Programme: ComhaltasLive Clár #358
-
- ComhaltasLive #358 (Clár Iomlán)
Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa 2011.
-
- ComhaltasLive #358-10: Daniel Hunter
Chas Daniel Hunter, CCÉ Irish Minstrels, CGlaschú, Alba cornphíopa sa chomórtas fiddle (faoi 18) ag Fleadh Chewoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa na bliana 2011.
-
- ComhaltasLive #358-9: Rebecca McCarthy-Kent
20.37 – 22.33 Ba í Rebecca McCarthy-Kent, CCÉ na Trá Mhóir, Co. Phort Láirge a bhuaidh an chéad áit i gcomórtas na bhfidil (faoi 18) agus thug sí ríl uaithi.
-
- ComhaltasLive #358-8: Banna Céilí Leeds
Chas Banna Céilí Leeds, Sasana roinnt ceoil dúinn sa Chabhán agus ina lár sin bhí an ril is fearr a chualathas ag an bhfleadh – “Rásaí an Mhuileann Cearr” - agus “Ríl an Phláta Chopair” chomh maith. I measc baill an bhanna bhí Ian Pearson, Fraser Howitt agus Karen Lacey-Roberts (triúr fidléir); Rachel Howitt agus Kevin Hurley (fliútadóirí); Michael Tennyson agus John Duffy (boscadóirí); Patrick Flannery ar an mbainseó; Carrmel Bourke ar an bpianó agus Hughie Igoe ar na dromaí.
-
- ComhaltasLive #358-7: Banna Céilí Moylurgh
Thug Banna Céilí Moylurgh as Ail Fionn, Co. Ros Comáin cupla phort dúinn sa Chabhán – “Lochanna Kilglass” agus “Port Mhic Fhlannchadha”.
-
- ComhaltasLive #358-6: Cathair Dún Iascaigh
Do b’iad Foireann Seit-Damhsa na mBan (faoi 18) as Dún Iascaigh, Co. Thiobrad Árann a bhuaidh a rug an craobh leo ag Fleadh Cheoil na hÉireann.
-
- ComhaltasLive #358-5: Mick O’Connor agus Deirdre Granville
Chas Mick O’Connor as Londain (Bainseó) agus Deirdre Granville (Cláirseach) roinnt ríleanna ag an bhfleadh – “Ríl Michael Dwyer” “Ríl Mick O’Connor” (i 1971 a chum sé é).
-
- ComhaltasLive #358-4: Mhúinteoirí Scoil Éigse
D’fhreastail os cionn 800 daoine óga as Éirinn agus ó thíortha thar lear ar an Scoil Éigse sa Chabhán. Bhí os cionn 70 saoi-mhúínteoirí i bhfeidhil na ranganna. Casann ceathrar den bhfoireann – Pádraig agus Sabina Mc Govern, Erin Finn agus Aileen Geoghegan dreas ríleanna ag tosú leis an “Fisherman’s Lilt” (Ed. Reevy a chum). q Download Audio
-
- ComhaltasLive #358-3: Banna Céilí Gaolta
Sa chomórtas céanna Chas Banna Céilí Gaolta ón cCabhán dreas ríleanna - “An Green Mountain” agus “Ríl an Foxhunter”.
-
- ComhaltasLive #358-2: Banna Céilí Knockmore
Ag an gcomórtas céanna sa Chabhán chas Banna Céilí Knockmore, CCÉ Botha , Co. Thír Eoghain “Damhsa Sciobóil Séamus Sweeney”.
-
- ComhaltasLive #358: Banna Céilí an Triogue
Seo é Banna Céilí an Triogue as Portlaoise a fuair an 3ú áit ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán i mí Lúnasa 2011 – dhá phort uathu – “An Fhuiseog ar an Trá” agus “Port Inis Bearachain”.