios ag aon duine cá bhfuil fód a bháis.

Back To Top

An Sionnach is an Cat

Lá amháin bhí an sionnach is an cat ag comhrá.

Thosaigh an sionnach ag maíomh is ag déanamh gaisce.

“Tá go leor leor bealaí agamsa,” a deir sé, “le héalú ón bhfiach.”

“Muise, Dia dár réiteach,” a deir an cat, “níl agamsa ach aon bhealach amháin le héalú.”

Lean an sionnach ar aghaidh ag bladaráil, is ag bladaráil, ag maíomh agus ag déanamh gaisce.

Bhí sé ag déanamh an méid sin cainte nár chuala sé na madraí ag teacht.

Chuaigh an cat ag dreapadóireacht suas ar chrann.

Ba é sin an t-aon chleas a bhronn Dia uirthi.

Mar a dúirt mé, bhí an oiread cuthaigh ar an sionnach ag maíomh as a chuid cleas nár chuala sé na madraí ag teacht.

Maraíodh é tar éis a raibh de chleasa aige.

Back To Top

An Sagart ar Goideadh a Chóta Mhór Uaidh

Bhí fear tíre ann fadó agus ghoid sé cóta mór an tsagairt.

An samhradh a bhí ann agus níor airigh an sagart a chóta uaidh.

Chuaigh an gadaí chun faoistine chuig an sagart féin.

“Ghoid mé cóta mór, a Athair.”

“Dona go leor,” a deir an sagart. “Is peaca an ghoid ach ní leor é a insint lá faoistine. Caithfear an cóta a thabhairt ar ais don duine ar leis é.”

“B’fhearr liom tusa á ghlacadh uaim, a Athair.”

“Ní ghlacfaidh. Tabhair ar ais don úinéar é.”

“Bhuel, thairg mé dó é,” a deir an fear, “agus ní ghlacfadh sé uaim é.”

“Ó, más mar sin é,” a deir an sagart, “coinnigh tú féin é.”

Agus choinnigh.

Back To Top

Mallacht Phádraig ar Mhuintir na h-Éireann

Nuair a bhí Naomh Pádraig ag múineadh an chreidimh do mhuintir na h-Éireann, bhí obair an-chrua le déanamh aige.

Go mion minic d’iompaigh siad ar ais ina bPágánaigh agus thréig siad an creideamh.

Oíche amháin bhí Pádraig an-tuirseach agus thit sé ina chodladh.

Thosaigh sé ag brionglóidigh.

Chonaic sé muintir na h-Éireann ag tréigean an chreidimh.

D’iompaigh sé thart ina chodladh agus dúirt sé os ard “Mallacht Dé ar mhuintir na h-Éireann.”

Chuala a Aingeal Choimhdeachta é agus dúirt sé “Ar bharr na mbrobh go dtite sé.”

Tar éis tamaill, d’iompaigh Pádraig arís agus dúirt sé os ard “Mallacht Dé ar mhuintir na h-Éireann.”

Ní túisce ráite aige é ná dúirt a Aingeal Choimhdeachta “Ar bharr na raithní go dtite sé.”

Tar éis tamaillín d’iompaigh Pádraig thart arís agus dúirt sé “Mallacht Dé ar mhuintir na h-Éireann.”

Ní túisce ráite aige é ná dúirt a Aingeal Choimhdeachta “Ar chúr na habhann go dtite sé.”

Ón la sin go dtí an lá atá inniu ann, tá barr na mbrobh seargtha, barr na raithní lúbtha agus is minic dath buí ar chúr na habhann.

Back To Top

Folcadh Íosa

San am a raibh Muire agus Iósaf ag teitheadh leis an leanbh Íosa ón Iora tharla go leor leor eachtraí dóibh. Tharla an eachtra seo oíche amháin tar éis dóibh a bheith ag siúl ar feadh an lae tríd an ngaineamhlach. Bhí siad an-tuirseach ar fad agus iad clúdaithe le gaineamh agus le deannach. Thug siad faoi deara tine agus campa a bhí píosa maith uathu. Chuaigh siad chomh fada leis an gcampa agus d’iarr siad cead fanacht cois tine ar feadh na hoíche. Tugadh an cead dóibh agus dúradh go raibh fáilte rompu.

Nuair a bhí siad tamall ina suí cois tine thuig Muire agus Iósaf gur campa robálaithe a bhí ann ach ní raibh aon fhaitíos orthu mar bhí siad féin chomh bocht sin is nach mbacfadh robálaithe leo. Bhí bean amháin ann agus bhí si ag réiteach folctha dá leanbh. Bhí sí díreach ag cur a páiste isteach sa tobán nuair a thug sí faoi deara chomh salach is a bhí an leanbh Íosa. “Bíodh folcadh ag do mhacsa i dtosach” a deir sí le Muire. “Tá lobhra ar mo mhacsa agus níor mhaith liom go bhfaigheadh do pháistesa an galar as an uisce.”

Bhí go maith. Nigh Muire Íosa. Nigh an bhean a mac san uisce céanna agus díreach nuair a thóg sí a páiste as an dtobán glanadh an lobhra de agus leigheasadh é. Sula bhfuair sé bás dúirt an robálaí go raibh brón air faoina pheacaí agus rinne sé aithrí. Mhaith Íosa a pheacaí dó agus dúirt Sé leis go mbeadh sé ar Neamh in éineacht Leis an lá sin. Ba é an robálaí sin an páiste a leigheasadh tríocha bliain roimhe sin.

Back To Top

Cé a chrochfaí?

In aimsir Chogadh na Talún bhí cumhacht an-láidir ag na Tiarnaí Talún.

Níor theastaigh mórán údair le go gcrochfaí thú.

Daoradh triúr chun a gcrochta, fear agus a mhac agus deartháir a chéile.

Dar ndóigh, agus ní nach ionadh, thosaigh bean an fhir ag screadaíl caointe in ard a cinn is a gutha.

Sa deireadh ghlac an breitheamh trua di.

Dúirt sé léi go ligfeadh sé saor duine amháin den triúr, cibé duine acu a roghnódh sí féin.

Anois, mar a dúirt mé cheana, bhí a fear céile ann, a deartháir agus a mac.

Ba rídheacair an roghnú a bhí le déanamh aici.

Sa deireadh roghnaigh sí a deartháir.

