ComhaltasLive #319 (Full Programme)



Time Segment
00:00 Seo Darren Breslin (Lisnakea, Co.Fhear Manach) ar an mbosca ceoil, dírech th’éis Craobh na hÉireann a bhuachaint ag an bhFleadh Cheoil sa Tulach Mhór 2008. Is é David Phelan as Cratloe, Co.an Chláir atá á thionlacan ar an ngiotár. Casann siad dreas ríleanna.
02:38 Ar an gconsairtín anois tá Edel Fox as Sráid na Cathrach, Co.an Chláir ag casadh trí ríl – “Devanney’s Goat”, “An Mála Fataí” agus “Maud Millar”. Deineadh an taifead seo ag an ‘Corofin Traditional Festival’ sa bhliain 2005.
06:41 Holly Geraghty (cláirseach), Baile an Daighin, Co.Mhaigh Eo, Áine Bird (fidil), Co.na Mí Agus Laura Beagan (fidil), Co.Mhuineachán, agus dhá ríl á casadh acu- “Miss Langdon’s” agus “Andy McGann’s”. Deineadh an taifead seo díreach roimh Chamchuairt an Chomhaltais go Meiriceá sa bhliain 2003.
08:47 Adele Farrell, boscadóir as Manchester, Sasana in éineacht le Holly Geraghty (Co.Mhaigh Eo) ar an gcláirseach agus dhá phort uathu – “Sergeant Early’s” agus “Coillte Shean-Luimní”. Bhí an bheirt acu páirteach i gcamchuairt an Chomhaltais go Meiriceá idir Meán Fomhair agus Deireadh Fomhair na bliana 2003.
11:10 Áine Bird (fidil) as Co.na Mí agus Holly Geraghty (cláirseach) as Co.Mhaigh Eo ag casadh an dá ríl – “The Maids of Feakle” agus “The Humours of Tulla” roimh dul ar Chamchuairt CCÉ go Meiriceá sa bhliain 2003.
13:42 Ag coirm cheoil na dteagascóirí sa Scoil Éigse ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Leitir Cheanann, Co.Thír Chonaill 2005 bhí Antaine Ó Fearracháin (Baile Átha Cliath) ag portaireacht an “Collier’s Reel”.
15:10 Triúr theagascóir as Scoil Éigse na bliana 2005 – Máire Nic Dhiarmada as Sligeach ar fliút, Louise Mulcahy as Luimneach ar fliút eile agus Mícheál Rooney as Sligeach ar an gcláirseach agus an dá ríl - “Ríl Patsy Touhy” agus “An Mála Fataí” ar siúl acu.
18:25 Seo Rhona Lynch, CCÉ Cill Aichidh, Co.Uíbh Fhailí, ag gnothú an tríú háit sa chomórtas do bheidhleadóirí fé 18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann ar an Tulach Mhór sa bhliain 2009. Casann sí an port – “An Píopa ar an Iarta”.
19:51 Billy O’Brien, CCÉ Chathair Phort Láirge, ag casadh cornphíopa sa chomórtas do bheidhleadóirí fé 18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009.

Download Audio

Date
13 June 2010
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Darren Breslin Button Accordion
David Phelan Guitar
Edel Fox Concertina
Holly Geraghty Harp
Áine Bird Fiddle
Laura Beagan Fiddle
Adele Farrell Button Accordion
Anton Ó Fearracháin Lilting
Máire Nic Dhiarmada and Louise Mulcahy Flute
Micheál Rooney Harp
Rhona Lynch Fiddle
Billy O'Brien Fiddle

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive #319

RSS Feed (What is this?)