ComhaltasLive #354 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Clár #354

Time Segment
00:00 Fathach an bhainseó – Gerry O’Connor – deineadh an taifead seo de sa Chultúrlann i mB.Á.C. ar an 5ú Feabhra 2003. Casann sé dhá ríl – “Lapa an Ghiorria” agus “Chéad Ghlaoch na Cuaiche”. Ba é Seán Ryan (Fidléir) a chum an dara ríl. Shíolraigh an bheirt cheoltóír ón dúiche chéanna thart ar Aonach Urmhumhan i gCo. Thiobraid Árann.
01:56 I mí Feabhra na bliana 2003 in Inis, Co. an Chláir taifeadadh an ceol seo ó Tara Breen (fidil faoi-12) a bhí ina seaimpín uile-Éireann ag an am. Casann sí ríleanna a d’fhoghlaim sí ón a múinteoir – Máire Ó Caoimh.
04:44 Chas an grúpa - “Cruinniú” – ag Féile Bhliantúil ‘Cooley/Collins’ i nGort Inse Guaire i gCo. na Gaillimhe ar an 27/10/’07 agus seo cuid den ceol sin – trí phort – “Na Géanna sa Phortach”, “An Madadh Breac” (John McEvoy a chum) agus “An Doberman’s Wallet”. B’iad baill an ghrúpa - Jack Talty (pianó), Ann Marie Grogan (fliút), Caitlín Nic Gabhann (consairtín), Siobhán O’Donnell (bodhrán agus amhráin), Áine Bird (fidil) agus Damien O’Reilly (cairdín).
08:28 Rogha-bhoscadóir – Oliver Divinney ag casadh roinnt ríleanna ag Féile Cooley/Collins i nGort Inse Guaire i gCo. na Gaillimhe ar an 27/10/’07 - i measc na ríleanna a chas sé bhí “Lucy Campbell” agus “An Primrose Lass”. Is é Pádraig Ó Raghallaigh atá i mbun an tionlacain ar an bpianó.
12:32 Seo Banna Céilí Breifne as Cho. an Chábháin agus cornphíopa “Thomond Bridge” ar siúl acu – ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2005.
14:34 Chas Christine Mulcahy as Killeedy, Co. Luimnigh an ríl “The Belles of Tipperary” ar a bealach craobh na hÉireann a bhaint amach di féin i Leitir Cheanainn sa bhliaiin 2005. Is é Tony O’Rourke as Melbourne na hAstráile atá á tionlacan ar an ngiotár.
16:09 Taifeadadh triúr teagascóirí Scoil Éigse – Máire Nic Dhiarmada ‘s Louise Mulcahy (fliútanna) agus Mícheál Ó Ruanaigh (cláirseach) ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2005. I measc na ríleanna a chasadar bhí “Ríl Phatsy Tuohy” agus “An Mála Fataí”.
19:25 Seo é Darren Breslin, boscadóir críochnaithe, ag casadh dreas phoirt ag seisiún sráide ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Leitir Cheanainn sa bhliain 2005.

Download Audio

Date
21 July 2011
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Gerry O'Connor Banjo
Tara Breen Fiddle
Jack Talty Piano
Ann Marie Grogan Flute
Caitin Nic Gabhann Concertina
Siobhán O'Donnell Bodhrán
Oliver Divinney Accordion
The Breffni Céílí Band
Christine Mulcahy Concertina
Tony O'Rourke Guitar
Máíre Nic Dhiarmada Flute
Louise Mulcahy Flute
Mícheál Rooney Harp
Darren Breslin Accordion

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #354

RSS Feed (What is this?)