Programme: ComhaltasLive Clár #347
-
- ComhaltasLive #347 (Clár Iomlán)
ComhaltasLive Clár #347.
-
- ComhaltasLive #347-6: Os Cionn 50 d’Oidí Scoil Éigse
Os cionn 50 d’oidí Scoil Éigse agus Irene Cunningham (damhsóir sean-nóis den scoth) ag casadh roinnt ríleanna ag críochnú le ríl Ed. Reevy – “The Hunter’s Purse”. Deineadh an taifead seo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2010 i mBaile an Chábháin.
-
- ComhaltasLive #347-5: Pádraig Swift
Taifead a deineadh ag Fleadh Uladh 2004 i Warrenpoint, Co.an Dúin – Pádraic Swift, fliútadóir as Lios na Sceithe, Co.Fhear Manach ag casadh dhá ríl de chuid John Brady – “Fr. Brennan’s” agus “The View Across the Valley”.
-
- ComhaltasLive #347-4: Dreas Pólcaí
Seo dream ceoltóirí ag casadh ceoil ag Comhdháil Mheiriceá Thuaidh i San Antonio, Texas, mí na Márta 2011. Ó chlé – John Reynolds, Margie Mulvihill, Rose Flanagan, Frankie McCormack agus Patti Furlong – dreas pólcaí atá faoi réir acu.
-
- ComhaltasLive #347-3: John agus Willie Larkin
Beirt dhriothár as Bhanna Chéilí Theampaill an Ghleanntáin – John agus Willie Larkin (Banjo agus Cairdín) ag casadh dhá ríl –luaite le Martin McGinley agus le Cathal Hayden araon. Deineadh an taifead seo thart ar aimsir na Nollag 2004.
-
- ComhaltasLive #347-2: Oidí Scoil Éigse
Oidí Scoil Éigse sa Chábhán 2010 agus dhá jig acu ag críochnú le “The Swans among the Rushes” (Ed. Reevy a chum) – ó chlé, Mary & Josephine Nugent, Majella Shannon, John & Carmel Burke, agus Ann Marie Accosta (piano).
-
- ComhaltasLive #347-1: Banna Céilí Teampaill an Ghleanntáin
Seo Banna Céilí Teampaill an Ghleanntáin, a ghnóthaigh an chéad áit ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chábhán sa bhliain 2010, ag casadh dhá ríl – ”Na Geataí Glasa” agus an “Turas go Durrow” ag an bhfleadh.