Programme: ComhaltasLive Clár #385
-
- ComhaltasLive #385 (Clár Iomlán)
ComhaltasLive Clár #385.
Ag Fleadh Cheoil na Mumhan i nDún Garbhán i gCo. Phort Láirge -22/07/’12 – a deineadh na taifid go léir ar an gclár seo.
-
- ComhaltasLive #385-9: Ceoiltóirí na Mainistreach
Buaiteoirí an chomórtais do bhannaí céilí (sinsear) –Ceoltóirí na Mainistreach as Co. an Chláir – casann siad roinnt ríleanna – ag tosnú le “Ríl Bhaile Átha Cliath”.
-
- ComhaltasLive #385-8: Banna Céilí Awbeg
Rogha poirt ó Bhanna Céilí (sinsear) Awbeg, CCÉ Craobh Chrónáin, Co. Chorcaí. Bhailigh siad an dara áit.
-
- ComhaltasLive #385-7: Jacqui agus Evelyn Healy
Sa dara áit sa chomórtas céanna – Jacqui Healy (ar an bhfliút) agus a deirfiúr, Evelyn (veidhlín) agus damhsa sciobóil uathu – “Peach Blossom”.
-
- ComhaltasLive #385-6: Pádraig Ó Críodán agus Colm Mac Ghiolla Phóil
Sa chomórtas Ceol Beirte Sinsear chas Pádraig Ó Críodán agus Colm Mac Ghiolla Phóil, Gleann Fleisce / Cill Chuimín, Co. Chiarraí, an ríl – “Cailíní Luimní”.
-
- ComhaltasLive #385-5: Banna Céilí Theampaill an Ghleanntáin Faoi-18
Buaiteoirí an chéad áit sa chomórtas do bhannaí céilí (faoi-18) – Banna Céilí Theampaill an Ghleanntáin, Iarthar Luimní, ag casadh “Ríl Bhógaí” agus “Ríl Teach an Fhiagaí” (le Reavy).
-
- ComhaltasLive #385-4: Mairéad agus Caitríona Ní Luasaigh
Curadh Sinsear na Mumhan 2012 ar an mbosca ceoil – Mairéad Ní Luasaigh as Screathain i gCúil Aodha in éineacht lena deirfiúr, Caitríona, agus an cornphíopa ilpháirteach sin – “Bá Bheanntraí” – á chasadh acu.
-
- ComhaltasLive #385-3: Banna Céilí an tSean-Cheathrú
Seo é Banna Céilí an tSean-Cheathrú, CCÉ Niall Ó Cathasaigh, Baile an Choiligh, Co. Chorcaí, ag casadh dhá phort singil (cumtha ag ceannasaí an bhanna – Martin Power).
-
- ComhaltasLive #385-2: Banna Céilí Naomh Íde
Sa chomórtas céanna - seo Banna Céilí Naomh Íde, CCÉ Chluain Chréadail, Co. Luimní, agus dreas ríleanna ar siúl acu – ag tosnú le “Diúc Laighean”.
-
- ComhaltasLive #385-1: Banna Céilí Garrán na Coille
Sa tríú áit i gcomórtas na mBannaí Céilí (Sinsear) casann Banna Céilí Garrán na Coille as Barefield i gCo. an Chláir dreas jigeannaí.