November 2007

Táimíd go mór faoi chomaoin ag na daoine a bhunaigh an Comhaltas agus a thug treoir agus dóchas dúinn ár gcultúr náisiúnta a chosaint. Chuir bunaitheoirí an Chomhaltais rompu an cultúr dúchasach a chaomhnú, a chothú is a chur chun cinn – an t-omós don chultúr Gaelach a athbheochaint arís i measc na ndaoine. Ba aislingeach an aidhm í ach chuireadar go dúthrachtach chun na hoibre – níor staon siad on íobairt agus anois tig linn a rá go bródúil go bhfuil an aisling beagnach ina gníomh. Tá Clár Forbartha an Chomhaltais mar chéim eile ar an ród seo romhainn.