Nuair a d’fhiafraigh an breitheamh di cén fáth gurbh é a deartháir a roghnaigh sí, seo mar a dúirt sí: “Gheobhaidh mé fear i dtír Mac i mbroinn Ach ní bhfaighidh mé mo dheartháir choíche.”

Chuir sin an oiread iontais ar an mbreitheamh gur scaoil sé saor an triúr acu.

Back To Top

An Caora Cliste

Bhí sionnach ann uair amháin agus bhí sé cráite ag dreancaidí.

Thriail sé gach uile chleas dá raibh aige le fáil réidh leo.

Scríob sé é féin. Thochas sé é féin.

Rolláil sé é féin ar an talamh.

Ach theip ar gach uile chleas acu.

Bhí caora mar chara aige agus chuaigh sé chuici ag iarraidh comhairle uirthi.

“An bhfuil a fhios agat céard a dhéanfaidh tú?” a deir an chaora.

“Tarraing píosa olla de mo dhroim.”

Rinne an sionnach mar a dúradh leis.

“Coinnigh an píosa olla sin i do bhéal anois,” a deir an chaora, “agus téanam ort síos chun na farraige.”

“Isteach leat sa sáile i ndiaidh do thóna,” a deir an chaora.

Isteach leis an sionnach.

De réir mar a bhí an sáile ag clúdach a eireabaill agus a cholainne ulig, léim na dreancaidí suas suas go dtí nach raibh áit le dul acu ach isteach sa phíosa olla.

“Oscail do bhéal anois,” a deir an chaora, “agus scaoil uait an píosa olla.”

D’imigh na dreancaidí ag snámh ar an taoile.

Anois nár chliste an calín í an chaora?

Back To Top

An Feirmeoir agus an t-Iascaire

Casadh feirmeoir agus iascaire ar a chéile lá amháin.

Thosaigh siad ag comhrá.

“An bhfuil d’athair beo?” a deir an feirmeoir.

“Níl,” a deir an t-iascaire.

“Céard a d’éirigh dó?” a deir an feirmeoir.

“Bádh é,” a deir an t-iascaire.

“Is céard faoi do sheanathair?” a deir an feirmeoir, “ar éirigh an rud céanna dó?”

“D’éirigh,” a deir an t-iascaire, “bádh eisean freisin.”

“Bhuel,” a deir an feirmeoir, “dá mba mise tusa, ní ghabhfainn ar an bhfarraige arís go brách.”

“Is céard faoi d’athairse?” a deir an t-iascaire. “An bhfuil sé beo?”

“Níl,” a deir an feirmeoir. “Fuair sé bás ar an leaba.”

“Agus do sheanathair?” a deir an t-iascaire.

“D’eirigh an rud céanna dó siúd. Fuair seisean bás ar a leaba freisin,” a deir an feirmeoir.

“Bhuel,” a deir an t-iascaire, “dá mba mise tusa, ní luífinn ar an leaba arís go brách.”

Agus sin deireadh an scéil.

Back To Top

An Chaoi ar Phioc an Gobán Saor Bean Dá Mhac

Bhí an-chion go deo ag an nGobán Saor ar a mhac. Ach bhí an-fhaitíos air go bpósfadh sé óinseach de bhean. Bhí aithne ag an nGobán Saor ar chailín deas ach ní raibh sé ró-chinnte an raibh sise sách cliste agus sách ábalta le bheith ina bhean chéile ag a mhac.
Chonaic sé a mhac ag breathnú uirthi go minic agus ag caochadh súile uirthi. Chuimhnigh an Gobán ar sheift. Bhí a fhios aige go mbeadh an cailín ar an mhargadh an lá dár gcionn.

D’ordaigh an Gobán dá mhac dul ar an aonach ag díol craicinn caorach.

“Ach,” a deir sé leis, “caithfidh tú an craiceann agus a luach a thabhairt abhaile chugamsa.”

D’imigh an mac ar an mhargadh. Bhí an-imní go deo air.

Ní raibh a fhios aige beo beirthe ná baiste cén chaoi ina bhféadfadh sé orduithe a athar a chomhlíonadh.

Ba ghearr go bhfaca sé an cailín.

Anonn leis agus d’inis sé di faoina dheacracht.

“Cén chaoi sa diabhal,” a deir sé, “a thabharfaidh mé abhaile an craiceann agus a luach chuig mo dhaidí?”

“Ó,” a deir sí, “tá sé sin simplí. Tabhair dom an craiceann,” a deir sí.

Thug sé di é. Bhearr sí an olann de. Dhíol sí an olann.

Chuaigh mac an Ghobáin abhaile agus straois go cluas air.

Phós mac an Ghobáin an cailín agus bhí an Gobán an-sásta léi.

Back To Top

Giorraíonn Beirt Bóthar

Lá dá raibh an Gobán Saor agus a mhac ag dul ar aistear fada, dúirt an Gobán lena mhac, “Giorraigh an bóthar, a mhic.”

“Níl mé in ann,” a deir an mac.

“Tá go maith,” a deir an Gobán. “Caithfimid filleadh abhaile.”

An lá ina dhiaidh sin thosaigh siad ar an aistear arís.

Ní raibh siad i bhfad ar an mbóthar nuair a dúirt an Gobán “Giorraigh an bóthar, a mhic.”

“Níl mé in ann,” a deir an mac.

“Tá go maith,” a deir an Gobán, “caithfimid filleadh abhaile.”

An tríú lá tharla an rud céanna.

Nuair a bhí siad ag filleadh abhaile thug mac an Ghobáin faoi deara go raibh olc ar a athair agus tháinig an-imní air.

An oíche sin d’inis sé an scéal dá bhean.

“Cén chaoi, in ainm Dé, ina bhféadfainn an bóthar a ghiorrú?”

Thosaigh a bhean ag gáire. “Tá sé sin simplí,” a deir sí. “An chéad uair eile a déarfaidh sé leat an bóthar a ghiorrú, tosaigh ag insint scéalta dó. Ar an mbealach sin ní aireoidh sé an t-am ag sleamhnú thart agus giorróidh tú an bóthar.”

Bhí go maith is ní raibh go holc.

An lá dar gcionn chuir siad chun bóthair arís.

Ní raibh siad i bhfad ar an mbealach nuair a dúirt an Gobán “Giorraigh an bóthar, a mhic.”

