Na Conairí
From the current issue of our journal, Treoir, this song is long associated with Seamus Ennis.
Na Conneries
A Choimthin mhallaithe ghuídhim-se deachair ort agus gráin Mhic Dé
‘S ar an ghasr(a) úd ‘tá ceangailte go dlúth led’ thaobh
‘Síad do dhearbhaigh i láthair Coisdealbha ar an dtriúr fear séimh
Is a chuir na Connerys thar na farraigí ‘dtís na New South Wales
Don té bheadh na seasamh ann is a dhéanfhadh macnamh ar ár gcúis dá phlé
Mar do sheasfhadh sí ón a seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi
Chrith an talamh fúinn le linn na labhartha dá dtabhairt sna mbréag
Mo ghreidhn-se an t-anam bocht, tá sí damanta más fíor do’n chléir
Tá jaicéad gairid á dhéanamh ó mhaidin dúinn agus trúsar dá réir
Culaith farraige nár thaithíomar i dtúis ár saol
Marach feabhas ár gcarad dúinn bhí ár muinéil cnagaithe,sinn go doimhin san aol
Ach gur casadh sinn chun téarma catheamh ins na New South Wales
A Bhanríon bheannaithe ‘s a Rí na bhFlaitheas geal tabhair fuascailt orainn araon
Is ar ár mbanaltra atá sa bhaile go dubhach ’nár ndhéidh
Le linn an Aifrinn bígí ag achainí is ag ghuí chun Dé
Ar na Connerys thabhairt saor abhaile cughainn dtí Botha’Dhún na gCraobh.
- Date
- 1 March 2007
- Tune
- Na Conneries
- Source
- Treoir, Spring 2007
Performers/Subjects | Instruments |
---|---|
Tomás Ó Canainn | Setting |