ComhaltasLive #356 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Programme #357

Time Segment
00:00 Seo taifead a rinne muid de Erin Loughran as Pearl River, Nua Eabhrach ag casadh jig a chum an boscadóir – Billy McComiskey – “Oham’s Law”. Guímíd gach rath ar Erin ag Féile an “Rose of Tralee” ar an 23ú Lúnasa. Ba ag comhdháil an Chomhaltais i Meiriceá Thuaidh i mí na Márta 2011 a tharla seo.
01:53 B’é Banna Céilí an Awbeg a bhuaidh an chéad áit ag Fleadh Cheoil na Mumhan i mBaile an Choiligh i mí Iúil 2011. Chas siad dhá ríl dúinn – “Ríl Pheatsaí Touhy” agus “Ríl Bhirmingham”.
04:31 Chas Banna Céilí an Dal gCais as Ros Cré, Co.Thiobraid Árann dreas jigeannaí dúinn – “An Bow-Legged Tailor” agus “Tumble the Tinker” ag Fleadh na Mumhan i mí Iúil 2011.
06:34 Seo dreas poirt ó Bhanna Céilí an Shannonvale, An Baile Dubh, Co.Chiarraí agus an tarna háit á bhaint amach acu ag Fleadh Cheoil na Mumhan i mBaile an Choiligh i mí Iúil 2011.
08:51 Ag ceolchoirm iar-seaimpíní ar an mbosca ceoil sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fháilí ar an 29ú Aibreán, 2011 thaifead muid Martin Connolly as Inis, Co.an Chláir ag casadh an dá ríl – “Bonnie Kate” agus “Jenny’s Chickens”. ‘Sé Frank Kelly atá i mbun an tionlacain.
12:38 Ag ceolchoirm iar-seaimpíní fidle san Tulach Mhór ar an 30ú Aibreáin 2011 chas Brendan Larrissey as Co. Lú dhá chornphíopa – “Nead na Cuaiche” agus “Cleite na Péacóige”. ‘Sé John O’Connell atá i mbun tionlacain ar an ngiotár.
16:29 Siar go’n bhliain 2002 agus go dtí Fleadh Cheoil na hÉireann i Lios Tuathail i gCo. Chiarraí – seo buíon ceoltóirí – June McCormack (fliút), Brian Fitzgerald (Banjo) agus Mícheál Rooney (cláirseach) ag casadh dreas ríleanna ag críochnú le “Ríl an Caucus”.
19:24 Mikey Smith (Píobaí Uilleann) as Baile Átha Cliath – ag Ceolchoirm Teagascóirí Scoil Éigse ag Fleadh Cheoil na hÉireann, Lios Tuathail sa bhliain 2002 – agus an ríl “Buachaillí Bhaile na hInse” á chasadh aige.
20:58 I láthair ag an bhfleadh chéánna bhí Dympna Ó Súíleabháin (consairtín) as Co. an Chláir agus Gráinne Hambly (cláirseach) as Co. Chiarraí agus chasadar roinnt jigeannaí ag tosú leis “An Lorgadán” (Junior Crehan a chum).
24:37 B’é Feargal Scahill, as Cora Fine na Gaillimhe, a ghnóthaigh an chéad áit sa chomórtas don bhfidil (os cionn 18) agus chas sé an sár-ríl “Fáilte Shinéid roimh Charlie”.
25:14 Seo sár-fhidléir John Daly (as Corcaigh ó thus) atá fillte ar Éirinn le cúpla bliain tar éis blianta fada a chaitheamh i Chicago. “Sé Eddie Whelan as Shinrone i gCo. Uíbh Fháilí atá i mbun an tionlacain ar an ngiotár.
30:02 Seo é Banna Céilí Chathair Phort Láirge as Port Láirge i láthair ag Fleadh Cheoil na Mumhan i mí Iúil 2011. Casann siad dreas ríleanna ag críochnú le “Ríl Fred Finn”.
32:45 Ar tí craobh na hÉireann a bhuachaint i gcomórtas an bhosca ceoil faoi-12 ag an bhFleadh Cheoil I Lios Tuathail sa bhliain 2002 seo é Shane Furlong as Móinteach Mílic, Co. Laoise ag casadh ríl.

Download Audio

Date
28 August 2011
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Erin Loughran Fiddle
The Awbeg Céilí Band
The Dalgais Céilí Band
The Shannonvale Céilí Band
Martin Connolly Accordion
Brendan Larrissey Fiddle
John O'Connor Guitar
June McCormack Flute
Brian Fitzgerald Banjo
Mícheál Rooney Harp
Mikey Smith Uilleann Pipes
Dymphna O’Sullivan Concertina
Gráinne Hambly Harp
Fergal Scahill Fiddle
John Daly Fiddle
Cathair Phoirt Láirge Céilí
Shane Furlong Accordion

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #357

RSS Feed (What is this?)