Seomra Preas
Preasacmhainní
- Íoslódálacha – Faigh obair ealaíne, lógónna agus doiciméid a bhaineann le Comhaltas agus lenár misean.
- Tuarascáil Bhliantúil
- Preaseisiúintí – eolas mar gheall ar imeachtaí a bheas ann go luath agus rudaí a dúramar le deireanas.
Mar gheall ar Chomhaltas
Is mór an tionchar atá ag craobhacha agus imeachtaí Chomhaltas ar shaol cultúrtha na bpobal ina bhfuil craobhacha againn. Mar shampla:
- Bíonn an-bhród ar na háiteanna sin ina mbíonn comórtais agus féilte againn agus is mór an maitheas a dhéanann siad d’eacnamaíocht na mbailte sin.
- Toisc gur gluaisteacht chultúrtha bunaithe ar shaorálaithe é Comhaltas, cothaíonn sé spreagann sé daoine chun dul i mbun oibre le chéile ar son an phobail ar fad.
- Bímid ag obair chun “caipiteal cultúrtha agus sóisialta” na hÉireann a chaomhnú agus a neartú. Cabhraíonn sé sin linn mar Éireannaigh ár bhféiniúlacht féin a chaomhnú i ndomhan ina bhfuil teangacha agus cultúir ag dul i léig an t-am ar fad.
- Cuireann daoine ar fud an domhain aithne ar “bhranda na hÉireann” nuair a thagann siad go féilte ceoil in Éirinn mar thurasóirí cultúrtha.
- Rithimid córas scrúdúcháin agus grádaithe a bhfuil glacadh náisiúnta aige chun caighdeán sheinnteoirí an cheoil traidisiúnta a mheas.
- Déanann ár gcláir oideachais freastal ar na mílte mac léinn chuile sheachtain. Tacaíonn na cláir seo le teaghlaigh agus leis an bpobal agus spreagann sé daoine óga chun a bheith páirteach i saol sóisialta Chomhaltas.
Tá a fhios againn go bhfuil sé tábhachtach dul i gcomhar leis na meáin áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun a rá le daoine céard go díreach a dhéanaimid - bí cinnte go mbeimid sásta dul i gcomhar leatsa chun gur féidir leat scéala a scaipeadh fúinn ag an am ceart. Cuirfimid gach áis dá bhfuil uait ar fáil duit (íomhánna, lógónna, obair ealaíne agus mar sin de) chun go mbeidh do scéal chomh tarraingteach agus is féidir.