ComhaltasLive #362 (Clár Iomlán)
Gach mír ó Fleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán 2011.
Time | Segment |
---|---|
00:00 | Seaimpíní na hÉireann 2011 – Banna Céilí an Shannonvale as Baile Dubh, Co. Chiarraí – casann siad roinnt ríleanna – “Mailí Bán” agus “An Móinéar Nuaghearrtha”. Is iad na ceoltóirí – Síle Garry, Colm Kissane agus Geraldine O’Callaghan ar na fidil; Máire Áine de Brún agus Joe O’Súileabháin ar na fliútanna; Danny O’Mahony ar an mbosca ceoil,; Alan Egan ar an gconsairtín; Mícheál Ó Coileáin ar an mbainseó; Peatsaí Ní Bhruadair ar an bpianó agus Seán Ó Coileáin ar na dromaí. |
02:33 | Ag seisiún neamhfhoirmeálta in Ostán an Cavan Crystal chas an bheirt cheoltóir as Nua Eabhrach – Dylan Foley agus Dan Gurney (Fidil agus Bosca Ceoil fá seach) agus Caitlín Nic Gabhann (consairtín) as Co. na Mí dreas deas ríleanna – “Ríl Josie Mc Dermott” agus “Aistear go hAonach” (Seán Ó Riain {nach maireann} a chum). |
06:58 | Seo Máirtín Ó Conaill, CCÉ Cúil an tSúdaire, Co. Laoise, sa chomórtas bhosca ceoil (O-18) ag casadh jig. Ghnóthaigh sé an tríú háit. |
08:32 | Sa chomórtas céanna bhí Rónán Ó Ceannabháin, CCÉ Carna, Co. na Gaillimhe agus chas sé cornphíopa – “Droichead Tuamhumhan”. |
10:23 | Seo í curadh na hÉireann sa chomórtas do fidléirí (15 – 18), Rebecca Nic Chárthaigh, CCÉ, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge, tar éis athghlaoch. Casann sí an sár-ríl “Fáilte Abhaile Shinéad roimh Charlie”. |
13:31 | Ag gnóthú an tríú áit sa chomórtas do bhannaí chéilí os cionn 18, seo Banna Céilí an Tríóg as Co. Laoise agus dreas ríleanna acu – “Ríl Sheán Blessing” agus “Ríl Uí Mhaoilmhichíl”. Is iad Erin McGeown, Phil Clarke, Susan Miller agus Paula Grant na fidléirí; Niamh Furlong agus Pádraic Stapleton na fliútadóirí: Martin O’Connell an boscadóir: chas Bláthnaid Nic Cába an consairtín: Linsay Moynagh an pianó agus Liam Mac Cormaic na dromaí. |
16:35 | Ceann de uas-eagraitheoirí Fleadh Cheoil na hÉireann – Máirtín Ó Donnchú ag casadh ríl sa chomórtas do bhoscadóirí O-18. Tráthúil go leor ba Cabhánach eile – Ed. Reavy (nach maireann) – a chum an ríl “An Lána go dtí an Gleann”. |
18:00 | Sa chomórtas Fidil (O-18) chas Nial Ó Murchú, CCÉ, Rinn Scullion, Co. Árd Mhacha cornphíopa. Ghnóthaigh sé an dara áit. |
20:03 | Bhí Lydia Warnock buachach sa chéad áit i gcomórtas na bhFoinn Malla ar Fidil O-18. |
24:05 | 24.05 – 26.50 Togha ríleanna – “Ríl Pheatsaí Tuohy” agus “Ríl Bhirmingham” á gcasadh ag Banna Céilí an ‘Awbeg’, CCÉ, Craobh Chrónáin, Corcaigh. Fuaireadar an dara áit. Is iad na ceoltóirí: Fidléirí (3) – Mairéad Fitzgibbon, Tara Breen agus Aileen O’Callaghan: Fliútadóirí (2) – Siobhán Hogan agus Humphrey Murphy: Cáirdín – Alan Finn: Consairtín – Rory McMahon: Bainseó – Eoin Ó Súíleabháin: Pianó – Francis Ward; agus Noel Clancy ar na dromaí. |
- Date
- 29 October 2011
- Created By
- Willie Fogarty
- Source
- ComhaltasLive
Performers/Subjects | Instruments |
---|---|
The Shannonvale | Céilí Band |
Dylan Foley | Fiddle |
Caitlín Nic Gabhann | Concertina |
Dan Gurney | Button Accordion |
Martin O'Connell | Button Accordion |
Ronán Ó Ceannabháin | Button Accordion |
Rebecca McCarthy-Kent | Fiddle |
The Triogue | Céilí Band |
Martin Donohue | Button Accordion |
Niall Ó Murchú | Fiddle |
Lydia Warnock | Fiddle |
The Awbeg | Céilí Band |
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.
Programme: ComhaltasLive Clár #362
- ComhaltasLive #362-10: The Awbeg Céilí Band
- ComhaltasLive #362-9: Lydia Warnock
- ComhaltasLive #362-8: Niall Ó Murchú
- ComhaltasLive #362-7: Martin Donohue
- ComhaltasLive #362-6: The Triogue Céilí Band
- ComhaltasLive #362-5: Rebecca McCarthy-Kent
- ComhaltasLive #362-4: Ronán Ó Ceannabháin
- ComhaltasLive #362-3: Martin O’Connell
- ComhaltasLive #362-2: Dylan Foley, Dan Gurney and Caitlín Nic Gabhann
- ComhaltasLive #362-1: The Shannonvale Céilí Band