Session
-
- ComhaltasLive #386 (Clár Iomlán)
- 19 August 2012
ComhaltasLive Clár #386.
-
- ComhaltasLive #386-6: Seisiúin Cheoil Neamhfhoirmiúla
- 18 August 2012
Bhí go leor seisiúin cheoil neamhfhoirmiúla ar an mbaile i rith na deireadh seachtaine. Bhí an ceann seo i dteach ósta Uí Chadhla ar cheann díobh. I measc na gceoltóirí bhí Denis Ryan (fidil) as Cúl an tSúdaire, Co.Laoise; Paddy Mc Carthy (giotár) as Corcaigh; Tommy Sands (fidil) as Corcaigh; Connie O’Connell (fidil) agus Denise Nolan (Bosca Ceoil) araon as Iarthar Luimní.
-
- ComhaltasLive #377-8: Michael Sexton
- 29 April 2012
Co. Clare accordion player Michael Sexton plays a selection of reels commencing with “The New Mown Meadow” in a session at the Munster Fleadh Cheoil 2011. Pat Walsh, from Co. Galway, is on piano.
-
- ComhaltasLive #368-7: Dean Warner
- 13 January 2012
Seo Dean Warner ar an bpianó-chairdín agus é i gceannas ar cheann des na h-iliiomad seisiúin sráide – ríleanna atá ar siúl acu.
-
- ComhaltasLive #365 (Clár Iomlán)
- 1 December 2011
Highlights from Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 in Cavan.
-
- ComhaltasLive #365-8: Caitlín Nic Gabhann
- 30 November 2011
During a session at Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 in The Crystal Hotel in Cavan, concertina player Caitlín Nic Gabhann from Co. Meath plays a hornpipe, “The Wily Old Bachelor” into “The Edenderry Reel”.
-
- ComhaltasLive #364 (Clár Iomlán)
- 21 November 2011
Highlights from Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 in Cavan.
-
- ComhaltasLive #364-1: Marcas Ó Murchú
- 12 November 2011
At a street session at Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 in Cavan, concert flute player Marcas Ó Murchú, with harp accompaniment by Cathy Potter, plays two reels: “Ríl na Féirste” and “The Donegal Reel”. They are joined for a Brush Dance by Marcas’ wife Caitríona.
-
- ComhaltasLive #363 (Clár Iomlán)
- 10 November 2011
Highlights from Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 in Cavan.
-
- ComhaltasLive #363-1: Peait Tierney
- 30 October 2011
Seo seisiún ceoil amuigh faoin aer i ndiaidh láinseáil CD nua do Pheait Tierney as Co. an Chabháin. Casann sé dreas ríleanna – “Bí ag Pógadh an Stuaire taobh thiar den Bharraille” agus “Cailíní Oileáin Spíce”. Is iad Mícheál Ó Súileabháin as Ráth Cairn, Co. na Mí agus Guido Pluschke ó Hamburg na Gearmáine ar an ngiotár agus ar an mbodhrán fá seach atá I mbun an tionlacain.
-
- ComhaltasLive #362 (Clár Iomlán)
- 29 October 2011
Gach mír ó Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán 2011.
-
- ComhaltasLive #362-2: Dylan Foley, Dan Gurney agus Caitlín Nic Gabhann
- 20 October 2011
Ag seisiún neamhfhoirmeálta in Ostán an Cavan Crystal chas an bheirt cheoltóir as Nua Eabhrach – Dylan Foley agus Dan Gurney (Fidil agus Bosca Ceoil fá seach) agus Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí dreas deas ríleanna – “Ríl Josie Mc Dermott” agus “Aistear go hAonach” (Seán Ó Riain {nach maireann} a chum).
-
- ComhaltasLive #361 (Clár Iomlán)
- 16 October 2011
Baineann gach mír le Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán sa bhliain 2011.
-
- ComhaltasLive #361-10: Brian Conway
- 14 October 2011
Do chas an veidhleadóir Nua Eabhrach – Brian Conway – dreas ríleanna ag críochnú le “Ríl Bhaile Átha Cliath”.
-
- ComhaltasLive #361-3: Stephen McMahon
- 7 October 2011
Seo Stephen McMahon, CCÉ Tullycorbett, Co. Mhuineacháin ag casadh ‘Ríl (4-pháirt) Phaddy Kelly’ díreach taobh amuigh d’Oifig na Fleidhe. Rug sé an craobh leis – Consairtín faoi 15.
-
- ComhaltasLive #361-2: Seisiún Mór
- 6 October 2011
Seisiún mór taobh amuigh de Oifig na Fleidhe – dreas ríleanna ag críochnú le “Gabh i leith siar an Bóthar”.
-
- ComhaltasLive #360-10: The Mac Gabhann Family
- 29 September 2011
Mar is dual dóibh, chas Clann Mhic Gabhainn as Co. na Mí ag seisiún sráide sa Chabhán ag an bhFleadh i mí Lúnasa 2011. ‘Sí Caitlín a chasann an consairtín agus is iad Antón agus Bernadette a chasann na veidhlíní. Thug said dhá ríl uathu – “Ríl Chaitlín” (cumtha ag Caitlín í féin) agus “An Cailín Rinnce ón gClár” (cumtha ag Antón é féin!).
-
- ComhaltasLive #359-9: Dylan Foley
- 18 September 2011
Agus ag an seisiún céanna chas Dylan Foley (Nua Eabhrach) dhá ríl an-deas – “St. Ruth’s Bush” agus “Ríl Connie O’Connell”.
-
- ComhaltasLive #359-8: Caitlín Nic Gabhann, Dan Gurney agus Dylan Foley
- 17 September 2011
Seo seisiún neamhfhoirmeálta a dtáinig muid treasna ar in Óstán an Cavan Crystal ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2011. Is iad na ceoltóirí atá páirteach ann ná Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí, Dan Gurney (cairdín), Hasbrouck Hts., New Jersey, S.A.M., agus Dylan Foley (Nua Eabhrach) ar an bhfidil. Casann siad rogha deas jigeannaí.
-
- ComhaltasLive #357-11: John Daly
- 24 August 2011
Seo sár-fhidléir John Daly (as Corcaigh ó thus) atá fillte ar Éirinn le cúpla bliain tar éis blianta fada a chaitheamh i Chicago. “Sé Eddie Whelan as Shinrone i gCo. Uíbh Fháilí atá i mbun an tionlacain ar an ngiotár.