ComhaltasLive #368 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Clár #368

Time Segment
00:00 Do b’iad na deirfiúracha Cullen – Courtney (fidil) agus Lottie (Píobaí), CCÉ, Craobh Chualann, Cill Mantáin a bhuaidh an comórtas Cheol Bheirte (Ó-18). Anseo casann siad in éineacht le hAoife Ní Argáin a bhuaigh an Craobh Sinsir ar an gcláirseach. Casann siad an port 4-pháirt “The Maid at the Spinning Wheel”.
02:10 Seo í Rebecca McCarthy-Kent ón dTrá Mhór, Co. Phort Láirge a bhain craobh na hÉireann amach sa chomórtas don bhfidil (faoi 18) agus port 4-pháirt á casadh aici.
04:15 Cláir Áine Ní Chiaráin, CCÉ Killeigh, Uíbh Fhailí – rug sí léi an dara h-áit sa chomórtas don bhfidil (faoi 18). Anseo casann sí “Banish Misfortune” – port le mórán páirteanna.
06:15 Buaiteoir chomórtas na bpíobaí uilleann (faoi 15) – Fergal Breen, CCÉ Doora-Barefield, Co. an Chláir agus “Ríl Bhaile Átha Cliath” á chasadh aige.
07:46 Seo Banna Céilí Árd Eiscir as Co. Uíbh Fhailí agus an cornphíopa “Machairí Chill Dara” á chasadh acu. ‘Siad na ceoltóirí – Airt Ó Conchúir, Cláir Ní Chuinn agus Cathail Ó Gaibhneáin (na fidléirí); Eoin Carton agus Adrian Ó Brádaigh (an bheirt fhliútadóir); Séamus Ó hÓgáin (an bhoscadóir); Líle Ní Bhrádaigh (ar an gconsairtín); Séimí Mac Eochaidh (ar an mbainseó); Fiona Ní Riain (ar an bpianó) agus Linda Nic Ghoill ar na dromaí).
09:29 Casann Banna Céilí Knockmore as Co. Fhear Manach dhá jig ag an bhfleadh – “An Ceoltóir Fánach” agus “Teacht an Earraigh” - (P. Ó Briain a chum). ‘Siad baill an bhanna – Maggie Maguire, Maria Connelly, agus Michael Kerr ag casadh na bhfidil; Lorena Maguire agus Aisling Mc Phillips ag casadh fliútanna; Chris Maguire agus Catherine Mulligan na boscadóirí; Bróna Graham ar an mbainseó; Ronan Warnock ar an bpianó agus Kieran Leonard ar na dromaí.
12:39 Seo Dean Warner ar an bpianó-chairdín agus é i gceannas ar cheann des na h-iliiomad seisiúin sráide – ríleanna atá ar siúl acu.
15:28 ‘Sí Deirdre Ní Mheachair, CCÉ, Baile Dubhghaill, Baile Átha Cliath atá ag casadh jig anseo sa chomórtas don bhfidil (faoi 18).
17:34 Go deimhin, seo é Máirtín Ó Conaill, sár-bhoscadóir, CCÉ, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise, (Co. Chiaraí ó thús) ag casadh cornphíopa ard-chaighdeánta. Ghnóthaigh sé an tríú h-áit sa chomórtas sinsir.

Download Audio

Date
16 January 2012
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Courtney Cullen Fiddle
Lottie Cullen Uilleann Pipes
Aoife Ní Argáin Harp
Rebecca McCarthy Kent Fiddle
Claire-Anne Kearns Fiddle
Fergal Breen Uilleann Pipes
The Árd Eiscir Céilí Band
The Knockmore Céilí Band
Dean Warner Piano Accordion
Deirdre Maher Fiddle
Martin O'Connell Button Accordion

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #368

RSS Feed (What is this?)

Keywords for This Entry

Fleadh, Competition, Solo, Trio, Céilí Band, Group, Harp, Accordion" title="Piano+Accordion">Piano Accordion, Button Accordion, Accordion, Fiddle, Uilleann Pipes, Reel, Hornpipe, Jig, ComhaltasLive