ComhaltasLive #392 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Clár #392.

Time Segment
00:00 Casann Ciarán Mac Gearailt as Cill Droichid, Co. Chill Dara na ríleanna “The Humours of Lissadell“ agus “Sweeney’s Buttermilk” – sin tar éis an tríú áit sa chomórtas fliút faoi-15 a bhaint amach
03:03 Seo é Adam Dyer, CCÉ Craobh Naithí, BÁC ag casadh an ríl ilpháirteach “An Coirnéal Frazer” (i ngléas ‘F’) tar éis an chéad áit a fháil sa chomórtas piano cairdín sinsir ag Fleadh na hÉireann sa Chabhán – Lúnasa 2012.
06:38 Curadh Sinsear na hÉireann 2012 ar an bhfidil – Niall Ó Murchú as CCÉ Rinn gCuileann, Co. Árd Mhacha ag casadh cornphíopa sa chomórtas. Is éigean do iomaitheoirí sna comórtaisí sinsir ceithre tiúin éagsúla a chasadh.
08:37 Sa chomórtas céanna do chas Aisling Neville as Woodford, Lios Tuathail, Co. Chiarraí an ríl “An Turas go hAonach” (Seán Ó Riain a chum).
10:13 Casann Grúpa Ceoil Ionad na nEalaín Éireannacha, Missouri, Na S.A. dhá tiún – “Loftus Jones” (Ó Cearbhallán do chum) agus an port luasca “An Crann Deilg” – ag anbhFleadh sa Chabhán i mí Lúnasa 2012. Is iad na ceoltóirí: An sraith ar chúl ón gclé:.-Ashley Laws (bosca ceoil), Fiona Gannon (fidil), Josie Moran (feadóg), Carolin Burton (fliút); An sraith tosaigh – ón gclé: Natalie O’Loughlin (cláirseach), Holly Laws (fidil), Molly Burton (bosca ceoil) agus Griffin Reed (consairtín).
15:16 Seo Banna Céilí Ceoltóirí na Mainistreach as Inis an Chláir a fuair an dara áit ag Fleadh 2012 ag casadh dreas ríleanna.
18:23 Agus ríl de chuid Ed Reavy á chasadh aici, seo Sarah Buteux as Pearl Piver, Nua Eabhrach ag gnóthú an chéad áit sa chomórtas fidle fé 18 sa Chabhán.
20:01 ‘Sé Jack Bogard as Cincinnati, Ohio atá anseo agus port á chasadh aige sa chomórtas fidle fé 18 sa Chabhán, Lúnasa 2012.
22:22 Leah Kenny, CCÉ Doora-Barefield, Co. an Chláir agus an ríl “Jenny’s Chickens” á chasadh aici sa chomórtas fidle fé 18 ag Fleadh 2012 sa Chabhán – ghnóthaigh sí an dara áit.

Download Audio

Date
1 November 2012
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Ciarán Fitzgerald Concert Flute
Adam Dyer Piano Accordion
Niall Ó Murchú Fiddle
Aisling Neville Fiddle
St. Louis Irish Arts Center Grúpa Cheoil Group
Ceoltóirí na Mainistreach Céilí Band
Sarah Buteux Fiddle
Jack Bogard Fiddle
Leah Kenny Fiddle

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #392

RSS Feed (What is this?)