Thosaigh mac an Ghobáin ag insint scéalta. Níor airigh siad an t-am ag sleamhnú thart agus nuair a shroich siad ceann scríbe bhí an Gobán Saor an-bhródúil as a mhac.

Back To Top

An Broc agus an Sionnach

Tá an broc níos láidre ná an sionnach. Tá an sionnach i bhfad níos glice ná an broc. Ach tá faitíos ar an sionnach roimh an mbroc. Oíche amháin dúirt an broc leis an sionnach go raibh sé chun go leor leor cearc a mharú. Dúirt sé leis an sionnach go gcaithfeadh sé teacht agus cabhrú leis. D’imigh siad leo.

Shroich siad cró na gcearc agus rinne siad poll sa bhalla. Chuaigh siad isteach agus mharaigh siad na cearca uilig. Thosaigh siad ag ithe. Lean siad ar aghaidh ag ithe is ag ithe is ag ithe. Gach uile uair a d’itheadh sé cearc iomlán d’éiríodh an sionnach. Deireadh sé go raibh sé ag dul amach ag féachaint an raibh an feirmeoir ag teacht. Shleamhnaíodh sé amach tríd an bpoll. D’fhanadh sé amuigh tamaillín agus thagadh sé isteach arís agus leanadh sé ar aghaidh ag ithe in éineacht leis an mbroc.

An chéad rud eile chuaigh an sionnach amach arís ach níor tháinig sé ar ais. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, tháinig an feirmeoir agus a chlann mhac. Mharaigh siad an broc. An bhfuil a fhios agaibh cén fáth go mbíodh an sionnach ag sleamhnú amach tar éis gach uile chearc a ithe? Bhí faitíos air go raibh sé ag éirí ró-ramhar. An uair dheireanach a shleamhaigh sé amach is ar éigean a d’éirigh leis dul tríd an bpoll. Sin é an fáth ar fhan sé amuigh. Anois! Nach ndúirt mé leat go bhfuil an sionnach i bhfad níos glice ná an broc?

An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic.

Back To Top

An Sagart agus an tAmadán

Deirtear gurb iad na trí nithe is géire amuigh ná: Dealg láibe, fiacail cú agus briathar amadáin. Bíodh sé sin fíor nó ná bíodh, is iomaí uair atá “amadán” in ann freagra a thabhairt a mbíonn ciall mhaith leis.

San am fadó nuair a theastaíodh ó na sagairt faitíos a chur ar na daoine, bhagraídís go gcuiridís adharca orthu nó eireaball nó rud éigin uafásach mar sin.

Chreid go leor daoine go raibh an chumhacht sin acu, bíodh nó ná bíodh. Bhí sagart san áit ar tógadh mise agus bhí sé chomh cantalach le dris. Bhíodh na daoine ar uafás roimhe. Bhí sé borb, te, teasaí is gan foighne dá laghad aige. San am sin is ar chapaill a bhíodh na sagairt ag taisteal.

Lá amháin tháinig sé isteach chuig an mbaile mór agus deifir an diabhail air. Léim sé dá chapall taobh amuigh de shiopa. Bhí duine ar an mbaile ar leag Dia A lámh air. Thugtaí “An t-Amadán” air. “Gabh i leith,” a deir an sagart. “Coinnigh greim ar mo chapall dom agus tabharfaidh mé scilling duit.” Bhreathnaigh “An t-Amadán” air agus chuir sé éadan neamhurchóideach air féin. “Coinneoidh mé duit é,” a deir sé, “má thugann tú dhá scilling dom.” Spréach an sagart, “Coinnigh mo chapall dom,” a deir sé, “nó greamóidh mé don talamh thú.” “Hm…” a deir “An t-Amadán,” “cad chuige nach ngreamaíonn tú an capall don talamh is ní chosnóidh sé pingin ar bith ort!”

Back To Top

Fear na gCos Gránna

Bí fear ann fadó agus bhí dhá chos chama faoi. Ní hé amháin go raibh siad cam, bhí siad míchumtha, gránna freisin. Scanrófá dá bhfeicfeá iad. Oíche amháin bhí céilí i dteach na gcomharsan. Bhí go leor leor daoine i láthair agus bhí fear na gcosa gránna ann chomh maith. Bhí sé ina shuí sa chlúid agus cos amháin sínte amach aige agus a chos eile craptha isteach faoi.

Bhí bodach óg mímhúinte i measc an tslua. Is gearr gur thug sé an chos ghránna faoi deara agus fuair sé caidéis de.

“Ní fhaca mé cos chomh gránna léi sin riamh cheana,” a deir sé go tarcaisneach.

“Cuirfidh mé geall nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit ar fud an domhain.”

“Cuirfidh mise geall go bhfuil,” a deir fear na gcos gránna.

“Cé mhéad a chuirfidh tú?” a deir an bodach.

“Cuirfidh mé cúig punt leat,” a deir an fear eile.

“Cuirfidh mé leat,” a deir an bodach ag caitheamh cúig punt ar an urlár.

Sheas gach uile dhuine ag breathnú.

Ní chloisfeá smid sa teach.

“Bheul,” a deir an bodach, “cá bhfuil an chos atá chomh gránna le do chos-sa le feiceáil nó le fáil?”

D’ardaigh fear na gcos gránna é féin beagáinín sa chathaoir agus go mall réidh shín sé amach an chos eile.

“Sin agat anois í,” a deir sé agus straois gáire air.

Dar ndóigh bhuaigh sé an geall.

Back To Top

Scéal an Dá Mhadra

Bhí dhá mhadra ann – Suan agus Snab. Is mór an difríocht a bhí idir an dá mhadra. Maidrín beag gleoite macánta ba ea Suan. Níor mhaith leis aon rud sa saol seo a ghortú ná buairt nó brón a chur ar aon mhadra eile. Ní mar sin do bhíodh Snab. Madra gránna droch-mhiotalach do bea é siúd.

Chuaigh an dá mhadra ag siúl amach dóibh féin lá. Nuair a bhuaileadh aon mhadra eile leo bhíodh Suan go deas muinteartha. Ach maidir le Snab nuair nach mbíodh sé ag sceamhaíl bhíodh sé ag drannadh agus nuair nach mbíodh sé ag drannadh bhíodh sé ag snabadh. Mar sin dóibh go dtáinig siad go sráidbhaile.

