Bí i do bhall
Tagann leanaí, daoine óga agus daoine fásta chun bheith ina gcomhaltaí sa chraobh áitiúil.
Tá an pobal i gcroílár an Chomhaltais, agus tá craobhacha i gcroilár an phobail – ag tabhairt seisiúin, ranganna, ceolchoirmeacha, céilithe agus fleadhanna chuig a bpobail áitiúla, pé áit ar domhan ina bhfuil siad.
Foghlaim
Cuireann ár gcraobhacha agus ionaid réigiúnacha na céadta ranganna ar fáil gach seachtain in uirlisí traidisiúnta, amhránaíocht, rince agus an Ghaeilge.
Tá rud éigin ann do gach leibhéal agus spéis, do leanaí, do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.
Tá deiseanna ann freisin páirt a ghlacadh i gcomórtais, seisiúin, agus freastal ar scoileanna samhraidh.
Deonach
Is gluaiseacht dheonach pobalbhunaithe é Comhaltas a eagraítear ina chraobhacha áitiúla, áit a mbíonn formhór na ngníomhaíochtaí agus na ranganna ar siúl.
Tá deiseanna obair dheonach ar fáil freisin ag an iliomad Fleadhanna agus imeachtaí a bhíonn ar siúl ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.