Seisiún 2023

10 July 2023, 12:07 PM GMT

Seisiún 2023

Seisiún an Chomhaltais 2023

Siamsaíocht Ghaelach Náisiúnta agus Ceol na nGael Traditional Irish Music, Song, Dance and Storytelling

Faoi chlár Sheisiún Náisiúnta an Chomhaltais 2023, beidh siamsaíocht thraidisiúnta fhíor-Ghaelach ár gcultúir féin ar siúl an Samhradh seo i 49 ionad ar fud na hÉireann.

Imeacht seanbhunaithe is ea Seisiún – beagnach 40 bliain ó bunaíodh é – agus is mó gach bliain an líon cuairteoirí a mhealltar ó chian is ó chóngar chuig seó a chuireann an lucht féachana faoi gheasa agus a mheallann chun siamsaíochta iad. Nuair a bhíonn deireadh leis an gcéad chuid, ina mbíonn saibhreas cultúir Ghaelaigh á chur i láthair, idir cheol, amhránaíocht, damhsa agus scéalta traidisiúnta na hÉireann, cuirtear sólaistí éadroma ar fáil le linn an tsosa ghearr.

Is ansin a chuirtear tús leis an dara cuid de shiamsaíocht na hoíche agus tugtar cuireadh do na haíonna páirt a ghlacadh sa tSeisiún, teacht ar an urlár lena rogha rince, fonn, amhrán nó scéal.

Bí linn ag Seisiún an Chomhaltais an Samhradh seo.

Comhaltas’ 2023 National Seisiún Programme provides a unique and authentic Irish traditional entertainment experience in 49 venues throughout Ireland this Summer.

One of the longest running summer shows of its kind – close to 40 years in existence – Seisiún attracts increasing numbers of visitors from overseas and nearer home with a show that captivates its audience and welcomes participation. After the show of authentic Irish traditional music, song, dance and storytelling, light refreshments are served during the short interval.

The second part of the evening’s entertainment unfolds and guests are invited to join in the Comhaltas Seisiún experience, taking to the floor as they wish with a step, tune, song or story.

Join in the Comhaltas Seisiún experience this Summer.

Email: [email protected]

Posted By Eolas

[Leave A Comment]

RSS Feed (What is this?)