Programme: ComhaltasLive Clár #397
-
- ComhaltasLive #397 (Clár Iomlán)
ComhaltasLive Clár #397.
-
- ComhaltasLive #397-7: John Carroll
Seo John Carroll as CCÉ Cluain Chréadhail, Co. Luimní agus ríl á chasadh aige sa chomórtas do bhoscadóirí sinsir ag an bhFleadh Cheoil sa Chabhán i mí Lúnasa.
-
- ComhaltasLive #397-6: Damhsóirí Seite sa Chabhán
Tugann damhsóirí seite os cionn 35 bl. (fir is mná) as Baile Dubh / Baile na Bhealaigh / Baile an tSagairt, i gCo. Phort Láirge taispeántas uathu taobh amuigh de Ostán an Cavan Crystal tar éis dóibh an craobh uile-Éireann a bhreith leo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán.
-
- ComhaltasLive #397-5: Keelan McGrath
Tar éis an dara áit a bhaint amach sa chomórtas bhosca ceoil fé-12 thaifead muid Keelan Mc Grath as Buiríos Uí Chatháin, Aonach Tiobraid Árann ag casadh dhá ríl - “Ríl Finbar Dwyer” agus “Ríl Phaidí Kelly”.
-
- ComhaltasLive #397-4: Seisiún ag Fleadh 2012
Sa mhír seo tá Colin Magill (cairdín piano) agus Antóin Mac Gabhann (fidil) agus roinnt ríleanna á chasadh acu.
-
- ComhaltasLive #397-3: Lauren O’Neill
Ar an 20ú Deireadh Fomhair 2012 i gCultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire chas Lauren O’Neill, CCÉ Dungiven, Doire, port “Willie Coleman”. Bhuaidh sí an dara áit i gcomórtas na bhfoinn malla sa Chabhán i mí Lúnasa. Reachtáilfear Fleadh Cheoil na hÉireann don chéad uair ariamh sna Sé Contaethe i gCathair Dhoire i mbliana – i mí Lúnasa 2013. Tá buíochas speisialta ag dul go Anne-Marie Gallagher agus go Odhrán Mullan as ucht a gcabhair le linn don taifead seo a bheith á dhéanamh.
-
- ComhaltasLive #397-2: Orlaith agus Brogan McAuliffe agus Colm McGonigle
Sa Hershell Arms i Slough Lonndain (16/11/’12) bhí Orlaith Mc Auliffe (feadóg mhór) maille lena deirfiúr Brogan (consairtín) agus Colm Mc Gonigle (cláirseach) ag casadh ceoil - trí ríl uathu – “An Premier”, “An Skylark” agus “An Contradiction”.
Download Audio](http://media.comhaltas.ie/audio/cl397_mp3/cl397_2.mp3 “Audio - ComhaltasLive #397-2: Orlaith agus Brogan McAuliffe agus Colm McGonigle”)
-
- ComhaltasLive #397-1: Seisiún ag Fleadh 2012
I measc na gceoltóiri ag an seisiún seo sa Chabhán tá Clainnte Uí Raghallaigh agus Uí Mhaolchathaigh, Josie Nugent agus Mick O’Connor (Lonndain).