Níorbh fhada sa sráidbhaile don dá mhadra gur thosaigh Snab ar a dhroch-bhéasaí gránna. Ach níorbh fhada, freisin, gur bhailigh madraí na sráide go léir timpeall orthu agus strac siad Snab as a chéile ina mhion phíosaí. Agus maidir le Suan bocht, ós rud é go raibh sé i dteannta Shnáib d’imigh an íde céanna air. Is dá bharr sin a d’fhás an seanfhocal, “Seachain an droch-chuideachta nó is baol duit.”

Back To Top

Píobaireacht Ghreannmhar

Ba ghreannmhar an buachaillín é Tomás Tóibín. Bhí dúil a chroí i gceol aige agus go mór-mhór i gceol na píbe. Thabharfadh sé ar a bhfaca sé riamh ar phíob. Pé scéal é nuair a tháinig máthair Thomaisín isteach sa chistin lá do leath a dá súil nuair a chonaic sí cad a bhí ar siúl ag Tomás. Is amhlaidh a bhí Tomás agus an cat faoina ascaill aige, eireaball an chait ina bhéal agus d’réir mar a bhíodh sé ag fáscadh an chait bhíodh an créatúirín sin ag miamhlaigh agus ag screadaíl.

“Cad é seo átá ar siúl agat nó cad tá ag teacht ort in aochor?” arsa an mháthair. “Is beag nach ndéanfadh sé píob a Mham! Éist leis an gceol,” agus sháith sé poinnte an eireabaill ina bhéal. Thug sé fáisceadh láidir don chat agus chuir an cat scréach eile as. “In ainm Dé scaoil uait an cat. Bog de a deirim leat!” arsa an mháthair. “Ta sé an-chosúil le ceol na píbe, a Mham, nach bhfuil?” arsa Tomás. Bhain an mháthair croitheadh as a ceann. “Is aerach an mac tú,” ar sise. “Ní h-aon mhaith bheith leat. Ceannóidh mé píob duit an chéad lá eile a rachaidh mé ar an mbaile mór.”

Rinne an mhathair a geallúint a chomhlíonadh is tá Tomás ina phíobaire iontach anois. Is minic fós a thráchtann a mhathair ar lá an chait.

Back To Top

Ceacht a Fuair an Gadaí Óg

Chuir a mháthair Tomáisín ar theachtaireacht go dtí an baile mór. Chaith sé tamall maith ag féachaint isteach i bhfuinneoga na siopaí agus ag tabhairt faoi ndeara na rudaí deasa. Faoi dheireadh chonaic sé cúntar fada i gceann de na siopaí agus an-chuid boscaí milseán ar an gcúntar sin. Bhuail dúil ins na milseáin é agus shleamhnaigh sé isteach doras an t-siopa go ciúin réidh.

Bhí fear an t-siopa agus a chúl iompaithe leis an gcúntar. Cheap Tomáisín nár mhiste dó cúpla milseán a thógaint agus nach bhfeicfí é. Ach mo chreach! Bhí scathán os comhair an fhir agus chonaic fear an t-siopa Tomáisín ag cur a láimhe sa bhosca, ag tógaint cúpla milseán agus á n-ithe. D’iompaigh sé go tobann is thug a aghaidh ar an ngarsún.

“A gharsúin,” ar seisean, “bhí nimh sa bhosca sin agus tá súil agam nar ith tú aon ní a bhí ann!”

Tháinig scanradh an domhain ar Thomáisín. Rith sé abhaile is é ag crith ó bhun go baithis. D’inis sé gach rud dá mháthair. “Dóbair duit,” arsa an mháthair. “Is maith a scarais leis. B’fhéidir nach bhfaighidh tú bás an iarracht seo ach seachain, a gharsúin, is ná goid aon rud dá laghad arís a fhaid a mhairfir.” Dúirt an mac nach ndéanfadh agus chómhlíon sé an geallúint sin go lá a bháis. Ba mhaith an ceacht a fuair Tomáisín.

Back To Top

Tabhair Aire dos na Mion-Rudaí

Bhí saor loinge ag déanamh loinge uair. Thug sé faoi deara go raibh poll i bplannc a bhí sé ag cur ar thaobh na loinge – poll crumhóige. “Is fíor,” arsa an saor ina aigne féin, “go bhfuil poll sa phlannc seo ach níl ann ach poll beag. Níl sa pholl ach aon crumhóg amháin agus ní féidir léi mórán díobhála a dhéanamh. Níor mhaith liom an plannc a dhul gan úsáid. Cuirfidh mé isteach é. Ní fheicfear an poll.”

Rinneadh an long agus long níos deise níor dearnadh riamh sa longlann sin. An chéad lá a cuireadh ar snamh é bhailigh na sluaite. Ba dheas an radharc í, a seolta is a bratacha ag luascadh leis an ngaoth. D’éirigh léi go h-iontach ar feadh trí bliana ach in áit a chéile tugtaí faoi deara poll anseo is ansiúd ar fud na loinge. Ó am go h-am caití clár a bhíodh pollta dreoite a thógaint amach aisti agus clár nua a chur isteach. Níorbh fhéidir leis an gcaptaen ná foireann na loinge a thuiscint cén fá go mbíodh na poill ag teacht ins na cláracha.

Lá de na laethe tháinig stoirm mhór is an long i bhfad ó thír, i lár na farraige móire. Sheas sí go calma ar feadh tamaill cé go raibh na tonntracha á luascadh is á chaitheamh anonn is anall. Ach faoi dheireadh tháinig tonn mhór is do chnag a cliathán. D’imigh na cláracha dreoite as a chéile. Chuaigh an long go tóin poill. Bhí gach plannc a bhí inti dreoite is lán de phollta ós na crumhóga cé nach raibh inti ar dtús ach aon pholl crumhóige amháin agus go ndúirt an saor loinge nach bhfeicfí é. Is minic a déantar díobháil mór nuair nach dtugtar aire do na mion rudaí.

