ComhaltasLive #382 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Clár #382.

Taifeadadh gach mír sa chlár seo ag Fleadh Cheoil Chontae Luimní in Ollscoil Luimní ar an 3ú Meitheamh 2012 ach amháin míreanna 4 agus 6.

Time Segment
00:00 Seo é Banna Céilí Naomh Íde ag casadh roinnt phortanna – ghnóthaigh siad an dara háit ag an bhfleadh.
02:52 Seo é Banna Céilí Knockfennel ag casadh an chornphíopa “The Showman’s Fancy” ag Fleadh Cheoil Chontae Luimní, 3ú Meitheamh, 2012.
04:55 Seo “Mairseáil Pharnell” á chasadh ag Grúpa Ceoil Theampaill an Ghleanntáin (faoi 15) ag an bhFleadh chéanna.
07:03 Casann fear bhainseó ón Astráil – Tony O’Rourke – dhá ríl – “The Crib of Perches” agus “An Turas go Bhaile Uí Chuilinn”. ls é Noel McQuaid as Aonach, Tiobraid Árann atá ag déanamh tionlacain agus ina shiopa cheoilse a deineadh an taifead.
10:23 Thug Banna Céilí Naomh Íde an mairseáil seo uathu agus iad ag gnóthú an dara áit.
12:53 Seo Tony O’Rourke ón Ástráil arís, agus dhá phort uaidh – “Port Tom Billy” agus “An Sliabh Ceochlúdaithe”. Is é Noel McQuaid atá ag déanamh tionlacain ar bhainseó athshonadóra theanóir.
15:48 Ag cáiliú do Fleadh Cheoil na Mumhan seo iad muintir Bhanna Céilí Knockfennel agus “Mairseáil Phaidí Ó Briain” á chasadh acu.
18:17 Seo iad Grúpa Ceoil Sóisir CCÉ Castleconnell/Ahane/Herbertstown – ceol ón gcláirseoir ar dtús agus ansin ón ngrúpa ina iomlán ‘Ríl an tSealgaire Sionnaigh’ – ag Fleadh Cheoil Chontae Luimní in Ollscoil Luimní - 3ú Meitheamh, 2012.

Download Audio

Date
4 July 2012
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
The Naomh Íde Céilí Band
The Knockfennel Céilí Band
Templeglantine Under-15 Grúpa Cheoil Group
Tony O'Rourke Banjo
Noel McQuaid Mandolin/Banjo
Castleconnell/Ahane/Herbertstown CCÉ Junior Grúpa Cheoil Group

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #382

RSS Feed (What is this?)