Gaeilge Abú

Tá ár dteanga dhúchais ina bunchloch dár n-oidhreacht shaibhir chultúrtha. Oibríonn Comhaltas le raon leathan comhlachtaí chun an teanga a chur chun cinn agus spreagann sé a húsáid laethúil i ngníomhaíochtaí uile na gluaiseachta.

Cuireann imeachtaí agus gníomhaíochtaí an Chomhaltais timpeallacht dhearfach ar fáil d’úsáid na Gaeilge, is cuma cé chomh oilte is atá an cainteoir. Cabhraíonn sé seo le normalú úsáid na teanga sa ghnáthshaol laethúil agus spreagann sé daoine le dul i muinín na teanga de réir mar a chuireann siad in iúl iad féin níos mó trí mheán na Gaeilge. Chun níos mó a fháil amach faoin gcaoi a gcuireann Comhaltas an Ghaeilge chun cinn sa phobal íoslódáil an bhileog thíos a thugann breac-chuntas ar chuid dár bpríomhéachtaí.

“Is é an ceol cuisle agus croí ár gcultúr Ghaeligh agus is iad na ceoltóirí Gaelacha atá i gcroílár an chultúir sin. Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar thús cadhnaíochta i gceol agus cultúr na hÉireann le 70 bliain anuas.

Alan Esslemont, Príomhstiúrthóir TG4

Áirítear ar thionscnaimh an Chomhaltais a chuireann an teanga chun cinn rannpháirtíocht i Seachtain na Gaeilge, Seomraí agus Ionad na Gaeilge ag Fleadhanna Ceoil, Comhrá Gaeilge, Scéalaíocht, Amhránaíocht, Amhráin Nuachumtha, Ciorcail Cainte, Campaí Samhraidh chomh maith le comharthaíocht dhátheangach ag imeachtaí agus Ionaid uile an Chomhaltais.

Cuireann go leor craobhacha an Chomhaltais agus Ionaid Acmhainní Réigiúnacha ranganna Gaeilge ar fáil freisin a fhreastalaíonn ar ghlantosaitheoirí go dtí an ardleibhéal.

Cur chun cinn na Gaeilge

I measc na dtionscnamh a sheachadtar go bliantúil ar fud na heagraíochta chun an Ghaeilge a chur chun cinn tá; Ranganna Gaeilge, Ciorcail Cainte, Seachtain na Gaeilge, Ionad na Gaeilge ag na Fleadhanna Ceoil chomh maith le comórtais Comhrá Gaeilge, Scéalaíocht, Amhránaíocht agus Campaí Samhraidh.

Group of Children at a singing class

Comhrá Gaeilge

Cuireann go leor craobhacha an Chomhaltais ranganna Gaeilge ar fáil mar chuid dá gclár imeachtaí.

Comhaltas Gaeilge Abú logo

Coiste na Gaeilge

Ag an leibhéal náisiúnta tá Coiste na Gaeilge ag ceapadh polasaithe agus ag cur straitéisí i bhfeidhm chun foghlaim na Gaeilge agus úsáid níos leithne na Gaeilge a chur chun cinn agus a chumasú.

Cover page of a flyer detailing the impact Comhaltas has in promoting Irish in the community.

Focal ar Fhocal

Tacaíonn Comhaltas go gníomhach le húsáid na Gaeilge inár ngníomhaíochtaí uile.
Mar bheart praiticiúil agus gníomhach ina leith seo chuir Comhaltas clár úsáideach de bhlocanna tógála comhrá ar fáil – ar a dtugtar ‘Focal ar Fhocal’ – chun úsáid agus tuiscint na Gaeilge a spreagadh.

Cover of the Focal ar Fhocal Irish conversation booklet

Ionad na Gaeilge

Cuir ionad/seomra ar fáil ag an bhFleadh ina mbeadh taispeántas ar rudaí a bhaineann leis an nGaeilge. Cuir san áireamh: Sean fhocail; Stair na háite; Grianghraif ón tsean am; Scéalta agus dánta, Scéim “Focal ar Fhocal”; Taispeántas Leabhar Gaeilge; Logainmneacha a bhaineann leis an áit ina bhfuil an Fhleadh ar siúl; Bord a sholáthar do Chonradh na Gaeilge; Samplaí de acmhainn ó Fhoras na Gaeilge; Comórtas Crosfhocal agus duaiseanna a sholáthar; Teagmháil a dhéanamh le scoileanna maidir le Comórtas Comhrá ague eile.

Tuilleadh faoi Chomhaltas

Ár Stair

Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951 agus é mar chuspóir aige ár dtraidisiúin chultúrtha uathúla, de gach cineál, a choinneáil beo agus iad a thabhairt ar ais chuig áit fheiceálach i saol na hÉireann.

Ár Struchtúr

Mar eagraíocht chultúrtha a bhfuil baint ag na mílte duine ar fud na cruinne leis, tá Comhaltas tógtha ar struchtúr daonlathach a léiríonn nádúr deonach a bhallraíochta.