Back To Top

An Dochtúir Óg agus an Sean-dochtúir

Bhí dochtúir óg tar éis teacht abhaile ar a laethanta saoire agus díntiúirí a cheirde aige. Ach b’fhada uaidh gliceas a athar, an sean-dochtúir, a bheith aige. Cúpla lá tar éis teacht abhaile dhó glaodh ar an sean-dochtúir chuig seanduine breoite agus thóg sé an dochtúir óg leis. Chuaigh an bheirt acu isteach sa seomra ina raibh an t-othar. Bhí an dochtúir óg ag tabhairt gach rud faoi deara.

“Cuir amach do theanga,” arsa an seandochtúir. Rinne an seanduine amhlaidh. Mhothaigh an seandochtúir a chuisle ansin. Chroith sé a cheann is dúirt “Bíonn tú ag ithe oráistí a fhir mhaith.” “Is fíor sin,” arsa an seanduine. “Tá dúil mhór agam in oráistí. Ithim leathdosaen díobh gach lá.”

Nuair a bhí siad ag dul abhaile chuir an dochtúir óg ceist ar a athair, “Conas a fuairis fios go mbíodh an seanduine ag ithe oráistí?” “Chonaic mé na craicne faoin leaba,” arsa an seandochtúir. Bhí go maith.

Cúpla lá in dhiaidh sin cuireadh fios ar an dochtúir óg ó sheanbhean a bhí breoite. Chuaigh sé isteach sa seomra agus is é an chéad rud a rinne sé ná féachaint faoin leaba agus cad a chonaic sé ann ach sean-chrú capaill. Chroith sé a cheann. “D’ithis capall,” ar seisean. “Seachain a leithéid sin feasta agus ní fada go mbeidh biseach ort.”

Níor mhaith liom a rá cad a dúirt an seanbhean agus muintir an tí ach ní paidreacha a dúirt siad. Bhí an dochtúir óg ina dhreoilín spóirt ar fud an bhaile ar feadh i bhfad. Mar a deir an sean-fhocal “Ní féidir ceann críonna a chur ar cholann óg.”

Back To Top

An Saibhreas a bhí sa Talamh

Feirmeoir a bhí ann fadó agus bhí sé ar leaba a bháis. Bhailigh sé a chlann mhac timpeall air chun comhairle a leasa a thabhairt dóibh agus chun slán a fhágaint acu sula bhfágfadh sé an saol seo. Is mar seo a labhair sé, “Is trua liom, a chlann, a bheith bhur bhfágaint, ach táim caite críona anois is dá fhaid an lá tagann an oíche. Tá mo ré caite sa saol seo. Ní fada go mbeidh mé ag scarúint libh. Airgead ná ór níl agam á fhágaint le h-uacht agaibh ach tá rún agam le scaoileadh libh. Is óm athair féin a fuair mé an rún. Seo mar atá. Tá saibhreas mór i bhfolach sa feirm seo againne ach níor insíodh riamh dom cad é an ball díreach ina bhfuil sé ach go bhfuil sé troigh i ndoimhneas sa talamh. Is é mo chomhairle díbh nuair a bheidh mé faoin bhfód tosnú láithreach bonn is gan stad go mbeidh gach orlach den talamh rómhartha agaibh. Agus go gcúití Dia bhur saothar libh.”

Nuair a bhí an fear bocht curtha do thosnaigh an clann mhac láithreach ag rómhar na feirme. Níor fhágadar orlach de gan rómhar is gan bhriseadh. Cheapadar ó lá go lá go bhfaighidís próca óir nó rud éigin luachmhar. Ach faic ní bhfuair siad. Tháinig an t-Earrach agus dúirt siad leo féin, ós rud é go raibh an talamh rómhartha agus ina bhranar mhín anois, gurbh fhearr dóibh síolta a chur ann. Rinneadar amhlaidh.

Nuair a tháinig an fómhar bhí na barraí i bhfad Éireann níos fearr acu ná mar a bhí ag na comharsana. “Tuigim anois,” arsa duine acu, “cad é an saibhreas go raibh m’athair bocht ag tagairt dó. Muna mbeadh an rómhar agus an réabadh a rinneamar ní bheadh na barraí aon phioc níos fearr ná barraí na gcomharsan. Tá an saibhreas sa talamh ach é a shaothrú i gceart.”

Back To Top

An Madra Rua agus an Gabhar

Bhí madra rua agus gabhar ag taistil le chéile lá. Bhí an lá brothallach agus bhí siad spalptha leis an tart gan braon uisce le fáil thoir ná thiar, thall ná abhus. Bhíodar ag siúl rompu go duairc brónach ach faoi dheireadh tháinig siad chuig tobar doimhin fíor uisce.

Léim an madra rua isteach sa tobar agus d’ól sé a dhóthain. Dúirt sé leis an ngabhar preabadh isteach mar go raibh an t-uisce go h-álainn fionnuar. Léim an gabhar síos agus d’ól sé a sháith. Ansin chroith an madra rua a cheann agus dúirt, “A ghabhair a chroí, is dóigh liom go bhfuil greim orainn. Tá an tobar go doimhin agus tá na fállaí go h-ard sleamhain mór-thimpeall air. Conas a rachaimid slán?” “Muise, a mhadra rua tá an ceart agat. Is baolach go bhfuilimid i gcruachás,” arsa an gabhar. “Is cuma nó muc duine gan seift,” arsa an madra rua. “Ardaigh tú féin ar do chosa deiridh agus leag do chosa tosaigh i gcoinne an fhalla. Is féidir liomsa ansin dul de léim in airde ar do cheann agus an port a bhaint amach go bog. Nuair a bheidh mise ó bhaol beidh sé furasta go leor dom breith ar do adharca agus tú a stracadh chugam in airde ar an bport.”

Rinne an gabhar faoi mar a dúradh leis agus ní fada go raibh an madra rua ó chontúirt. “D’éirigh leat go maith,” arsa an gabhar. “Cabhraigh liomsa anois mar a gheall tú.”

D’fhéach an madra rua síos go tarcaisneach ar an ngabhar agus dúirt sé “A shean-phleidhce, an amhlaidh a cheapann tú go gcuirfinn mé féin i gcontúirt ar ghrá tusa a shabháil. Ní baol go ndéanfad. Tá tusa féasógach go leor chun an méid sin a thuiscint. Ach cogar! Tá comhairle agam duit – comhairle do leasa. Má éiríonn leat teacht saor as an dtobar sin – agus is baol liom nach n-éireoidh – ná léim síos i dtobar go deo arís go mbeidh eolas cruinn agat conas a thiocfaidh tú aníos as!”

