Scrúdú Ceol Tíre - Eolas
- Mar gheall ar an Scrúdú Ceol Tíre
- Stair an Scrúdú Ceol Tíre
- Na Scrúduithe Féin
- Iarratais agus Siollabas
- Táillí Scrúdaithe
Mar gheall ar an Scrúdú Ceol Tíre
Is mó atá i gceist le ceol traidisiúnta na hÉireann ná díreach foinn a sheinm. Bíonn stair agus scéalta ag gabháil le ceol traidisiúnta, díreach mar a sheasann ceoltóirí an lae inniu ar ghuaillí na gceoltóirí móra a ghabh rompu. Sraith ghrádaithe scrúduithe is ea an Scrúdú Ceol Tíre a thabharfaidh tusa, an ceoltóir, ó a bheith in ann rogha fonn a sheinm go máistreacht ar an traidisiún. Ar an mbealach, éireoidh do chluas níos géire, déanfaidh tú taighde ar stair na bpíosaí ceoil, na stíleanna agus na seinnteoirí agus foghlaimeoidh tú teoiric an cheoil. Agus foinn nua, ar ndóigh!
Stair an Scrúdú Ceol Tíre
Le caoga bliain anuas, tá aitheantas bainte amach ag ceoltóirí traidisiúnta ag an bhFleadh Cheoil againn: comórtais ag leibhéal an chontae agus an chúige agus ag leibhéal uile-Éireann. Bealach cáiliúil é seo i gcónaí chun cumas seanma a léiriú ach measadh go raibh gá le córas aitheantais níos leithne don cheol traidisiúnta, ina mheasfaí ní amháin an tseinm, ach foinsí na bhfonn, stíleanna réigiúnacha agus mar sin de. Ceapadh an clár chun aitheantas foirmiúil a thabhairt do ghrúpa leathan ceoltóirí traidisiúnta agus an traidisiún a neartú ag an am céanna trí dianstaidéar a spreagadh. Bhunaigh Comhaltas agus Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann: http://www.riam.ie (RIAM) an Scrúdú i gCeol Traidisiúnta na hÉireann mar chomhthionscadal faoi chomhair na n-aidhmeanna seo. Sheol Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, an clár ag Caisleán Bhaile Átha Cliath an 14 Nollaig, 1998. I bhFeabhra 2003 ghlac Comhaltas lánfhreagracht air féin as gach gné den scrúdú a riar agus a fhorbairt.
Na Scrúduithe Féin
Is féidir an scrúdú a dhéanamh dhá uair sa bhliain i míonna Eanáir/Feabhra agus Aibreán/Bealtaine in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Tugtar am ar leith d’iarrthóirí ag a n-éisteoidh moltóir a bhfuil an-chur amach aici nó aige ar an gceol traidiúnta leo ag seinm. Labhraíonn an moltóir go neamhfhoirmiúil leis na hiarrthóirí chomh maith mar gheall ar theoiric agus stair an cheoil thraidisiúnta. Is iad na múinteoirí ceoil go hiondúil a dhéanann an t-iarratas ar son an mhic léinn ós acu is fearr eolas ar an leibhéal is oiriúnaí. Má éiríonn leat sa scrúdú faigheann tú teastas oilteachta agus an ceart dul ar aghaidh chuig an chéad chéim eile meastóireachta.
Dhá leibhéal déag atá i gclár Scrúdú Ceol Tíre, agus iad roinnte ina dtrí shraith:
- Bunleibhéal (3 Leibhéal)
- Sóisearach (5 Leibhéal)
- Sinsearach (4 Leibhéal)
Sna scrúduithe luatha ag an mbunleibhéal, ní bhíonn le déanamh ag iarrthóirí ach dhá fhonn a sheinm agus roinnt cleachtaí simplí a dhéanamh i dteoiric an cheoil. Ag na leibhéil shinsearacha, bíonn ar na ceoltóirí oilte seo rogha ceoil a sheinm ó raon leathan cineálacha ceoil, agus ornáidiú agus maise eile a chur leo. Bíonn ar iarrthóirí sinsearacha aiste a scríobh chomh maith ar thopaic ó shiollabas an Scrúdú Ceol Tíre.
Nuair a chríochnóidh tú an tSraith Shinsearach, beidh tú céim níos cóngaraí don Chúrsa Teastas Teagaisc Cheol Tíre.
Iarratais agus Siollabas
Is in Earrach (Eanáir/Feabhra) na bliana 2007 a eagrófar an chéad seisiún eile scrúduithe. Glacfar le hiarratais am ar bith suas go dtí an 2 Nollaig 2006 do sheisiún Earrach 2007. Tá cóipeanna clóite den siollabas ar fáil ach iad a lorg ó Chomhaltas - sonraí teagmhála. Tá an siollabas ar fáil chomh maith le híoslódáil. Má tá fonn ort an scrúdú a dhéanamh, molaimid duit dul chun cainte le do mhúinteoir ceoil nó le rúnaí do chraoibh áitiúil de Chomhaltas. [Faigh craobh anseo] (#)
Nuair a bheidh an leibhéal a bheadh oiriúnach duit socraithe agat le do mhúinteoir, tig leat foirm iarratais a íoslódáil nó sonraí teagmhála chun cóip a fháil.
Táillí Scrúdaithe
|Táille|Scrúdaithe| |Bunsraith 1|€22.50| |Bunsraith2|€22.50| |Bunsraith3|€22.50| |Sraith Shóisearach 1|€22.50| |Sraith Shóisearach 2|€29.50| |Sraith Shóisearach 3|€29.50| |Sraith Shóisearach 4|€38.00| |Sraith Shóisearach 5|€45.00| |Sraith Shinsearach 1|€53.50| |Sraith Shinsearach 2|€60.00| |Sraith Shinsearach 3|€69.00| |Sraith Shinsearach 4|€69.00|