ComhaltasLive #353 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Clár #353

Time Segment
00:00 An sár-bheidhleadóir – Tara Breen as Co. an Chláir – ag casadh trí ríl – “Dowd’s”, “Ríl Jackson” agus “Windbroke” (“Gaoth Scaoilte”). Deineadh an taifead seo ag Scoil Samhraidh Meitheal na bliana 2004.
05:03 Na ríleanna – “An Shaskeen” agus “Touch me if you Dare” á gcasadh ag Mike Rafferty (lonnaithe i New Jersey sna Stáit Aontaithe le blianta fada. Chuaigh Mike ar imirce ón a áit dhúchais i gCo. Na Gaillimhe i 1949 agus deineadh an taifead seo ag Comhdháil CCÉ Meiriceá Thuaidh i New Jersey i mí Aibreán na bliana 2004.
07:50 Fear Consairtín – Jack Talty as Lissycasey, Co.an Chláir – ag casadh roinnt jigeannaí ag tosú le “Port Sonny Brogan”. Is ag Scoil Samhraidh Meitheal i mí Iúil na bliana 2004 a thárla seo.
11:34 Seo Daniel Collins as Craobh Mike Rafferty CCÉ, New Jersey agus an ríl “Buachaillí Laoise” á chasadh aige i gcomórtas na fidle faoi -18 i gCluain Meala sa bhliain 2004.
13:28 Is í Marian Collins as Áth Caoire, Co. Chorcaí a bhuaigh an dara háit i gcomórtas na bheidhleadóirí sinsir ag Fleadh Cheoil na hÉireann i gCluain Meala sa bhliain 2004. Casann sí port anseo.
15:30 Sa chomórtas céanna ghnóthaigh Katy Boyle as Glascú na hAlban an tríú áit – seo í agus cornphíópa á casadh aici.
17:25 Seo é Banna Céilí Nua Eabhrach ag casadh dreas jigeannaí ag críochnú le “Ailltreacha Móchair” ag Fleadh Cheoil na bliana 2004 i gCluain Meala.
19:34 Seo é ‘An Cottage Céilí Band’ agus ‘Cornphíopa Ballyoran’ (Seán Ryan a chum) á casadh acu ag Fleadh Mór na bliana 2004 i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann.
22:15 Casann Ciara Brennan, CCÉ Na bPíobairí Uilleann, B.Á.C. ríl le Ed Reavy – “The House of Hammil” – sa chomórtas dos na bheidhleadóirí siinsir i gCluain Meala sa bhliain 2004.

Download Audio

Date
8 July 2011
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Tara Breen Fiddle
Mike Rafferty Flute
Jack Talty Concertina
Daniel Collins Fiddle
Marian Collins Fiddle
Katy Boyle Fiddle
The New York Céilí Band
The Cottage Céilí Band
Ciara Brennan Fiddle

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #353

RSS Feed (What is this?)