Summer 1999

Eagarfhocal

Bunaíodh Comhaltas Geoltóirí Eireann sa bhliain 1951. Is í Muileann gCearr, Co. na hlarmhí, a bhí an chéad chruinniú. Sé Cumann na bPíobairí Uilleann a glac tús-áite san obair seo. Bhí an Cumann seo ag saothrú an cheoil Ghaelaigh ó lar na triochaidí. Is mó ceoltóir a thug cuairt ar an gCumann ag 14 Sráid Thomáis, Baile Atha Cliath, agus anois sa Chultúrlann i mBaile na Manach.

Sna caogaidí bhí an ceo traidisiúnta in ísle brí. Chuaigh bunaitheorí An Chomhaltais i mbun oibre le díograis agus le héifeacht chun an ghluaiseacht nua a leathanú sa bhaile agus thar lear. Chuir An Comhaltas an-bhéim ar an oideachas san cheol ó thús mar bhí sé ag teastáil go mór ó na ceannródaithe seo go mbeadh deis ag aos óg na hEireann eolas agus meas a bheith acu ar a ndúchas féin.

Tháinig an Fhleadh Cheoil ar an saol timpeall an ama seo. Idir an da linn, d’fhás an Fhleadh diaidh ar ndiaidh go dtí gur bhain siad amach an t-ard gradam atá ag an bhFleadh inniu - institiúd náisiúnta agus idirnáisiúnta a léiríonn neart an cheoil agus dóchas na nGael. Bhí an Fhleadh Cheoil mar lóchrann agus mar spreagadh ag na daoine a chas an roth sa réabhlóid nua a bhí ar bun agus i gcomhoibriú le Raidió Eireann (mar a bhí ag an am) do dhíríodar áird an phobail ar an seod luachmhar a bhí mar oidhreacht acu.

Sa bhaile agus thar lear, le h-íobairt agus le tréan-iarracht, do sháraigh an ghluaiseacht nua gach dúshlan a tháinig ina treo. Do chothaigh an Comhaltais dea-thoil; d’eagraigh siad ranganna, imeachtaí, córas faisnéise & rl agus inniú tá An Comhaltas préamhaithe ní amháin i ngach contae in Eirinn ach ar gach Mór-roinn ar fud na cruinne.