D’imigh an rógaire leis agus straois air agus d’fhág sé an gabhar bocht ann. Ní fíos go dtí an lá atá inniu ann ar tháinig an gabhar bocht slán as an tobar.

Back To Top

An Fiach Dubh agus an t-Iolar Mór

Bhí an fiach dubh ag dul amach lá amháin go moch ar maidin ag soláthar dá mhuirín. Chas sé leis an iolar mór agus eisean ag soláthar dá mhuirín féin. “Cá bhfuil do thriall anois?” arsa an t-iolar leis an bhfiach dubh. “Tá sé na cianta ó chonaic mé thú. Cheap mé go raibh tú cailte.”

“Ó, muise, nílim,” arsa an fiach dubh, “ach tá mo chroí briste ó bheith ag obair ó mhaidin go h-óiche ag iarraidh mo scata clainne a thógáil.”

“Is í an scéal céanna agamsa é,” arsa an t-iolar. “Chuala mé an seabhach ag rá inné go raibh neadracha go fairsing ins an choill seo thuas agus táim ag dul suas féachaint an bhfaighinn cúpla luiprín maith ramhar do mo ál.”

“Muise, tá mo ál sa choill agus ná bain leo,” arsa an fiach dubh. “Aithneoidh tú go réidh iad. Is iad na h-éiníní is deise agus is gile agus is gleoite a chonaic tú ar sholas shúl riamh,” arsa an fiach dubh.

“Maith go leor,” arsa an t-iolar. “Ní bhacfaidh mé le h-éan ar bith a bhfuil dath geal air.” Agus scaradar le chéile go buíoch beannachtach.

Cúpla lá ina dhiadh sin, casadh an fiach dubh agus an t-iolar ar a chéile aris. “Dhera, a bhithíunaigh bhradaigh! Cén fáth ar thug tú leat mo chuid éiníní an lá eile agus tú ag gealladh dom nach dtabharfá?” arsa an fiach dubh go caointeach.
“Go deimhin féin ní dhearna mé a leithéid,” arsa an t-iolar. “Dúirt mé leat nach dtabharfainn éan geal ar bith liom agus níor bhris mé m’fhocal. Níor thugas liom ach na h-éanacha ba dhuibhe dá raibh ann.”

Bhí an fiach dubh chómh ceanúil sin ar a chlann féin gur cheap sé go rabhadar geal in áit a bheith dubh. Tá an saol ar fad amhlaidh agus beidh go brách. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearcach féin.

Back To Top

An Rí agus a Chapall

Bhí Rí ann fadó. Fear teasaí ab ea é. Bhí eagla ar gach duine roimhe. Bhí capall ag an Rí. Bhí an-mheas ag an Rí ar an gcapall agus is minic a théadh sé ag marcaíocht uirthí. Tháinig tinneas ar an gcapall. Thug an Rí ordú dá chuid fear aire a thabhairt di agus í a leigheas gan mhoill. Dúirt sé leo scéal i dtaobh an chapaill a chur chuige gach lá. Rinneadh amhlaidh. Thagadh fear chuige gach aon lá. “Cén chaoi a bhfuil an capall inniu?” a deireadh an Rí. “Go dona, a Rí,” a deireadh an fear. Lean an scéal mar sin go ceann tamaill. Tháinig fearg ar an Rí sa deireadh agus ar seisean: “Má thagann aon fhear chugam, agus a rá liom go bhfuil mo chapall marbh, cuirfead an fear sin chun báis.” Fuair an capall bás an lá sin. Bhí eagla ar na fir. Ní rachadh éinne acu chun an Rí leis an scéal ar eagla go gcuirfeadh sé chun báis é. Labhair seanduine críonna. “Rachaidh mise chuige,” ar seisean. Chuaigh an seanduine chun an Rí. “Cén chaoi a bhfuil an capall inniu?” arsa an Rí “Tá an capall san áit a mbíonn sí i gcónaí,” arsa an seanduine. “Tá sí ina lui gan cor aisti. Ní féidir léi éinní a ithe ná a ól, Ní féidir léi a h-anál a tharraingt…” “Tá sí marbh, mar sin,” arsa an Rí. “Tú féin a dúirt é, a Rí,” arsa an seanduine. Thuig an Rí an cleas d’imir an seanduine air. Dá mhéad brón a bhí air níor fhéad sé gan gáire a dhéanamh.

Back To Top

An Naomh agus a Thrí Pheata

Bhí naomh ann fadó. Mochua an t-ainm a bhí air. Bhí trí pheata aige – coileach, luch agus cuileog. D’éiríodh Mochua i lár na hoíche lena phaidreacha a rá. Nuair a bhíodh sé in am éirí, ghlaodh an coileach agus dhúisíodh sé an naomh as a chodladh. Toisc nach mbíodh ach beagán codlata déanta ag Mochua san oíche is minic a thiteadh a chodladh air sa lá. Ansin thagadh an luch agus bhíodh sí ag scríobadh a chluaise go dtí go ndúisíodh sí é. Bhí a cuid oibre féin le déanamh ag an gcuileoig. Nuair a bhíodh Mochua ag léamh a leabhair ní ligeadh an chuileog dó dul amú. Nuair a stadadh sé, d’fhanadh an chuileog ar an bhfocal deireannach a léadh sé.

Tháinig an aois ar na trí pheata. Fuaireadar bás. Bhí brón ar Mhochua. Scríobh sé chuig Colm Cille agus d’inis sé an drochscéal dó. Fear suairc ba ea Colm Cille. Scríobh sé ar ais chuig Mochua. “Is trua liom do chás,” ar seisean, “ach nach bhfuil a fhios agat nach mbíonn cailliúint mhór ach san áit a mbíonn saibhreas mór!”

Back To Top

An Rí agus an Teampall

Bhí Rí ann fadó. Rí mór, cumhachtach ab ea é. Fear uaibhreach a bhí ann. Ba mhaith leis gach duine a bheith á mholadh. Shocraigh sé ina aigne go ndéanfadh sé teampall mór. Chuir sé fios ar cheardaithe cliste leis an teampall a dhéanamh. Fuair sé seoda agus pictiúirí breátha leis an teampall a mhaisiú. Nuair a bhí an teampall déanta ní raibh a leithéid eile sa domhan. Mhol gach duine an Rí mór cumhachtach a rinne é. Scríobhadh ainm an Rí ar tháibléad mhór agus crochadh an taibléad le balla an teampaill.

