ComhaltasLive #358 (Clár Iomlán)



Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa 2011.

Time Segment
00:00 Seo é Banna Céilí an Triogue as Portlaoise a fuair an 3ú áit ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa 2011 – dhá phort uathu – “An Fhuiseog ar an Trá” agus “Port Inis Bearachain”. Is iad Erin McGeown, Phil Clarke, Susan Miller agus Paula Grant na fidléirí; Niamh Furlong agus Pádraic Stapleton na fliútadóirí: Martin O’Connell an boscadóir: chas Bláthnaid Nic Cába an consairtín: Linsay Moynagh an pianó agus Liam Mac Cormaic na dromaí.
02:35 Ag an gcomórtas céanna sa Chabhán chas Banna Céilí Knockmore, CCÉ Botha , Co. Thír Eoghain “Damhsa Sciobóil Séamus Sweeney”. ‘Siad baill an bhanna – Maggie Maguire, Maria Connelly, agus Michael Kerr ag casadh na bhfidil; Lorena Maguire agus Aisling Mc Phillips ag casadh fliútanna; Chris Maguire agus Catherine Mulligan na boscadóirí; Bróna Graham ar an mbainseó; Ronan Warnock ar an bpianó agus Kieran Leonard ar na dromaí.
04:32 Sa chomórtas céanna Chas Banna Céilí Gaolta ón cCabhán dreas ríleanna - “An Green Mountain” agus “Ríl an Foxhunter”. ‘Siad baill an bhanna – Lisa Geoghegan agus Kate Marquis ar fidil; Michael Laverty Sarah O’Kane ar fliútanna; Aoife Geoghegan ag casadh ar an mbosca; Louise O’Kane ar an gconsairtín; Bríd Geoghegan ar na píobaí; Barry Geoghan ar na dromaí agus Peter Marquis ar an double-bass.
07:21 D’fhreastail os cionn 800 daoine óga as Éirinn agus ó thíortha thar lear ar an Scoil Éigse sa Chabhán. Bhí os cionn 70 saoi-mhúínteoirí i bhfeidhil na ranganna. Casann ceathrar den bhfoireann – Pádraig agus Sabina Mc Govern, Erin Finn agus Aileen Geoghegan dreas ríleanna ag tosú leis an “Fisherman’s Lilt” (Ed. Reevy a chum).
10:07 Chas Mick O’Connor as Londain (Bainseó) agus Deirdre Granville (Cláirseach) roinnt ríleanna ag an bhfleadh – “Ríl Michael Dwyer” “Ríl Mick O’Connor” (i 1971 a chum sé é).
13:09 Do b’iad Foireann Seit-Damhsa na mBan (faoi 18) as Dún Iascaigh, Co. Thiobrad Árann a bhuaidh a rug an craobh leo ag Fleadh Cheoil na hÉireann.
15:41 Thug Banna Céilí Moylurgh as Ail Fionn, Co. Ros Comáin cupla phort dúinn sa Chabhán – “Lochanna Kilglass” agus “Port Mhic Fhlannchadha”. ‘Siad baill an bhanna – Enda McGreevy, James Carey agus Shane Meehan ar fidil; Lorraine Sweeney, Aidan Shannon agus Mick Mulvey ag casadh fliútanna; Brian Mostyn an boscadóir; Breda Shannon an consairtín; Mick Blake an pianó; Damien McGuinness na dromaí.
18:09 Chas Banna Céilí Leeds, Sasana roinnt ceoil dúinn sa Chabhán agus ina lár sin bhí an ril is fearr a chualathas ag an bhfleadh – “Rásaí an Mhuileann Cearr” - agus “Ríl an Phláta Chopair” chomh maith. I measc baill an bhanna bhí Ian Pearson, Fraser Howitt agus Karen Lacey-Roberts (triúr fidléir); Rachel Howitt agus Kevin Hurley (fliútadóirí); Michael Tennyson agus John Duffy (boscadóirí); Patrick Flannery ar an mbainseó; Carrmel Bourke ar an bpianó agus Hughie Igoe ar na dromaí.
20:37 Ba í Rebecca McCarthy-Kent, CCÉ na Trá Mhóir, Co. Phort Láirge a bhuaidh an chéad áit i gcomórtas na bhfidil (faoi 18) agus thug sí ríl uaithi.
22:34 Chas Daniel Hunter, CCÉ Irish Minstrels, CGlaschú, Alba cornphíopa sa chomórtas fiddle (faoi 18) ag Fleadh Chewoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa na bliana 2011.

Download Audio

Date
8 September 2011
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
The Triogue Céilí Band
The Knockmore Céilí Band
The Gaolta Céilí Band
Padraig McGovern Uilleann Pipes
Sabina McGovern Fiddle
Erin Finn Fiddle
Aileen Geoghegan Button Accordion
Mick O'Connor Banjo
Deirdre Granville Harp
Cathair Dún Iascaigh Set Dancers
The Moylurgh Céilí Band
The Leeds Céilí Band
Rebecca McCarthy-Kent Fiddle
Daniel Hunter Fiddle

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #358

RSS Feed (What is this?)