Programme: ComhaltasLive #309
-
- ComhaltasLive #309 (Full Programme)
This programme contains some of the winning performances from Fleadh Cheoil na hÉireann 2009, which was held in Tullamore, Co. Offaly.
-
- ComhaltasLive #309-8: Johnny Canning wins at Fleadh 2009
Seo Johnny Canning, (1ú áit), fidléir as Glascú na hAlban, agus ríl “Black Pat’s” á chasadh aige sa comórtas do na fidléirí sinsir ar an Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí 2009. Is iad na moltóirí, Geraldine Smith agus John McHugh, atá ag bronnadh an trófaí ar Johnny.
-
- ComhaltasLive #309-7: Kathleen Sheerin at Fleadh 2009
Seo sár-fhidléir, Kathleen Sheerin, CCÉ an Mhóta, Co.na hIarmhí ag casadh chornphíopa sa chomórtas do fidléirí sinsir ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí sa bhliain 2009.
-
- ComhaltasLive #309-6: Enda McGreevy at Fleadh 2009
Seo Enda McGreevy, CCÉ Elphin, Co.Ros Comáin agus leagan dhá-pháirte den port “Tell Her I Am” i gcomórtas na bhfidléirí sinsir ar an Tulach Mhór i 2009.
-
- ComhaltasLive #309-5: Mairéad Ní Mhocháin at Fleadh 2009
Ag comórtas na bhfidléirí (sinsir) ag Fleadh na hÉireann 2009 ar an dTulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí - Mairéad Ní Mhocháin as Baile an Choiligh, Co.Chorcaí ag casadh ceann de ríleanna Ed Reavy - “Leddy from Cavan”.
-
- ComhaltasLive #309-4: Ned Kelly & Michael Harrison
Seo Ned Kelly, An tAonach, Co.Thiobraid Árainn ar an gcairdín (buaiteoir 1ú áit 1992) agus Michael Harrison, fidléir agus buaiteoir 1ú áit sa bhliain 2005 agus iad ag casadh dreas ríleanna ag tosú le “Trim the Velvet”. Deineadh an taifead seo sa bhliain 2003.
-
- ComhaltasLive #309-3: Three Generations of Fiddlers at Fleadh 2009
Trí ghlúin fhidléirí ag Fleadh na hÉireann 2009 ar an Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí - ó chlé - John Hamilton (Co.Mhuineacháin), Austin Dawe agus Tadhg Mulligan (as Dún Dealgan beirt). Casann siad an port “The Butchers’ March” agus an ríl “Miss Monaghan”. Cuirimid ár ndea-ghuí chuig Austin go mbiseoidh sé go luath de bharr thimpiste le déanaí.
-
- ComhaltasLive #309-2: The Dartry Céilí Band win at Fleadh 2009
Banna Céilí Dartry as Sligeach mar ar chas siad agus craobh na hÉireann á bhuachaint acu ag Fleadh 2009 sa Tulach Mhór, Co.Uíbh Fhailí. Is é Séamus Mac Cormaic, Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann atá ag bronnadh an corn ar Philip Duffy, ceannasaí an bhanna. Is iad “Down the Broom” agus “Creggs Pipes” na ríleanna.
-
- ComhaltasLive #309-1: John Daly at Fleadh 2003
Seo an fhidléir, John Daly, (lonnaithe i Chicago) ag casadh dhá phort dá chuid féin - “An Currach” agus “Jack Allen’s”. Deineadh an taifead seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2003 i Lios Tuathail agus is é Eddie Whelan as Biorra, Co.Uíbh Fhailí atá á thionlacan ar an ngiotár.