ComhaltasLive #311 (Full Programme)



Time Segment
00:00 Seo beirt cheoltóir iomráiteach as Nua Eabhrach - Brian Conway (Fidil) agus Felix Dolan (Pianó) ag casadh trí ríl - “Never was Piping so Gay” (le Ed Reavy), “Ríl Lord Gordon” agus “Ríl Sheán Maguire”. Deineadh an taifead seo ag comhdháil an Chomhaltais in Aibreán na bliana 2004 in New Jersey, Na Stáit Aontaithe.
03:50 Bronwyn Power, CCÉ, Craobh na Coradh, Co.an Chláir, a ghnóthaigh an dara háit sa chomórtas don fhidil faoi-18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009, ag casadh an damhsa sciobóil “Peach Blossom”.
06:24 Aoife Ní Bhroin, CCÉ, Craobh Beaumont, Baile Átha Cliath, a ghnóthaigh an chéad áit sa chomórtas don fhidil faoi-18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009 ag casadh “Port Tom Billy”.
08:22 Teagascóirí Scoil Éigse ag Fleadh Cheoil 2009 ag casadh trí ríl - “Ríl Jack Coughlan”, “Ríl na Stoirme” agus “Tóir an Chúig Mhíle” (i ngléas neamhghnáthach - “C”). Is iad na ceoltóirí - Garry Lynch (Co.Fhear Manach - fidil), Sharon Connell (Co.na Gaillimhe - bosca ceoil) agus Peter Staunton (Baile Átha Cliath - cairdín).
11:54 Banna Céilí Dartry as Sligeach (seaimpíní na hÉireann ag an bhFleadh Cheoil sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí 2009) - casann siad “Mairseál an Pride of Erin”. (Féach clár 305, 308 nó 309 leis na hainmnacha a fháil.)
14:19 Seo é Banna Céilí an Droichid (Bridge C.B.) as Co.Laoise ag casadh dhá ríl, ag críochnú le “Sprid na Fíona” (The Spirit of Wine). Taifeadadh an ceol seo ag Fleadh 2009 sa Tulach Mhór. (Féach clár 305 chun teacht ar na hainmneacha.)
16:44 Seo Kieran Flavin as Knockanure, Co.Chiarraí (1ú áit sa chomórtas don fheadóg faoi-15 ag an bhFleadh sa Tulach Mhór i 2009) ag casadh dhá ríl ag tosú le “Kiss the Maid behind the Barrell”.
19:11 Ag seisiún sráide ag an bhFleadh chéanna sa Tulach Mhór bhí Rory McMahon, Co.an Chláir, ar an gconsairtín agus Alan Finn, Co.Chorcaigh, ar an mbosca ceoil, ag casadh roinnt ríleanna. Is é Micheál O’Connor, as Corcaigh, atá á dtionlacan ar an ngiotár.

Download Audio

Date
24 March 2010
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Brian Conway Fiddle
Felix Dolan Piano
Bronwyn Power Fiddle
Aoife Ní Bhroin Fiddle
Garry Lynch Fiddle
Sharon Connell Accordion
Peter Staunton Accordion
Dartry Céilí Band
Bridge Céilí Band
Kieran Flavan Tin Whistle
Rory McMahon Concertina
Alan Finn Accordion
Michael O'Connor Cork

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive #311

RSS Feed (What is this?)