Oíche amháin rinneadh taibhreamh don Rí. Chonaíc sé aingeal ag teacht anuas ó Neamh. Chuaigh an t-aingeal isteach sa teampall. D’féach sé ar na seoda. D’féach sé ar na pictiúirí. D’féach sé ar an táibléad a raibh ainm an Rí air. Ansin shíog sé ainm an Rí den táibléad agus scríobh sé ainm duine bhoicht air.

Rinneadh an taibhreamh céanna don Rí an dara oíche agus an triú oíche. Bhí ionadh agus eagla air. Céard ab ait leis an aingeal a ainm féin a shíogadh den táibléad agus ainm an duine bhoicht a scríobh air?

Chuir an Rí fios ar naomh a bhí san áit. D’inis sé a scéal dó. “Fear bocht is ea an duine sin,” arsa an naomh. “Níl ór ná airgead aige le tabhairt do Dhia ná do dhuine, ach tá grá do Dhia aige ina chroí. An fhad a bhí an teampall dá thógáil thagadh sé gach lá agus thugadh sé deoch uisce do na capaill a bhíodh ag tarraingt na gcloch. Le grá do Dhia agus le cineáltas d’ainmhithe is ea a rinne sé an gníomh sin. Is maith le Dia an té atá grámhar, umhal.”

Thuig an Rí ansin nach raibh ina chroí féin ach uabhar. Thuig sé nach le grá do Dhia a rinne sé an teampall, ach d’fhonn go bhfeicfeadh na daoine é agus go molfaidís é féin. Thug sé ordú an táibléad a bhaint anuas.

Back To Top

Rí na nÉan

Bhí comórtas idir na héin fadó. An t-éan is airde d’éireodh san aer is é a bheadh ina rí orthu, dúradar. Tháinig na héin go léir le chéile. Tháinig an préachán agus an mheaig, an smólach agus an londubh, an chuach agus an traonach, an fháinleog agus an fhuiseog, an faoilleán agus an eala, an seabhac, an t-iolrach agus an ceann cait. Bhí siad ag teacht go raibh lán na páirce díobh ann. Ansin chonaic siad chucu an t-éinín beag bídeach donn. An dreoilín a bhí ann. Chuir na héin eile scairt gháire astu nuair a chonaic siad é. Tháinig náire ar an dreoilín. Chuaigh sé i bhfolach taobh thiar den iolrach. I gceann tamaill tháinig fonn air na héin eile a fheiceáil. Léim sé in airde ar dhroim an iolraigh agus d’fan sé ann. Thosaigh an rás. An ceann cait a bhí ina stiúrthóir air. “A haon, a dó, a trí, gluaisigí,” arsa an ceann cait. D’éirigh na héin san aer. Suas leo, suas, suas, go rabhadar mar a bheadh scamall san aer. Ba ghearr gur tháinig tuirse ar na héin bheaga. Thiteadar anuas. Bhí na héin ag titim anuas ionas nach raibh fágtha ach éan amháin, an t-iolrach. D’eiteal an t-iolrach suas chomh hard agus d’fhéad sé. Chuir sé gráig as. “Mise is airde, “ ar seisean. “Mise Rí na nÉan.” Leis sin, d’éirigh an dreoilín de dhroim an iolraigh agus chuaigh sé in airde os a chionn. “Is airde mise ná tusa,” ar seisean. “Mise Rí na nÉan.” Agus is é an dreoilín rí na n-éan ó shoin i leith.

Back To Top

An Manach agus an Ceol

Bhí manach ann fadó. Duine naofa a bhí ann. Lá dá raibh an manach sa choill chuala sé ceol éin ar chrann taobh leis. Níor chuala sé riamh ceol chomh binn leis. Chuir an ceol áthas agus aoibhneas ar a chroí. Chuaigh sé síos ar a dhá ghlún agus thug sé moladh agus glóir do Dhia. D’fhan sé mar sin ar feadh tamaill. Nuair a stad an ceol d’éirigh an manach agus d’fill sé ar an mainistir. Bhuail sé ar an doras. Tháinig bráthair agus d’oscail sé an doras dó. Níor aithnigh an manach an bráthair ná níor aithnigh an bráthair é. Tháinig na manaigh go léir ach níor aithnigh sé duine ar bith acu. “Beannacht Dé oraibh,” ar seisean. “An í seo Mainistir Locha Léin?” “Is í, a bhráthair,” ar siad. “Cé hé thusa?” “Duine de mhanaigh an tí seo mé,” ar seisean. “Chuaigh mé amach tamall ó shoin agus d’fhan mé ag éisteacht le ceol éin sa choill.” “Cad is ainm duit?” ar siad. D’inis sé a ainm dóibh. Labhair sean-bhráthair a bhí ann. “Tá scéal faoi dhuine den ainm sin i sean-leabhar na mainistreach,” ar seisean. Fuair sé an leabhar agus léigh sé an scéal dóibh. Manach den ainm sin a d’imigh ón mainistir, lá, agus nár fhill riamh. “Cén uair a tharla sin?” arsa an manach. “Trí chéad bliain ó shoin,” arsa an sean-bhráthair. Thuig an manach an rud a tharla dó. Is amhlaidh a thug Dia cuid d’aoibhneas na bhflaitheas dó ar an saol seo.

Back To Top

An Préachan agus an Crúsca

Lá te tirim a bhí ann agus bhí tart ar an bpréachán. Chonaic sé crúsca ar thaobh an bhothair. Bhí scrogall caol ar an gcrúsca. D’fhéach an préachán síos ann. Chonaic sé uisce thíos, ach bhí an scrogall ró-chaol agus níor fhéad sé a cheann a chur síos. Bhí clocha beaga ar an mbóthar. Thóg an préachán cloch leis ina ghob. Chaith sé an chloch isteach sa chrúsca. Thóg leis, agus cloch eile, agus cloch eile. Chaith sé na clocha isteach sa chrúsca. Níorbh fhada gur éirigh an t-uisce aníos. D’ól an préachán a dhóthain. “Á há!” arsa an préachán. “An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic.”

