ComhaltasLive #371 (Clár Iomlán)



ComhaltasLive Clár #371.

Time Segment
00:00 Roinnt sleamhnáin á chasadh ag Bríd Murphy (fidil), Willie Larkin (cairdín) agus Kieran Flavin (bodhrán) i dTeampall an Ghleanntáin in Iarthar Luimní. Tá scéim nua foghlamtha ceoil curtha i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta ar an idirlíon ag Willie Larkin – Scéim Outreach na Scoileanna (CSO) – féach an suíomh www.schoolsoutreach.ie ar an idirlíon mar a bhfuil gach eolas le fáil. Dála an scéil, d’fhoghlam Kieran Flavin a chuid cheoil tríd an scéim chéanna. Tá craobh na hÉireann buaite ag Kieran faoi thrí ar an bhfeadóg ó shin. Moltar do gach duine a bhfuil suim aige sa scéim teagmháil a dhéanamh tríd an suíomh www.schoolsoutreach.ie.
02:08 Ag an ócáid chéanna i dTeampall an Ghleanntáin chas David Healy (bosca ceoil) agus Kieran Flavin (bodhrán) an dá ríl – “Ríl Tommy Coen” agus “Ríl an Ghualadóra” – 2ú Feabhra 2012.
04:38 Seo Mairéad Corridan, curadh uile-Éireann ar an gconsairtín, as Teampall an Ghleanntáin agus dhá ríl á chasadh aici – ”Caipín Hughie” (le Ed. Reavy) agus “Cailíní Bhaile an Mhistéala”. D’fhoghlam Mairéad a cuid cheoil tríd an scéim thuasluaite agus í ag freastail ar an mbunscoil i Mainistir na Féile. Tá an scéim seo ar fáil do scoileanna ar fud na tíre – dóibh siúd a bhfuil suim acu ann níl le déanaamh ach teagmháil a dhéanamh le www.schoolsoutreach.ie.
07:09 Seo ceol beirte le Patricia Wright (fidil) agus le Jacki Healy (fliút) as Teampaill an Ghleanntáin. Cornphíopa (le Paddy O’Brien) agus ríl ina dhiaidh sin atá á chasadh acu. Is baill iad i mBanna Céilí Theampaill an Ghleanntáin a bhuaigh craobh na hÉireann sa bhliain 2010 sa Chabhán.
10:01 Dhá phort dúbalta á chasadh ag John Forde, curadh uile-Éireann faoi-12 ar an gconsairtín. Seo duine eile a d’fhoghlaim a chuid cheoil tríd an scéim CSO a d’fhorbraigh Willie Larkin – féach an ríomhsheoladh www.schoolsoutreach.ie.
12:31 Taifeadadh an ceol seo in Ostán Devon i dTeampaill an Ghleanntáin ar an 2ú Feabhra 2012. Is iad David Healy (bosca ceoil) agus Kieran Flavin (feadóg mhór) na ceoltóirí agus casann siad na ríleanna “An Céacht agus na Réalta” agus “An French Canadian”. Deineann Tadhg Conway ón Tulach Mhór in Uíbh Fhailí tionlacan ar an mbodhrán.
15:00 Ag an ócáid chéanna chas Timmy Flaherty, curadh uile-Éireann ar an mbainseó (faoi 12) roinnt cheoil. Ba ó Willie Larkin agus ó Aisling Neville a d’fhoghlaim sé na tiúnanna.
17:27 Casann Jacki Healy, fliútadóir le Bhanna Céilí Theampaill an Ghleanntáin an fonn mall – “A Spailpín, a Rúin”.
20:03 Roinnt phoirt ó Claire Quinn (fidil) agus ó Phádraic Stapleton (fliút). Deineadh an taifead seo ag coirm cheoil speisialta ar an 29ú Eanair 2012 sa nGaelscoil in Aonach Urmhumhan mar ar cuireadh ceol na n-Óg chun chin tríd an Tipperary Youth Ensemble lenar oibrigh Claire Quinn agus Pádraic Stapleton go dian dícheallach á chur chun chin.

Download Audio

Date
24 February 2012
Created By
Willie Fogarty
Source
ComhaltasLive
Performers/Subjects Instruments
Bríd Murphy Fiddle
Willie Larkin Accordion
Kieran Flavin Bodhrán / Flute
David Healy Accordion
Mairéad Corridan Concertina
Patricia Wright Fiddle
Jackie Healy Flute
John Forde Banjo
Tadgh Conway Bodhrán
Timmy Flaherty Banjo
Claire Quinn Fiddle
Pauric Stapleton Flute

Creative Commons LicenseThis work is licensed under a Creative Commons Attribution-Noncommercial 2.5 License.

Programme: ComhaltasLive Clár #371

RSS Feed (What is this?)