Back To Top

An Coileach agus and Sionnach

Léim an coileach in airde ar an ngeata. “Coc-a-diú-dil-iú!” ar seisean. Tháinig an sionnach. Labhair sé leis an gcoileach. “Hé! a chara,” ar seisean. “Tar anuas. Ta dea-scéal agam duit.” “Cén scéal é?” arsa an coileach. “Tá,” arsa an sionnach, “síocháin a bheith déanta idir na hainmhithe go léir agus na héin go léir. Ní bheidh sé ina chogadh eadrainn feasta. Luífidh an t-uan taobh leis an leon. Codlóidh an luch taobh leis an gcat.” Níor labhair an coileach. Chas sé an cheann agus d’fhéach sé síos an bóthar. “Tar anuas, a chara,” arsa an sionnach. “Rachaimid ag siúl le chéile.” Níor labhair an coileach. “Cad air a bhfuil tú ag féachaint?” arsa an sionnach. “Táim ag féachaint ar na gadhair,” arsa an coileach. “Tá siad ag teacht an bealach seo.” “Beidh mise ag imeacht!” arsa an sionnach. “Fan go dtiocfaidh siad!” arsa an coileach. “Ní baol duit feasta iad!” “B-b-b-b’fhéidir nár chuala siad an dea-scéal,” arsa an sionnach, agus rith sé lena anam. “Coc-a-diú-dil-iú!” arsa an coileach. “Tuigim thú. Tuigim thú. “Coc-a-diú-dil-iú!”

Back To Top

An Ní is Luachmhaire

Bhí cathair ann agus bhí séipéal sa chathair. Bhi clog sa séipéal, agus nuair a bhuaileadh an clog, chloistí an ceol ar fud na cathrach. Lá amháin, stop an clog. Níorbh fhéidir an clog a chur ag gluaiseacht arís. Bhí sé ina thost. Tháinig seanduine críonna. Labhair sé leis na daoine. “Faighigí an ní is luachmhaire sa chathair,” ar seisean, “agus cuirigí ag bun na haltóra é.” Tháinig an Ri. Bhain sé an choróin dá cheann. Leag sé an choróin ag bun na haltóra. D’fhan an clog ina thost. Tháinig bean uasal. Bhain an bhean uasal a cuid seod di. Leag sí na seoda ag bun na haltóra. D’fhan an clog ina thost. Tháinig fear saibhir. Leag an fear saibhir mála airgid ag bun na haltóra. D’fhan an clog ina thost. Thainig na daoine go léir. Leag gach duine rud éigin luachmhar ag bun na haltóra. D’fhan an clog ina thost. I ndeireadh an lae, tháinig bean bhocht agus a clann óg. “Níl aon ní luachmhar againn le cur ag bun na haltóra,” ar sise. “Téigí ar bhur nglúine a chlann ó, agus abraígí paidir.” Rinne na páistí amhlaidh. Leis sin, ghluais an clog. Chualathas an ceol ar fud na cathrach. “Glóire do Dhia!” arsa na daoine. “Níl aon ní is luachmhaire ná paidreacha na bpáistí.”

Back To Top

An Naomh agus an Sionnach

Bhí naomh in Éirinn fadó. Ciarán ab ainm dó. D’imigh Ciarán óna theach agus óna mhuintir agus chuir sé faoi in áit uaigneach.

Bhí alán ainmhithe san áit. Bhí eagla ar na hainmhithe roimhe ar dtús. Ach bhí sé cineálta leo agus d’imigh an eagla.

Rinne sé peataí de chuid acu. Bhí sionnach aige mar pheata, agus broc, agus fia, agus mactíre. Ní ligeadh sé dóibh ainmhithe eile a mharú ná a ithe.

Ní itheadh sé féin ach glasraí agus ní óladh sé ach uisce.

Oiche amháin, tháinig ocras ar an sionnach. Bhí a bhróga bainte de ag an naomh agus é ina chodladh. De chraiceann caorach a bhí na bróga déanta. Cheap an sionnach go ndéanfaidís béile blasta dó féin. Rug sé ar na bróga ina bhéal agus d’imigh sé.

Nuair a dhúisigh an naomh ar maidin, bhí a fhios aige cad a bhí déanta ag an sionnach. “Imigh,” ar seisean leis an mbroc. “Tabhair do bhráthair ar ais chugainn.”

Lean an broc an sionnach. Tháing sé suas leis sula raibh na bróga ite aige. Rug sé greim ar a chluas agus bhuail sé go maith é. Ansin rug sé ar na bróga ina bhéal féin agus thiomáin sé an sionnach ar ais go dtí an áit ina raibh an naomh.

Bhí náire ar an sionnach. Deir an seanscéal go ndeachaigh sé ar a ghlúine, gur iarr sé pardún ar an naomh, agus nach gcuireadh sé greim bia ina bhéal as sin amach gan chead uaidh.

Back To Top

Bean na Circe

Bhí bean bhocht ann agus bhí cearc aici. Bheireadh an chearc ubh gach lá.

“Is í an chearc is fearr in Éirinn í,” a deireadh an bhean bhocht.

Chuala bean eile í.

“Cén fáth a ndeir tú gurb í an chearc is fearr in Éirinn í?” arsa an bhean eile.

“Mar beireann sí ubh dom gach lá,” arsa an bhean bhocht.

“Ní aon ní é sin,” arsa an bhean eile. “Dá mbéarfadh sí dhá ubh gach lá, níor mhiste duit a bheith ag maíomh aistí.”

Ón lá sin amach níor fhan aon mheas ag an mbean ar an gcearc.

“Níl aon mhaith ionat,” a deireadh sí léi. “Cén fath nach mbeireann tú dhá ubh gach lá?”

Ní deireadh an chearc ach “tiuc, tiuc, tiuc.”

“Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé leat,” arsa an bhean. “Tabharfaidh mé dhá oiread duit le n-ithe.”

Rinne sí sin. Thugadh sí dhá oiread mine don chearc gach lá. D’itheadh an chearc gach ní a thugadh an bhean di.

Chuaigh an chearc i raimhre. Tháinig leisce uirthi. Stad sí de bhreith. Níor rug sí ubh as sin amach.

“Ochón!” arsa an bhean bhocht. “Mairg nach mbíonn sásta lena mbíonn aige.”

Back To Top